L 194
Caibideal X
"Cogar, a Jim, nár chóir dúinn a bheith ag coradh an bhealaigh faoi seo?"
Bhí siad i ndhiaidh a bheith ag siubhal go tapaidh le ceathramhadh uaire ná níos mó, ach ní raibh cuma ar dhadaidh a bheith ar a dtóir go fóill. Cibé neach a chonnaic Jim Percy, ba léir nach bhfaca an neach sin iad-san. Le sin, nuair a thuig sé brígh na ceiste i gceart bhí Jim ar an daoraigh leis féin. Le ceathramhadh uaire roimhe sin bhí a intinn ró-thógtha le rudaí eile, agus ní thearn sé ach leanamhaint do Phercy. Anois chonnaic sé gur thogh Percy an casán contráilte. Ba cheart daobhtha bheith ag an choradh i bhfad roimhe seo.
“Tá an ceart agat, a Phercy," ar sé. "Táimíd ar chasán eile ar fad."
“Tá mé iongantach buadhartha, a mhic," arsa a chol ceathar go h-aithbhearach “Bhí mé fríd a chéile comh mór sin leis an rud a chonnaic mé go dtearn mé dearmad goidé bhí mé a dhéanamh."
“Tá oiread de'n locht orm féin agus tá ort-sa," arsa Jim. “Ach ní thig linn a dhul arais, agus ó thárla sin amhlaidh caithfimíd a dhul ar aghaidh linn. Bhéarfaidh sé amach ar an réidhteach sinn i n-áit éigin, creidim. Ach, ar an droch-uair ní fhuil mórán eile de sholus an lae fágtha." Bhuail siad leó ní ba ghaiste, agus i gcionn tamaill thoisigh Jim a dh'éirghe mí-suaimhneach. Thoisigh, na bhí an casán go síor ag iompódh taobh na laimhe deise, agus an talamh faoi chois ag éirghe i bhfad ní ba bhuige.
“Táimíd ag teacht i ngar don abhainn, a Phercy," ar sé. “Agus sin an áit dheireannach atá de dhíth orainn. Muna bhfaghaimíd casán éigin ag dul taobh na láimhe clí táimíd gaibhte."
L 195
le sin féin tháinig siad ar chros-chasán, agus mhachtnuigh Percy.
"Ciaca, a Jim?"
"An ceann clí, tá fhios agat go maith, ach faoi an Rí, cá bhfuil an bholadh bréan sin ag teacht as?"
Chuaidh siad ar aghaidh cúpla slat eile agus ba ghoirid go bhfuair siad sin amach. Bhí lochán mór dé uisge mharbh eadar an dá chasáin. Bhreathnuigh siad lochán go géar; agus, d’aindeóin go rabh an áit dorcha go maith, chonnaic siad na sgórtha crogall ma luighe ann gan bogadh asta, agus a gcuid soc míofar go díreach ar uachtar. Bhí tuilleadh aca ina luighe ar an laitheach fhliuch fá na bruacha, agus ceann amháin mór a rabh árd-áit aige dó féin ar stocán crainn a bhí leath faoi uisge.
"Nach míofar na brúide iad!” arsa Jim. “Caithfimíd a bheith níos comhgaraighe do'n abhamn ná shíl mé."
Thug cúpla coiscéim eile go dtí an abhainn iad. D’iompuigh an casán ó chlí go tobann ó'n bhruach, agus bhí siad go díreach ag coradh isteach air nuair a chuala siad gíosgar géar cruaidh. Le sin sheas siad a dh'éisteacht.
“Trup rámhaí," arsa Jim. “Féadaimíd a theacht ar rud éigin anois."
Ní rabh ach fás tanaidhe rosán eadar iad féin agus an t- uisge, agus d'amharc siad fríd go h-iongantach faithchilleach. Bhí an abhamn annsin ós a gcoinne. Ar thaoibh na láimhe deise bhí an lochán lobhtha a rabh na crogaill ann. Ach iad síneadh ’un tosaigh rud beag thiocfadh leó suas le leath-chéad slat de’n abhamn a fheiceáil síos uatha.
Le sin féin tháinig bád ar amharc; agus cé bhí ina shuidhe ina deireadh ach Don Miguel! Bhí fear ina shúidhe ag a thaoibh agus aghaidh mhór dhearg bhog air. Chuir Jim a chuid puisíní le cluais a chol ceathair.
“Bulaí Mac an tSaoir" ar sé i gcogar. “Badh í an soitheach s'aige-sean a bhí ann i ndiaidh an iomláin."
Do réir chosamhlachta bhí agallamh éigin ar siubhal aige
L 196
le Don Miguel agus sa deireadh chraith an duine sin a chuid guailneacha. Le sin thug an seóltóir órdughadh éigin, agus stad na fir de'n iomradh agus chuir Mac an tSaoir gob an bháid isteach i n-aice an bhruaich.
“Amach leat, a Mhr. Murdoch," ar sé, “agus dearc goidé bhfuil an áit cosamhail leis."
Bheir oifigeach a bhí ina shúidhe i dtosach an bháid, bheir sé ar roinnt géag ós a chionn agus tharraing sé é féin suas. Bhí sé ar an taoibh eile de'n lochán ó'n taoibh a rabh Jim agus Percy, ach thiocfadh leó a chulaith línéadaigh a fheiceáil.
“Tá casán buailte annseo," sgairt sé amach, “agus tá cuma air a bheith ag dul isteach 'un na foraoise. An rachaidh mé giota eile agus cuid dí a chuartughadh?"
“Téigh - ach ná téigh ar seachrán."
Ní mó ná go rabh an focal as a bhéal ag Mac an tSaoir nuair a tháinig béic sgeonamhail. Ní rabh ann ach go bhfaca siad cosamhlacht duine i h-éideadh gheal ag tuitim fríd an aer, agus annsin tháinig plob. Na crogaill nach rabh bogadh asta ní rabh siad amhlaidh níos fuide. Thoisigh cuid uisge an locháin a ghuairneán, agus strócadh an fear dona ina ghiotaí.
“Goidé tá cearr?" arsa Mac an tSaoir de sgairt. Bhog an bád ar shiubhal ó 'n bhruach agus thug cúpla buille suas an sruth é go dtí go rabh sé ós coinne an locháin.
“A Dhia mhóir na Glóire!" ar sé, “tá sé i ndiaidh tuitim isteach sa lochán mhalluighthe sin agus tá sé ag na crogaill. A phéiste Ifrinn," ar sé ag tógáil a ghunna agus 'á dhíriughadh ar an cheann mhór a bhí ar an chrann. Sgaoil sé fríd an tsúil é, agus le sin thuit an beitheadhach mór anonn ag greadadh go fíochmhar le n-a ruball agus chuaidh sé síos go tóin an uisge.
“Is é mholfainn-se teacht arais annseo ar maidin i mbárach," arsa Don Miguel, “ nuair a bhéas an lá uilig romhainn." D’aontuigh an fear eile le sin
L 197
Chor an bád thart annsin, agus ní rabh i bhfad eile go dteachaidh gíosgar na rámhaí i gcéin.
“Goidé thug ar an duine bhocht sin béic a chur as, a Phercy?" arsa Jim agus féachamt ait ina chuid súile.
“Dar Fiadh, a mhic, níl mórán nach ndéanfadh rud éigin le n-a dteangaidh, dá mothuigheadh siad iad féin i lochán lán crogall."
“Níl - ach ní dhéanfadh go mbéidís ann. Leig seisean béic sul a rabh fhios aige go rabh crogaill ar bith ann."
D’amharc Percy ar Jim.
“Tá tú ag déanamh. ..."
“Tá mé ag smaointeadh nach tuitim isteach a rinne sé ar chor ar bith. Caitheadh isteach é - sin nó dingeadh é. Agus badh é an rud a chonnaic sé an bomaite goirid sin a sgannruigh an croidhe as. Nach bhfaca tú féin an rosán ag bogadaigh ar an taoibh eile de'n abhainn mar bhéadh rud éigiii ag gluaiseacht fríd ag coinneáil suas leis an bhád Bhal, bhí rud éigin ar an taoibh seo comh maith."
“I ndiaidh bhunaidh Mhiguel."
“Sin go díreach é. Agus sin fáth amháin, ar chaoi ar bith, go bhféadaimíd-ne a bheith buidheach go dtáinig Don Miguel níos luaithe ná bhíomar ag dréim leis. Thóg siad aire na mbeitheadhach seo dínn. Munab é gur thóg, ní misde liom a innse duit go measaim nach mbéadh ach ró-bheagan de sheans againn teacht tharsta beó."
“Badh mhaith liom-sa cibé bhí sa rosán sin a fheiceáil sgaoilte."
“Badh mhaith agus liom-sa. Agus tchífidh i n-am - nó ceann cosamhail leis. Ach ní fheicfidh an chuairt seo, a Phercy."
“Tá tú ag teacht arais?"
“Tá, cinnte. Comh luath agus bhéas Judy slán ar a bealach go Sasain pillfidh mise go dtí an áit seo."
“Agus goidé fá’n bhaicle eile?"
“Nil an léar-sgáil aca, agus má thig linne imtheacht
L 198
anocht béidh ár mbuille bhuailte againn ortha. Rud eile de, ó thárla gur buidhean dágó bunadhas a bhfuil ar an fhoirinn, dhéanfaidh tubaiste léanmhar nó beirt mar chonnacamar anocht cúis leis an ghiodal a bhaint asta-san. Ach buailimís ar aghaidh."
Chor siad thart an casán suas bealach na h-abhna, agus chonnaic siad nach dteachaidh sé i bhfad gur fhág sé an bruach agus gur iompuigh sé arais bealach na foraoise. Níor mhór daobhtha úsáid mhaith a dhéanamh de'n am anois. Ní rabh fágtha, ar an chuid ba mhó, ach leath-uair amháin de sholus an lae. Bhí an casán amach agus isteach, agus amach agus isteach leis, agus tharraing Jim a anál go sásta nuair a d'amharc sé ar a chompás: bhí siad ar a mbealach go dtí an réidhteach. Ach bhí dhá mhíle ar a laighead le siubal aca go fóill, agus an casán ag éirghe ní ba mheasa. Rian a bhí ann, do réir chosamhlachta, nach mbíodh siubhal mór air de ghnáth. Bhí an fáslach ina ghréasán trasna an talaimh a mb’éigean daobhtha a mbealach a dhéanamh fríd. Bhí sé chomhair a bheith ina chlap-sholus nuair a mhothuigh siad an chéad chuid de bholadh an tseasgainn ina ngaothsán.
Chonnaic siad ós a gcoinne amach é sa deireadh, agus bhí dreach imnidheach ar Jim. Bhí ceó éadtrom bán ag éirghe cheana féin, agus ba ró-mhaith a thuig sé an chontabhairt mhór a bhí ar a chúl. Sa tsiubhal a bhí rompa d'fhéadfadh coiscéim seachránach amháin a bhfágáil i mbéal an bháis sa bhogach ghlas, agus dhéanfadh sé a gcás dhá uair comh deacair an ceó bheith ós a gcoinne comh maith leis an dorchadas. Bhí sé ag smaointeadh ciaca b'fheárr daobhtha an oidhche a chaitheamh san áit a rabh siad agus fanacht leis an lá, agus le sin chonnaic siad solais luinge ag teacht amach go mall ó’n taoibh eile de'n chnoc a bhí eadar iad féin agus an spéir dhorcha.
“Soitheach Don Miguel," ar sé. “Goidé an donas atá seisean a dhéanamh annseo? Ní thaitneann an rud liom ar chor ar bith, a Phercy. An t-am sm a chualamar
L 199
an adharc bhí sé ar an taoibh ó dheas dínn. Goidé tá ghá thabhairt thart anois go dtí an taobh thuaidh de'n oileán?"
“Creidim gur i n-ár ndiaidh-ne atá sé," arsa a chol ceathar.
“Sin go díreach é," arsa Jim. “Agus ní thig leó gan a theacht orainn."
“Ní fheicim féin goidé an dochar a thig leó a dhéanamh," Arsa Percy. ‘Creidim go bhfuil siad rud beag aingidhe fá'n léar-sgáil, ach ó thárla agat-sa in do phóca í, ní misde mórán fá sin."
“Go h-Ifreann leis an léar-sgáil. Thig leó sin a bheith aca. Is ar Judy atá mé ag smaointeadh."
“Cinnte ní bhainfidís léitheise."
“Ar bhonn shé bpighne mhuirbhfeadh an cruitíneach malluighthe sin an mháthair a thóg é," arsa Jim. Cinnte, bhí Bilí annsin. Ach is cuma. Caithfimíd-ne bualadh linn. Creidim go dteachaidh buidhean amháin a chuartughadh na h-abhna, fhad a's bhí Dresler ag dul thart ghár gcuartughadh-ne. Soisg! Goidé sin?"
Chuala siad go géar glan fríd an aer chiúin blosg cruaidh raidhfil. Sheas siad ar an bhomaite, agus le sin mhothuigh Jim féin an ghruag ag éirghe ina seasamh ar a cheann. Bhí gach aon bhéic dhearg ag teacht, béice uathbhásacha, agus annsin mar buailfeá do dhá bhois ar a chéile d’éirigh gach rud ciúin socair arís.
D'amharc siad amach rompa, ach níor léir daobhtha dadaidh sa mharbh-sholus.
“Go dtugaidh Dia féin dó nach é Bilí a bhí ann ag teacht dár gcuartughadh," arsa á Jim .
“Goidé bhí ann?" d'fhiafruigh a chol ceathar.
“Fear a bhí ann," arsa Jim go dubhlaitheach. “Níor mhaith liom a rádh goidé tá ann anois."
“Duine éigin a thuit isteach sa bhogach, b'fhéidir."
“B'fhéidir. Ach ní sgaoileann tú do ghunna le portach.
L 200
Mar dubhairt mé cheana, go dtugaidh Dia dó nach é Bilí a bhí ann."
“Níorbh' eagal dó Judy a fhágáil."
“Tá fhios agam sm. Ach cuir i gcás gur fhág Judy eisean?”
Rinne sé comhartha leis an tsoitheach a bhí díreach ós a gcoinne anois.
“Sin é an rud a bhfuil an eagla orm-sa roimhe, a Phercy."
“Tá eagla ort go bhféadfadh sí a bheith gaibhte aca.”
“Tá. Mar gheall ar tabhairt orainne an léar-sgáil a thabhairt daobhtha. Agus annsm thiocfadh Bilí i n-ár n-aircis."
“Níorbh’ eagal dó-san leigint daobhtha a tabhairt ar shiubhal."
“Ach goidé mar thiocfadh leis a gcosg? Sgaoilfeadh sé le rud ar bith a tchífeadh sé ag teacht ó thír, ach ní thiocfadh leis lan bháid fear a chaitheamh. Damnughadh air, a dhuine! munab é Bilí atá ann, cé thig a bheith ann?"
“Measann tú go dtáinig ceann de na rudaí seo air?"
“Measaim,” arsa Jim go dubhlaitheach. “Sgaoil an duine bocht a ghunna agus d'fheall an t-urchar air. Agus is é tá le coimheád againne anois gan an rud céadna d’éirghe dúinn féin. B'fhéidir nach dtáinig sé air ach de thaisme- sin nó bh'fhéidir go mbíonn forairí amuigh aca le linn na h-oídhche."
Bhuail siad ar aghaidh comh tiugh géar a’s leigfeadh an eagla daobhtha. Go h-ádhmhail ní rabh an ceó ag éirghe dadaidh ní ba truime, ach chomhair a bheith nach rabh solus ar bith fágtha. Bhí sé suas le cúig bhomaite i ndiaidh iad an t-urchar a chluinstin nuair a chuaidh Jim thart le tom, agus le sin stad sé go tobann agus a lámh amuigh aige ag bagairt ar Phercy a bheith ar a choimheád.
“Dearc ar sin," ar sé nuair a tháinig Percy fhad leis. “Seo an áit ar thárla sé."
L 201
Bhí an fáslach uilig briste buailte, agus gach cuma ar an áit go rabh dian-chomhrac ann. Ach ní rabh aon duine de na trodaidhthe le feiceáil. D’éist siad go díthcheallach. Ní rabh bogadh san fhoraois. Sa deireadh shnámh Jim 'un tosaigh go faithchilleach.
be sm féin tháinig a chos ar rud éigin cruaidh. Sheas sé agus thóg sé - thóg, agus an dara bomaite bhí sé ag strócadh mionna mór ar theann a dhíthchill.
“Mo ghunna, a Phercy," ar sé. “An gunna a thug mé do Bhilí."
Tháinig racht millteanach feirge air.
“Dar Dia!" ar sé, “béidh aithreachas ar na diabhail seo as seo - cibé iad féin. Ach mé Judy a fhagháil ar shiubhal slán, tiocfaidh mé arais annseo le buidhean cheart nó go sgriosaidh mé an t-iomlán amach as an áit. Goidé tá cearr?"
Chrom a chol ceathar síos agus bhí sé ag coimheád ar rud éigin ar an talamh.
“Hata atá ann, a Jim,” ar sé. “Agus ní le Bilí é."
“Goidé sin? Taisbeáin damh é."
Thóg sé suas an hata. Bhí sé fliuch. Agus nuair a d'amharc sé ar a chuid méar chonnaic sé go rabh siad dearg. D’amharc sé ar an taoibh istigh de, agus le sin tháinig samhnas air nach dtiocfadh leis a chosg, agus chaith sé i bhfad amach ar an bhogach é. Nó cibé duine ar leis é briseadh blaosg a chloigne ina smionagar.
“An duine bocht!" ar sé. “Tá tú cinnte nach é seo hata Bhilí, a Phercy?"
“Tá, fír-chinnte."
“Ach goidé mar a thárla mo ghunna-sa a bheith annseo, mar sin?"
Ach níor dhubhairt a chol ceathar dadaidh. Bhí sé ina sheasamh ag taoibh crainn mhóir a bhí ag fás ar thaoibh amháin de'n chasarnach.
L 202
“A Jim," ar sé go briotach, “tá an crann seo uilig fliuch."
Badh fhíor dó. Bhí, agus ar feadh bomaite sheas Jim ’á choimheád go díichreidmheach. Dar leis féin ar tús gur le smaichtín éigin a rinneadh an gníomh nó b'fhéidir le bun an ghunna. Ach bhí a mhalairt de sgéal san fhuil a bhí ar an chrann, sgéal chomhair a bheith nach dtiocfadh a chreidbheáil. Nó thaisbeáin an fhuil sin gurbh' é an dóigh ar marbhadh an fear gur buaileadh a chloigeann ar bhun an chrainn; agus bhí sé as cuimse an neart a bhéadh de dhíth le n-a leithéid a dhéanamh. Dar leis go rabh sé ag amharc ar an rud a thárla. An fear bocht ag dul i sgaoll; é ag scaoileadh an urchair; cibé brúid a bhí ann ag breith air agus ghá mharbhadh agus ag caitheamh a chuirp sa bhogach.
Ach cé bhí ann? Cinnte ní thabhairfeadh Bilí an t-aon raidhfeal amháin a bhí aca do dhuine ar bith dá dheóin. Mar sm de, goidé thárla ar an bhád?
Bhí an fhoraois ciúm uaigneach agus iad ag toiseacht arís. Taobh istigh de uair a' chluig ina dhiaidh sin chuala siad dhá uair i bhfad uatha búirfe ait gonncach agus tugadh freagra air as trí nó ceathair de áiteacha, rud a thaisbeáin go rabh na diabhail ag cuartughadh. Ach bhí an t-ádh ortha. Ní rabh dadaidh maith ná olc ar an chasán thart le h-imeall an bhogaigh. Fuair siad a fhágáil ina ndiaidh fá dheireadh, agus annsin bhí gléas ortha siubhal ní ba ghaiste nuair a thoisigh siad a thógáil an chnuic.
Shroich siad an bárr. Shíos fútha bhí muineál na mara dubh dorcha. Ní rabh solus ar bith le feiceáil an áit a rabh a mbád féin ar ancoire. Chuir sin imnidhe mhór ortha agus eadar bheith ina rith agus ag sleamhnughadh bhain siad síos an tráigh amach. Bhí a mbád beag annsin go fóill, an áit ar fhág siad í, agus bhí siad go díreach 'á cur ar an tsnámh nuair tháinig cloch mhór ag rothladh anuas an cnoc nó gur thuit sí san uisge fá chúpla slat daobhtha.
Sheas Jim bomaite, ag stánughadh suas ar íoghar na
L 203
spéire ar a gcúl. An iad féin a sgaoil í ar a mbealach anuas nó an rud éigin eile a bhog í? Ach níor léir dó dadaidh. Le sin léim siad isteach sa choite, agus d'iomair siad go téirimeach go dtí an bád.
“A Bhilí," sgairt sé. “An bhfuil tú annsin?"
Ach ní bhfuair sé freagra ar bith. Le sin d'fhág sé Percy leis an choite a cheangal, agus tharraing sé é féin ar bórd.
“A Bhilí," sgairt sé arís. “A Judy. Cá bhfuil sibh?"
Ar a rádh seo dó thug sé rása isteach sa phromh-seomra bheag - agus fuair sé freagra fosta.
“Fáilte romhat, a Mhr. Maitland, a chara," arsa guth a d’aithin sé go maith. “Muna misde damh a rádh, tá tú rud beag níos moille ná shíl mé a bhéitheá."
Las sé an lampa. Cé bhí ina shuidhe annsin ag an tábla agus aoibh urchóideach air ach an cruitíneach?
“A dhiabhail bhig Ifrinn," arsa Tim. “Goidé tá tú i ndiaidh a dhéanamh le Miss Draycott?"
Thóg an fear caoch a lámh go h-aillseach.
“Anois, a Mhr. Maitland," ar sé, “tá an áit seo cineál cumhang. Ar misde damh iarraidh ort labhairt níos ísle?"
“Cá bhfuil Miss Draycott, a Dresler?" arsa Jim, agus obair mhór a bhí ann dó a racht a choinneáil istigh. “Na deirim leat má thárla dadaidh dithe-se, go mbainfidh mé an inchinn asat gais smaointeadh ath-uair air."
“Tá sé iongantach," ars' an fear eile, “comh maith agus thomhais mé goidé déarfá. Dubhairt mé le Monty- tá aithne agat ar Sir Montague Barnet, creidim - dubhairt mé leis nuair a bhí sé ag dul fá thír go rabh mé cinnte go n-abróchthá rud éigin mar sin."
Thug Jim a shúil thart ar Phercy a bhí go díreach i ndiaidh a theacht isteach ar dhoras an phroinn-seomra.
“Agus chuaidh Barnet i dtír, an dteachaidh? ó seo?"
L 204
“'Seadh. Shíl mé go mb'fhéidir go gcasfaí ort é. Ach is cuma. Béidh sé arais roimh i bhfad."
“An misde damh a fhiafruighe an rabh hata de dhéanamh Homburg air?"
“Anois, a dhuine chroidhe, tá fhios agat féin nach bhfuil amharc na súl agam. Tá eagla orm nár chuir mé ceist air. Ach má chonnaic tú fear a rabh hata de'n chineál sin air Monty a b'éigean a bheith ann.”
“Ní fhaca," arsa Jim go tur. “Ní fhaca mé ach an hata.”
“Tá tú doithuigthe in do chuid cainnte," ars’ an cruitíneach.
“Míneóchthar duit í roimh i bhfad,” arsa Jim. “Ach fá Mhiss Draycott. Creidim go bhfuil sí ar an tsoitheach s’ agaibh-se?”
“Tá. Sin é an áit a bhfuil sí féin agus an rí- choimheádaidhe sin a d’fhág tú léithe, fear nach bhfuil fhios agam a ainm. Bhí sé iongantach mí-stiúrtha, agus b’éigean a bhualadh i mullach na cloigne le bior rópa, ach ní dóigh liom go bhfuil sé i gcontabhairt ar bith báis.”
“Agus goidé tá faoi an fhuadach seo agat?"
“A dhume chroidhe, cuireann tú iongantas orm. Tá fhios agat comh maith a’s tá fhios agam féin. Cogar anois cá bhfuil an léar-sgáil cheart?"
“Tá, in mo phóca," arsa Jim.
“Go maith. Agus ó thárla ag cainnt ar sin mé, traosluighim do bheart leat, a Mhr. Maitland. Thaitin sé go mór liom nuair a thuig mé as cuid mionnaí móra mhonty goidé mar bhí."
“Druid do bhéal," arsa Jim go goirid. “Creidim go bhfuil sí de dhíth ort ? "
“Tá, tá gan amhras. Bhí eagla orm go mb'fhéidir go mbéitheá cineál cadránta, agus ar shéala a bheith faithchilleach thug mé ar shiubhal an cailín. Tá sí sábháilte go leór fá láthair, agus lóistín i bhfad níos sócamhlaighe aici. Ach ní
L 205
gádh damh innse duit, creidim, gur fear mo chara Don Miguel a bhfuil fhios aige goide rud cailín deas, agus nach bhfuil a chliú comh maith b'fhéidir a's ba chóir. Mar sin de is é mo chomhairle duit gan aon chleas níos mó a imirt an iarraidh seo, leis an léar-sgáil, ná liom-sa. Na má imreann ní thig liom a gheallamhain go mbéidh Miss Draycott sábháilte níos fuide."
“Agus goidé mholfá?" arsa Jim.
“Is furas sin a innse. Comh luath a’s thiocfas Monty arais, cuirfidh tú an t-inneall a dh’obair agus bhéarfaidh tú do bhád thart go dtí an taobh eile de'n oileán an áit a bhfuil an soitheach s'againne ar ancoire fá láthair. Rachaimíd uilig ar bórd annsin, agus nuair a bhéimíd sásta gurab é an léar-sgáil an ceann ceart-bhal, ar mo thaoibh féin de, a Mhr. Maitland, thig leat a dhul go h-Ifreann, má’s mian leat.”
“Tchím, leóga," arsa Jim ag gáiridhe. “Tá sé iongantach an dóigh a dtéigheann tú i gcomhnuidhe 'un sioparnaigh in do chuid beart, nach bhfuil, a Mhr. Dresler?"
“Goidé an dóigh?" ars’ an fear caoch go suaimhneach.
“Tá, má fhanaimid-ne annseo go dtigidh Barnet arais, béidh fuireachas fada orainn. Rud gan chéill a bhí ann dó a dhul i dtír leis féin,”
“Ar mharbh tú é?" ars’ an fear caoch go fiú ní ba shúaimhnighe.
“Níor mharbh; ach tá sé marbh. Áit ait an t-oileán seo, a chara, agus má ghlacann tusa mo chomhairle-se dhéanfaidh tú an rud céadna atá mise ag dul a dhéanamh - fuígfidh tú é."
“Goidé mar fuair Barnet bás?"
“Má tá fios de dhíth ort, baineadh an inchinn as i n-eadan crainn."
“Cé bhain an inchinn as?"
“Dá n-abra ‘goidé' níl fhios agam nach mbéitheá níos comhgaraighe dó."
L 206
“Ní chreidim focal uait," ars' an fear eile go drannach. “Mharbh tú féin é, siocair go bhfuair sé an ciste. D'innis sé damh go rabh tuairim aige go bhféadfadh sé theacht air."
“Leis an léar-sgáil a bhí aige?"
“'Seadh. Féadaidh tusa a bheith glic, a Mhr. Maitland, ach ní amadán gach duine eile. D'athruigh tú áit an chnuic agus an chrainn, ach bhí an sgríbhinn ag bhun mar an gcéadna." “Amach ó’n ghiota bheag de'n chúinne clí a bhí caillte," arsa Jim.
“Chaithfeadh sin a bheith thoir nó thiar," ars’ an cruitíneach go searbh.
“Thiar a bhí sé de cheart. Fuair mise é an oidhche sin a bhí an comhrádh beag againn m do theach i Hampstead. Tá eagla orm go mb'éigean do Bharnet a shílstean gur thoir a bhí sé. B'fhéidir go míneóchadh sin cad chuige a bhfuaramar a hata san áit a bhfuair."
“A hata! Cá rabh Barnet é féin?"
“Do réir mar chonnaiceamar caitheadh a chorp isteach sa bhogach. Ní rabh sé le fagháil shíos ná shuas."
“Sgéal breágh, a Mhr. Maitland. Tá tú ag innse damh-sa gur bhaineadh an inchinn as fear comh mór trom le Bharnet i n-éadan crainn, agus ag dréim go gcreidfidh mé thú."
“Is cuma damh-sa ciaca chreidfidh tú mé ná nach gcreidfidh," arsa Jim go fuar. “Tá mé buadhartha gur tugadh an bhail ar an duine bhocht a tugadh, ach ní fear a bhí ann a
rabh taitneamh mór agam ar a dhóigh; agus, mar sin, níl mé ag dul a chaoineadh ina dhiaidh."
“Ná bí ró-chinnte de sin," ars' an fear eile go ceóchánach. “Chuirfinn-se i gcuimhne duit go bhfuil dhá fhichid againne ós bhur gcoinne-se."
"An bhfuil tú ag brath tabhairt orm-sa agus ar Phercy an clár a shiubhal?" arsa Jim ag gáiridhe. “Seo, seo anois, a Dresler - ní dóigh liom go bhfuil do shean-inchinn-se
L 207
ag déanamh go maith ar chor ar bith. An measann tú in do chroidhe go bhfuil mise ag dul a shiubhal isteach mar sin i mbrocais na leomhan, agus mé féin a thabhairt suas ceangailte eadar chos agus lámh do choingir dhamanta cosamhail libh-se?"
“Goidé fá Mhiss Draycott, muna dtugaidh?"
“Téigh giota beag eile, a chara. Goidé fá dtaobh díot-sa? Tá cuma ort go bhfuil tú ag déanamh dearmaid go bhfuilimíd ar choimh-chéim. Go dtí go dtugtar Miss Draycott agus Bilí Blackett suas damh-sa slán sábháilte, fanóchaidh tusa annseo. Ní bhfuighidh tú greim orm-sa i mbád rámhaí agus má fhéachann do chara, Don Miguel, le sucadh de'n tsoitheach a thabhairt dúinn, crochfaidh mise thusa ar thaoibh an bháid le h-ár gcosaint air."
Bhí an cruitíneach ina thost ar feadh tamaill. Annsin chraith sé a chuid guailneacha.
“Níl fáth ar bith dúinn ár stuaim a chailleadh, a Mhr. Maitland, an bhfuil anois? Tá mise cinnte go bhfuighthear gach rud a shocrughadh go carthannach."
“Bhal, bí cinnte," arsa Jim. “Ach is é bhfuil mise cinnte de, má loiteadh oiread agus ribe gruaige ar cheann Mhiss Draycott, béidh tusa ag guidhe leis an bhás do fhuasgladh sul a rabh mé réidh leat. Agus béidh sé comh maith agat sin a chur i dtuigse do do cháirde nuair a rachaimíd fhad leó ar maidin i mbárach."
“Ach cad chuige ar maidin i mbárach? Cad chuige nach rachaimís anocht?"
“Sin an dara áit a bhfuil tú cearr, a Dresler. Tá bealach na sceallag annseo contabhairteach go leór nuair atá solus an lae ann. Ach maidin le dhul fríd sa dorchadas, níorbh’ fhéidir é."
“Is agat-sa tá fhios," ars' an cruitíneach go mí-shuaimhneach. “B'fheárr liom-sa dul go dtí an soitheach anocht."
D'amharc Jim air go dubhrúnta.
L 208
“Cinnte ní shíleann tú gur le fonn atá mise ag fanacht annseo, an síleann, a chneamhaire bhig? Ach nuair adeirim- sa nach féidir é, is ionann sin agus nach féidir. Ní bhéadh seans amháin i míle againn dul 'un na fairrge gan an tón a bhaint as an bhád. Agus d'aindeóin nach mbéadh dadaidh ina éadan agam tusa tú féin a bháitheadh, tá cuid mhór ina éadan agam an bád a chailleadh agus fiachadh do bheith orm Miss Draycott a fhágáil ar an tsoitheach."
Chraith an cruitíneach a chuid guailneacha arís.
"Tá go maith, a Mhr. Maitland. Mar dubhairt mé cheana, is agat-sa tá fhios. Ar mhisde damh a fhiafruighe goidé an t-am é anois?" “An deich a chlog," arsa Jim go tur. “Béidh sé an sé ar maidin sul a dtoisighimíd."
Le sin thoisigh sé a shiubhal suas agus anuas agus ar croidhe dá chrádhadh ann. Chomhair a bheith gur chuir sé as a chéill é smaointeadh ar Judy bheag bheith léithe féin ar an tsoitheach agus Bhilí, b'fhéidir, gan mheabhair go fóill. Ach ní rabh dadaidh a thiocfadh leis a dhéanamh. Ní bhéadh ann ach baoth- dhánacht féacháil leis an bhád a thabhairt 'un na fairrge.
"Bhal, ó thárla an fad sin ama romhainn," ars' an cruitíneach, ag cur isteach ar a chuid smaointe, “b'fhéidir nar mhisde dúinn malairt tuairimí a thábhairt dá chéile ar an ghnoithe a thug annseo sinn araon. An rabh ádh ar bith ort ag cuartughadh an chiste, a Mhr. Maitland?"
“Ní rabh," arsa Jim go tur. “An t-aon ádh amháin a bhí ar mo chol ceathar agus orm féin go bhfuaireamar imtheacht beó ó'n oileán indiu!"
“An dáiríribh atá tú? " ars’ an fear eile ag gáiridhe go dí-chreidmheach.
"D’innis mé duit cheana féin goidé d'éirigh de Bharnet," arsa Jim. “Agus, mar dubhairt tú féin, fear mór trom a bhí ann.”
Rinne Dresler gáire eile.
“Tuigim go maith, nídh nach iongnadh, an fonn atá ort
L 209
eólas na h-áite do choinneáil agat féin," ar sé. Ach tá eagla orm go gcaithfidh tú smaointeadh ar chleas níos feárr ná sin, a Mhr. Maitland."
“Cogar, a Dresler," arsa Jim go tuirseamhail, “tá mé ag éirghe cineál tuirseach de do chuid cainnte ar an dóigh seo. Goidé an ócáid is dóigh leat atá agam a bheith ag innse bhréag fá rud a thig a chruthughadh nó a bhréag- nughadh go furas? Ach is cuma. Thig leat a dhul anois go dtí seomra Bhlackett, agus bhéarfaidh mé trasna thú ar maidin. Taisbeáin an bealach dó, a Phercy."
D'éirigh an cruitíneach, agus sheas sé bomaite nó dhó i lár an phroinn-seomra. Bhí Jim ag cuartughadh an uisge bheatha sa phrios, agus bhí percy ag deargadh toitín. Agus mar sin de ní rabh aon duine le aghaidh a thabhairt fá dear a nocht go tobann ag an fhuinneóig spéire, aghaidh agus péire de shúile brúidheamhla ag coimheád go díthcheallach ar chrot ghiortach mhío-chumtha an fhir chaoich. Tháinig iongantas san fhéachaint a bhí ionnta i ndiaidh an dí-chreidimh: i ndiaidh an iongantais tháinig féachaint thnúthach ainmhianach. Annsin nuair a thóg Jim a cheann d’imthigh an aghaidh go tapaidh.
“Oidhche mhaith duit,” ars' an cruitíneach nuair a fuair Percy greim sgiatháin air.
“Eadar leath i ndiaidh an cúig agus an sé a chlog," arsa Jim go tur.
“Béidh mise réidh," ars' an fear eile.
“Táimíd i gcruadh-chás aca, a Phercy," arsa Jim, nuair a tháinig a chol ceathar arais. “Thig le duine ar bith a bhfuil a chéadfaidhe aige sin a fheiceáil." “Ní dóigh leat go ndéanfaidh siad dochar ar bith do Judy, an dóigh?"
“Ní dhéanfaidh," arsa Jim go smaointeach. “Ní dhéanfaidh anocht ar chaoi ar bith. Níl de dhíth ortha ach an léar-sgáil cheart a fhagháil. Agus ní h-eagal daobhtha dadaidh a dhéanamh a mhillfeadh a seans ain sin. Ach
L 110
caithfimíd-ne an léar-sgáil a thabhairt daobhtha. Caithfimíd Judy a fhagháil uatha, agus ní leigfidh siad linn í gan an léar-sgáil d’fhagháil. Is mór an truaighe, ach níl neart air."
“Bhí rún agat a theacht arais annseo?"
“Bhí, cinnte. Uair amháin a bhéadh Judy slán i Rio againn, thiocfadh linn long cheart a fhagháil agus buidhean armtha. Agus, muna bhfuighimís aon chiste féin, bhéadh neart spóirt againn. Ach anois béidh fhios ag an chneamhaire sin Miguel oiread linn féin. Níl ann ach seans ciaca shocróchaidh sé dhul ar aghaidh leis anois ná nach socróchaidh, nuair a gheobhaidh sé amach nach bhfuil comhnuidhe ar bith ar an oileán. Agus má's amhlaidh nach dtéigheann, smaointeóchadh sé ar an rud chéadna a bhfuil mise ag smaointeadh air. Smaointeóchaidh sé ar a dhul arais agus é féin a ghléasadh níos feárr. Agus sin an áit a bhfuighidh sé buaidh orainne. Tá soitheach réidh aige-san; ach níl againne."
D’éirigh sé ina sheasamh agus shín sé é féin.
“Bhal, is cuma. Ní misde fá dhadaidh anois ach Judy a fhagháil as a ngreim slán. 'Seadh: goidé an donas atá de dhíth ort-sa?"
D'iompuigh sé thart agus stánuigh sé ar an chruitíneach a bhí ina sheasamh i lár an dorais. Bhí a aghaidh comh bán le páipeár agus é uilig ar crioth.
“An ceachtar agaibh-se," ar sé go briotach, “a chuir a lámh thar mo aghaidh?"
“Níorbh' eadh. Goidé thárla?"
“Leagadh lámh orm - lámh mhór fhionnadhach. Thiocfadh liom na méara a mhothachtáil ag teannadh orm go bog."
“Fan annseo," arsa áim. “Faigh do ghunna, a Phercy, agus tar liom-sa."
Bheir sé ar a ghunna póca féin agus d'imthigh sé síos an pasáiste go dtí na seomraí,
“An bhfuil solus istigh? " d'fhiafruigh sé. L 211
“Níl," arsa Percy. “Níor bhac mé le solus ó thárla é dall.”
“Siubhail leat arais agus faigh mo thóirse-se. Tá sé sa chóifrín bheag.” be sin féin d'árduigh a ghuth nó gur leig sé sgread. “A Dhia! dearc ar sin.”
D’fhág siad an cruitíneach ina ndiaidh ina sheasamh i lár an phroinn-seomra. Bhí sé annsin go fóill, ach go díreach ós a chionn bhí dhá láimh mhóra bhuidhe, agus le linn iad a bheith ag coimheád, shín na lámha anuas agus fuair siad greim sgeadamáin air. Annsin tarraingeadh suas é, os coinne a súl, agus é ag sgreadaigh mar bhéadh muc ann, nó go dteachaidh sé as amharc.
Ar feadh bomaite nó dhó sheas siad annsin gan bogadh asta, mar bhéidís greamuighthe do'n urlár. Le sin thug siad araon rúide arais go dtí an proinn-seomra. Bhí an fhuinneóg spéire fosgailte. Tógadh amach fríthe é. Thiocfadh leó a chluinstin ag sgreadaigh go fóill, agus annsin chuala siad plob trom, agus annsin d'éirigh gach rud ciúin.
“An coite," arsa Jim de sgairt. “Tabhair thart go dtí an taobh í go bhfaghaidh mise an raidhreal.”
Léim siad isteach sa bhád bheag agus d'iomair siad go téirimeach go dtí an cósta. Cheangail siad an coite annsin agus sheas siad a dh’éisteacht. Ach ní rabh fuaim ar bith, ach dórdán uaigneach na dtonn ar na creagacha. Annsin as áit éigin giota ar shiubhal thoisigh sgreadach léanmhar an chruitínigh arís. Rith siad ar aghaidh bealach an chladaigh ach d'éirigh an sgreadach ní ba laige agus ní ba laige. Tháinig roinnt cloch ag rothladh anuas ag a dtaoibh. Bhí an t-uath ag dul suas an cnoc. Ní rabh i bhfad eile gur éirigh gach rud ciúin socair arís.
Rinne siad a mbealach arais go mall go dtí an coite. Níor chabhair ar bith daobhtha smaointeadh ar a leanstan. Dá mbíodh solus an lae aige ní bhéadh Jim i bhfad ag sgaoileadh leis, agus ní bhéadh eagla air go leigfeadh a shúil ghéar dó Dresler a bhualadh. Ach ní thiocfadh leis
L 212
dadaidh a dhéanamh sa dorchadas.
“Tá seo thar a bheith ina ghreann,” ar sé go suaimhneach agus iad ag iomradh arais. “Ní h-é nar chuma liom sa diabhal goidé éireóchas de'n bhrúid bheag sin, ach tá sé ag dul ár bhfágáil-ne i gcruadh-chás."
“Goidé an dóigh?" arsa a chol ceathar.
“Badh eisean ár mbannaí ar Judy. Agus anois caithfimíd féin aghaidh a thabhairt ar an tsoitheach ar maidin mbárach gan eisean ná Barnet. Tá fhios agam go maith nach gcreidfidh siad sinn. Damnughadh air! a Phercy, ní chreidfinn féin é, munab é go bhfaca mé é le mo dhá shúil."
Cheangail siad an bád agus chuadar ar bórd. An bomaite céadna sin d’éirigh an ghealach ó chúl an chnuic. D'éirigh, agus eadar iad féin agus líne na spéire bhí crothaidheacht mhillteanach ina seasamh suas. D'árduigh linn a ghunna ar an bhomaite. Ach d'ísligh sé arís é.
“Tá sé ró-fhada aige le h-iomchar," ar sé go buadhartha. Ach dearc ar an toirt atá sa bhrúid udaidh!"
Tháinig búinse bagarthach chuca dhá uair trasna an uisge. Annsin chonnaic siad líne na spéire go glan arís.
“Níl cion ar bith agam-sa ar Dresler," ar sé go dubhlaitheach, “ach tá sé ag dul a íoc as a chuid peacaidh anocht. Dearc ar na lorgnacha a d’fhág an bhrúid ar an urlár."
Bhí na lorgnacha fliucha le feiceáil go soiléir fá sholus na gealaighe - lorgnacha marcanna go díreach cosamhail leis na rudaí a chonnaic siad san chlábar an tráthnóna sin.
“An diúnlach céadna, creidim, a fuair greim ar Lopez bocht,” arsa Jim. “Dar Fiadh! a Phercy, béidh lúthgháir orm-sa nuair a gheobhaimíd Judy amach as seo."
“ Cad chuige nach h-imthighimíd amach anois " arsa a chol ceathar. “ Tá an solus seo chomhain a bheith comh geal le solus an lae."
“Tá ; is fíor dhuit, a mhic. Imtheóchaimíd. Rmne mé dearmad ar an ghealaigh nuair adubhairt mé ar maidm i
L 213
mbárach. Siubhail leat agus cuir an t-inneall a dh'obair."
Chuaidh Percy síos ar íochtar agus shuidh Jim ar chailleach téadaí. Goidé mar gheobhadh sé Judy ó’n tsoitheach? - badh í sin an cheist. Ní rabh oiread agus tuairim aige cá mbéadh a seomra, agus dá dtigeadh leis a fhagháil féin, níorbh' fhéidir leis dul fhad leis an tsoitheach i gan fhios i solus na gealaighe. Bhéadh coimheád éigin dhá dhéanamh aca, dá neamartaighe iad ina mbéasa. Agus annsin bhí Bhilí ann fosta. San am chéadna smaointeadh maith a bhí ann a dhul anois. B'fheárr rud ar bith ná bheith ina dtost ar an dóigh seo. Agus bhéadh intinn ní ba shúaimhnighe aige ach é féin a bheith ar an tsoitheach.
Dhearc sé go h-imnidheach ar an bheárnaidh ins na creagacha. Dá mbíodh Bilí leó go fóill, ba mhór an cuidiughadh é. Bhí duine éigin de dhíth go cruaidh ar toiseach leis an bhád a choinneáil díreach.
“Tá gach rud réidh,” sgaint Percy. Le sin d'éirigh sé ina sheasamh. Dá thúisge fríd iad b'amhláidh a b'fheárr, agus má's briseadh bhí ndán daobhtha níor chabhair a bheith 'á chur ar gcúl. Ach bhí an t-ádh ortha. Nocht starrán sgrábach creige dhá uair faoi an uisge fá throigh daobhtha: agus bhí siad cinnte gur mhothuigh siad an bád dá sgríobadh, aon uair amháin. Annsin tháinig sgairt áthasach ó Jim,' “Bain a díthcheall siubhail aisti anois! "Bhí siad fríd, agus ag déanamh ar an fhairrge mhóir.
“Goidé do bharamhail-sa de'n rud udaidh, a Jim?" arsa a chol ceathar ag teacht chuige ag an rotha. “An bhfaca tú dadaidh cosamhail leis ariamh?"
“Ní fhaca," ars' an fear eile. “Ach chonnaiceamar goidé d'éirigh de Lopez. Tá mé cinnte nach dteachaidh sé 'un na tíre ariamh dá thoil féin. Fuair siad eisean an dóigh chéadna a bhfhuair siad Dresler. Taisbeánann sin soiléir go leór nach 'á gcosaint féin a bhios siad ar fad, ach go bhfuil siad réidh le ionnsuighe a dhéanamh fosta. D'amdeóin go bhfuil sé cineál deacair a chreidbheáil, a
L 214
Phercy, tá mé féin de’n bharamhail gur fír-bheagán daoine a fuair imtheacht ó'n oileán seo ariamh - agus go bhfuil an rud a d'innis Bilí dúinn fíor. Agus is dá thairbe sin, níos mó ná de thairbhe aon dochair dá bhféadfadh Don Miguel a dhéanamh dí, atá oiread eagla orm fá Judy."
“Tá tú ag smaointeadh go bféadfadh siad an soitheach a ionnsuighe?"
“Tá, agus tá mé cinnte de. Níl de shúil agam ach go bhfanóchaidh siad go dtéighidh buidhean i dtír, mar a rinne siad le muinntir an ‘Phaquinetta.' Tá sé soiléir go bhfuil gliocas beag éigin ionnta, agus féadaidh siad gan a bheith ró-rithte le dhul a chomhair an tsoithigh fhad a's tá an fhoireann uilig ar bórd. Má's amhlaidh atá, tiocfaidh siad san oidhche i mbárach, ná ní chuitfidh siad-san aon duine 'un tíre go dtí go rabh an léar-sgáil aca. Sin anois an rud a bhfuil mise ag obair air."
Le sin féin stad sé, agus é ag stánughadh amach roimhe. Bhí siad ag dul ar choimh-líne le h-imeall an bhogaigh, agus bhí an ceó ina luighe ós a chionn anois mar bhéadh plaid ann. “Éist,” ar sé. “A Dhia na Glóire! sin ceann eile. Ar aghaidh an méid a thig leat, a Phercy. Táthar ag sgaoileadh romhainn."
Thug Percy rúide síos ar íochtar, agus i mbomaite bhí an bád ar crioth ó thoiseach go deireadh. Ach ós cionn thormáin an innill féin, bhí blosgadh na ngunnaí le cluinstin, agus annsin i gcionn tamaill tháinig ciúnas. Bhí Jim ina sheasamh ag an rotha agus an croidhe dá chrádhadh as, agus é ag síor-choimheád thar an uisge dheallrach roimhe. Arbh’ é ba chiall leis an sgaoileadh stad comh tobann sin gur cuireadh an ruaig ar na h-uathbáis, nó arbh' amhlaidh ...?
Chuadar thart an poinnte, agus chonnaic siad an soitheach ar ancoire suas le míle uatha. Bhí soluis ag soillsiughadh fríd chuid de na sleas-phuill, ach níor léir daobhtha dadaidh ag bogadaigh, d'aindeóin go rabh an t-urlar agus an droichead le feiceáil go follasach fá sholus na gealaighe.
L 215
Bhí sí suas le ceathramhadh míle ó'n chósta, agus an chéad rud a thug siad fá dear, nuair a tháinig siad go dtí n-a taobh, go rabh cuid céimeanna an droichid tógála bog fliuch.
Cheangail siad a mbád féin, agus thug siad rúide ar bórd. Thug, agus chonnaic siad annsin radharc comh do- chreidte sin gur sheas siad bomaite nó dhó agus gan iad ábalta bogadh. Bhí an soitheach ina cosair chró! Bhí Mac an tSaoir ina luighe annsin ós a gcoinne, agus cró iarainn cumhduighthe le fuil ina lámha. Bhí a cheann crochta siar, agus thart fá h-a bhrághaid bhí fearbacha móra dearga. Briseadh a mhuineál ó chul an chinn. Bhí cuid eile de'n fhoirinn ma luighe thall agus abhfhus agus cloigeann gach fear aca ina smionagar: bhí boladh samhnasach na fola i ngach áit. Radharc sgáthamhail a bhí ann faoi sholus fhuar gheal tráth ar bith, ach radharc nach dtiocfadh leis gan dearg chreathnughadh a chur ortha nuair a smaointigh siad ar Judy.
Síos leó ar íochtar. Bhí na seomraí uilig fosgailte. Taobh istigh de'n chéad cheann a dteachaidh siad isteach ann fuair siad a rabh fágtha de Don Miguel. Ach níorbh' ar a cholainn bhrúighte a bhí súile Jim ag coimheád, ach ar an chathaoir a bhí ag taoibh na leaptha. Bhí gunna beag póca ina luighe ar an chathaoir, agus thóg sé ina láimh é.
“Ceann Judy," ar sé go ceóchánach. “An ceann a thug mise díthe. Ó! a Dhia na Glóire!"
Tháinig guth criothach briotach ó'n taoibh amuigh. Ní rabh ann ach gur aithin Jim gurbh' é Percy a labhair; agus le sin tháinig Percy ó'n phasáiste mar dhéanfadh duine a bhéadh ag siubhal ina chodladh.
“Dearc ar sin."
Bhí doras an chéad seomra eile briste ina shlisneacha, agus ar an leabaidh bhí hata Judy. Sheas siad ar feadh tamaill 'á choimheád. Ní rabh uchtach ag ceachtar aca amharc ar an duine eile. Bhí Judy ag na péisteóga millteanacha seo, agus gan oiread agus gunna póca aici le í féin a shábháil ortha!
L 216
“Goidé táimíd ag dul a dhéanamh, a Jim? Goidé thig linn a dhéanamh?"
“Goidé,” ars' an fear eile go ládasach, “goidé Goidé eile ach a dhul ina ndiaidh? Agus muna bhfuil dóigh ar bith eile as - í do chaitheamh. Ach béidh dóigh eile, a Phercy."
Le sin d'árduigh a ghuth agus leig sé sgairt fhíochmhar - “Gheobhamíd buaidh na mbrúide go fóill!"