“Rachaidh mise fá n-a dhéin," arsa Barnet. Le sin fágadh an cruitíneach leis féin. Sheas sé ar feadh tamaill agus gan bogadh as. Thoisigh sé a mhothachtáil a bhealaigh thart annsin, rud a rinne sé go fíor-ealadhanta. Bhí cuma air sa deireadh go rabh gach rud ar a shásamh. Tharraing sé chuige cathaoir annsin agus shúidh sé síos. Sa bhomaite chéadna sin d’fhosgail an doras agus tháinig Barnet isteach agus fear éigin ina dhiaidh a rabh cuma ait ar fad air. Fear giortach daingéán á bhí ann, agus culaith de éadach gharbh ghorm air; agus le linn é bheith ina sheasamh annsin ag méaradradh le n-a bhearad, agus ag coimheád go cineál crith-eaglach ar an chruitíneach; ní bhéadh Sherlock Holmes ar bith de dhíth le n-a cheárd a dhéanamh amach. Seóltóir a bhí ann, agus ba léir go rabh sé ag baint suilt as a sheal fá thír mar is gnáthach le n-a leithéid. Thuisligh sé rud beag nuair a thug sé cúpla coiscéim 'un tosaigh isteach 'un an tseomra, agus nuair a tháinig sé faoi an tsolus bhí colm mór sgrábach le feiceáil ar thaoibh amháin de n-a aghaidh.