An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis


← Siar
Ar aghaidh →

10

Caibidil

“‘Nár thrácht an árd-bhanaltra ar sin? Bhal, is truagh liom a rádh go bhfuil a chuid súile gortuighthe fosta. Is é sin an fáth a bhfuilimíd 'á choinneáil i seomra dorcha. Ach ná bíodh eagla ar bith ort. Tá mé cinnte, le h-aire mhaith agus faithchill, nach mbéidh meath ar bith ar a amharc, sin má - agus tá seo iongantach tábhachtach - má thig linn a choinneáil socair. Níl aon dath is measa dó ná dadaidh a intinn a chorrughadh. Anois, nídh nach iongnadh, níl fhios agam-sa goidé a bhfuil sé ag cainnt air ach comh luath géar a's bhí sé i ndon na focla a chur le chéile aréir bhí sé ag fiafruighe fá litir éigin a chuir sé chugat-sa. Caithfidh sé an litir sin a fhagháil. Caithfidh sé a fagháil ar an bhomaite. Ní rabh maith ar bith damh-sa a rádh leis an duine bhocht nach dtiocfadh leis a léigheadh - go mbéadh sí sábháilte go leór agat-sa go dtí go mbéadh biseach air. Ní rabh gar ann. Annsin d'iarr mé ar an árd-bhanaltra, nuair a bhí sí ag dul fá do choinne, bheith cinnte agus a innse duit, sa dóigh a dtiocfadh leat an litir a thabhairt leat. Tá sí agat, creidim.’”