An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 9

Caibidil

L 170

Caibideal IX

Fuair siad an chéad radharc ar Oileán an Aon-Chrainn le breacadh an lae an dara lá, agus do réir mar bhí siad ag teannadh isteach leis bhí Blackett ag cuartughadh leis go h-imnidheach le n-a chuid gloiní. Ag tarraingt ar an taoibh thuaidh de a bhí siad, agus níor ró-mhaith a chuimhne ar an áit. Bhí sraith creagacha eadar iad féin agus an cladach ag bun an chnuic, agus bhí cuma ar líne na dtonn a bheith gan bearna ar bith. Ach bhí bearna i n-áit éigin, agus badh í an bhearna sin a bhí de dhíth air. Dar leó go mbéadh sé baoghalach dul a chomhair an phuirt ar an taoibh ó dheas. Tchífeadh siad a sáith de'n námhaid gan a bheith feistighthe ag a dtaoib. Agus comh maith a's thiocfadh leis cuimhniughadh bhéadh an bhearna seo go díreach leathan go leór le n-a mbád féin a leigint isteach, ach bhéadh sí ró-chumhang ag artharach Don Miguel.

Chonnaic siad í sa deireadh, agus d'amharc Jim uirthi go h-amhrasach. Bhí sí suas le deich slata trasna agus na saoistí ag briseadh go fallsa ar charraigeacha sgealpacha dubha. Bhí an cladach ar an taoibh eile, suas le dhá chéad slat ar shiubhal, agus bhí an t-uisge eatortha comh ciúin le h-uisge locha. Caladh-phort breágh a bhí ann, má bhí an bealach isteach olc féin.

D'oibir siad soc an bháid isteach go h-iongantach mall, ach dá chomhgaraighe dhá dtáinig siad sin mar ba mheasa cuma na bearna. Bhí Blackett i gcionn an rotha, agus bhí Jim ar toiseach ag coimheád isteach san uisge rompa.

"Má bhuailimíd, a Phercy, ná déan moill ar bith,” ar sé. “Caithfimíd a tabhairt isteach 'un a' chladaigh."

D'éirigh leó a tabhairt isteach fá dheireadh, agus ina

L 171

dhiaidh sin rinne siad a mbricfeasta agus chuadar i ndáil comhairle.

“Creidim go bhféadaimíd a bheith cinnte go mbéidh an lá indiu againn dúinn féin," arsa Jim. "Agus an lá i mbárach, b'fhéidir, fosta. Ní thig leó bheith annseo go dtí an oidhche anocht, agus ní bhéidh fhios aca go dtigidh solus an lae go bhfuil an léar-sgáil atá aca gan mhaith. Caithfidh siad sinne 'fhagháil annsin. Mar sin de, má táimíd ar shiubhal ó seo le breacadh an lae i mbárach féadaimíd dhá uair déag eile a bheith againn. Ach ní bhéidh níos mó. Anois, a fheara, caithfimíd toiseacht."

Ceathramhadh uaire ina dhiaidh sin d'iomair siad 'un tíre sa bhád bheag. D'fhág siad fear Bhrazil ar bórd leis féin. Bhí gunna póca le gach duine aca agus stéafóg de bhata, agus bhí mealbhóg le Jim ceangailte ar a ghuailneacha ina rabh an biadh fá choinne a lóin. Nuair a bhí an bád beag feistighthe thoisigh siad a dhul suas.

Chomhair a bheith nach rabh féar ná fás de chineál ar bith ar an taoibh thuaidh de'n chnoc. Bhí an bealach ina mhalaidh chrochta, ach bhí sé furas a shiubhal, agus ó thárla nach rabh teas na gréine ró-thréan go fóill, ní rabh moill orthu dul go bárr.

“Tá sé cineál ait a bheith arais annseo arís i ndiaidh an oiread seo bliadhanta," ars' an seóltóir. “Dá dtairgeadh aon duine céad púnt de gheall a chur liom ar raol go bpillfinnn ar an áit go deó, ní ghlacfainn é."

Shíos fútha bhí leath an tseasgainn de'n oileán. Bhí sé cumhduighthe le ceó trom. Bhí feotháh beag gaoithe andeas, agus d'iomchar sí go dtí n-a ngaothsán boladh an féir lobhtha. Fiabhras - bhí an áit lán de, inar adubhairt Blackett i Lonndain.

Ar thrí taobhanna de'n tseasgann bhí talamh ní ba aoirde ná é. Ar an ceathramhadh taoibh bhí an fhairrge. An áit a rabh siad féin ina seasamh badh é an poinnte a b'aoirde ar an oileán é, cnoc a bhí ag éirghe leis ó na cnocáin ísle a bhí ar an taoibh thuaidh. Siar uatha, suas le dhá mhíle ar 

L 172

shiubhal, bhí an t-Aon-chrann. Shílfeá gur éalódh a rinne sé as an fhoraois a rabh an leath thiar cumhduighthe léith, agus go rabh sé ina sheasamh annsin ma fhoraire aonarac ar thosach arm-shluaigh a stad cupla céad slat ar shiubhal. Nuair a d'amharc Jim ar an choillidh dhlúith crann sin mhothuigh sé trom ag teacht ar a chroidhe. Ní rabh aon duine de'n chuideachta ach é féin ar thuit sé air ariamh a fhagháil amach comh deacair a's tá sé bealach a ghearradh fríd fhás- choill de'n tseórt, agus treóir ar bith a choinneáil. Ach níor dhubhairt sé dadaidh, agus le sin thug sé amach a chompás.

“Glacfaimíd treóir siar-dheas ó'n áit seo" ar sé, “agus tchífimíd an luighfidh sí ar áit fhollasach ar bith a mbéimíd ábalta cuimhniughadh uirthi nuair a rachaimíd fhad leis an Aon-Chrann. Annsin nuair a bhéidh an líne againn as sin eadar C ague A, féadaimíd a theacht ar thuairim an ionaid."

Leig sé do'n chompás socrughadh, agus annsin rinne sé an líne níos fuide le n-a bhata fhágáil ar an talamh.

“Tá sé go díreach i aoin-treó le moll mór na mbláth craorac sin," arsa Judy.

Teannaim ort," ar seisean go goirid. “Téighimís go dtí an t-Aon-chrann."

Bhí an ceó ag imtheacht go mall ó'n tseasgann, agus ag taisbeáint treallta glana glasa thall agus abhfus fríd an talamh mharbh bhuidhe.

“A Rí! goidé leithéid de pholl pláighe!" ar sé dá aindeóin féin, agus an bomaite céadna sin fuair Blackett greim sgiatháin air.

“Dearc," ar sé, “dearc ar an treall ghlas sin leath ar thaoibh na láimhe clí."

Bhí sé ag coimheád fríd na gloine agus le sin d'amharc Jim fríd a ghloiní féin. Bhí an ceó ag snámh thart ina néallta tanaidhe ós cionn an tseasgainn go fóill, ach thóg sé go tobann ar feadh bomaite ó'n áit a dtearn an seóltóir 

L 173

comhartha leis. Thóg, agus chonnaic sé go soiléir rud éigin ag éirghe agus ag strócadh go díthcheallach san sgraith ghlais. Bhí gach rud socair annsin. Cibé bhí ann chuaidh sé síos. Goidé sin a bhí ag bogadaigh ar an fhód bhuidhe ar imeall an talaimh ghlais? Bhí beirt, triúr, leath-dhuisín aca ann ... Ach le sin dhruid an ceó thart arís, agus níor léir dadaidh níos mó.

“An é sin mar d'éirigh do fhoirinn an ‘Phaqinetta'?" arsa Blackett go smaointeach.

Thug Jim a shúil thart air go géar.

“Ammhidhe éigin a chuaidh i n-abair sa tseasgann, creidim," ar sé go goirid. "Is minic a thárluigheas an rud céadna go fiú i nDartmoor, nó sa Nua-Fhoraois. Bhuailimís linn."

Ach leath bealaigh eadar sin agus an t-Aon-chrann sheas sé agus dhírigh sé a chuid gloiní arís. Bhí an ceó tógtha glan anois. Bhí an seasgann uilig ina luighe ós a gcoinne. Ach ní rabh dadaidh le feiceáil nó le mothachtáil.

Bhí sé ag éirghe brothallach nuair a fuair siad dul fhad leis an Aon-Chrann, agus bhí gal ag taisbeáint cheana féin ós cionn na foraoise. Ach níor leór é bacáil daobhtha an carn cloch ar an aoirdeacht ar an taoibh ó dheas de’n oileán a dhéanamh amach. Níor luaithe a rinne ná sheas siad uilig ar feadh bomaite nó dhó ag amharc ar a chéile. Sheas, nó bhí an líne go dtí an carn ag dul díreach fríd lár leabaidh mhór na mbláth craorac a thug siad fá dear ó'n chnoc.

“Ar ndóigh, níl againn le déanamh ach siubhal linn go dtigimíd air," arsa Judy, “agus tá an áit againn,"


“ Níl sé comh furas a's shílfeá, a Judy," arsa Jim “ Sa chéad áit, béidh againn le n-ár dtreóir a choinneáil fríd an fhás-choill, nuair nach mbéidh gléas orainn na bláthanna a fheiceáil ; agus sa dara h-áit, is neamh-ionann go mór na bláthanna le n-a bhfeiceáil as an áit a bhfuilimíd

L 174

anois, thar mar bhéidh siad nuair a bhéimíd i n-ár seasamh shíos fútha. Goidé anois, a Bhilí

Tharraing an seóltóir i leath-taoibh é.

“'Gheall ar Dhia, a Mhr. Maitland," ar sé i nguth íseal, "tabhair an bealach dó. Ní fiú an saothar é. Níor fhás na bláthanna sin annsin ariamh uatha féin. Ar ndóigh, níl a leithéid eile de threall le feiceáil i h-áit ar bith. Planntáileadh iad - planntáileadh iad ina h-órnáid nó ina Cuimhneachán."

"Cuimhneachán! Cuimhneachán ar goidé?"

“Ar cibé tá fútha. Annsin, san fhoraois."

"Málaideacht!" arsa Jim go grod, d'aindeóin gurbh' aisteach leis féin an treall craorac dathamhail.

Thug sé amach a chompás agus dhírigh sé ar an charn cloch é. Siar-dheas uaidh a bhí an carn. Le sin thug sé órdughadh imtheacht.

“Rachaidh mise ar tús," ar sé. “Annsin rachaidh Judy in mo dhiaidh. A Bhilí - gabh thusa ar deireadh. Agus bígidh ar bhur gcoimheád roimh na nathracha nimhe."

Rinne sé amach go mbéadh suas le trí mhíle aca le dul, ach ní rabh i bhfad go bhfaca siad nach n-éireóchadh leó a dhéanamh an lá sin. Ó d'fhág siad an réidhteach chomhair a bheith nach rabh seasamh le déanamh ar an bhruith-theas. Bhí an fhás-choill i n-áiteacha mar bhéadh balla daingean ann. Bhíodh siad chomhair a bheith sa dorchadas i n-áiteacha, bhí an duilleabhar ós a gcionn comh dlúith sin: annsin thigeadh siad ar threall a mbíodh an ghrian ag soillsiughadh air, agus éanacha áilne ag duardán agus ag eiteall thart ós a gcionn mar bhéadh seóda ann.

Bhí an t-allus ina rith leó, agus i gcionn uaire dar le Jim go rabh leath-mhíle bealaigh déanta aca. Ach obair thréan a bhí ann, agus d'aindeóin nár leig an cailín dadaidh uirthi féin, ba léir go rabh sí sáruighte amach. Le n-a chois sin, ní ba mheasa bhí an casán ag éirghe do réir mar bhí 

L 175

siad ag dul isteach go domham, agus le sin thug Jim órdughadh, go mór i n-aghaidh a thola, stad.

“Caithfimíd ár n-anál a tharraingt," dubhairt sé, “nó rósfar sinn. Tá rud amháin, a Bhlackett," ar sé annsin, ag gáiridhe, “ní thearn do cháirde óga ar innis tú dúinn fá dtaobh díobhtha i Lonndain, ní thearn siad úsáid de'n chasán seo."

Ach ní rabh gáire ar bith ar aghaidh an tseóltóra.

“B'fhéidir nach dtearn, a Mhr. Maitland, ach ní abrann sin nach bhfuil siad annseo."

“Má tá, is mairg nach dtig linn breith ar chuid aca le n-a gcur a dh'obair," arsa Jim.

Shuidh siad annsin ar feadh leath-uaire agus an ghal ag éirghe asta. Amach ó na mílte ciaróg, ní rabh dadaidh le mothachtáil. Uain amháin chuala siad uatha sgréach gharbh pearóide: ach, taobh amuigh de sin, bhí gach rud ciúin socair. Ach le sin féin tháinig fuaim a thug ortha uilig éirghe ina seasamh agus éisteacht go díthcheallach.

Fuaim a tháinig as i bhfad ar shiubhal a bhí ann, ach d'aindeóin go rabh sí lag, chuala siad í go glinn. Claing: claing: claing: lean sé leis go h-uaigneach bomaite nó níos mó. Stad sé annsin, agus thuit an ciúnas ortha arís.

“Bhí sé cosamhail le clog," arsa Jim.

“Bhí cosamhail le clog luinge," arsa Blackett go dubhlaitheach, “Ní cuimhin liom ar innis mé díbh nach rabh clog an ‘Phaquinetta' le fhagháil."

"Cogar, a sheóltóir," arsa Percy, “dhéanfá thusa fear ar bith éadtrom sa cheann, dhéanfá sin. Ní áit an choillidh mhalluighthe seo a mbéadh fonn grinn ná gáiridhe orm-sa innti an t-am is feárr í, gan taidhbhse cluig a bheith innti comh maith le gach rud eile.”

Bhí Jim ag coimheád roimhe go smaointeach, Ní thiocfadh leó a bheith meallta. Chuála siad uilig é. Ba chuma ciaca badh é clog an “Phaqinetta" a bhí ann ná nárbh' é. Cé 

L 176

bhuail é? Buaileadh é go beacht tomhaiste. Goidé an dubh-dhonas a bhí ar siubhal?

Thoisigh sé a shiubhal suas agus anuas an treall bheag ina rabh siad. Goidé na rudaí sin a chonnaic sé ar an tseasgann ar maidin? Arbh' fhéidir go rabh rud éigin i sgéal éagsamhalta Bhilí i ndiaidh an iomláin? Agus má bhí - goidé fá Judy? Thiocfadh leis féin agus leis an bheirt fhear seans a ghlacadh, ach chuir sé ar crioth é go fiú smaointeadh go dtuitfeadh an cailín isteach i lámha einidh éigin fhiadhain fhíochmhair.

Bhí poinnte eile fosta a rabh machtnamh de dhíth air Bhí siad gaibhte go h-olc san fhoraois dhlúith seo. Níor chabhair ar bith gunna póca, munar bh’fhéidir an námha a fheiceáil. Ní rabh ní b'fheárr le déanamh. Chaithfeadh siad pilleadh arais. Agus ó thárla, ar chaoi ar bith, nach mbéadh sé ar a gcumas dul fhad leis an áit a bhí de dhíth ortha an lá sm an dóigh a rabh siad ag dul fá láthair, bhí leith-sgéal breágh ag Jim agus gan labhairt ar an eagla bhí air.

“Caithfimíd smaointeadh ar dhóigh éigin eile leis an rud seo a dhéanamh," ar sé sa deireadh. “Ní dhéanfaimíd maith mar seo go mór-mhór sa teas seo. Arais linn go dtí an bád, agus glacfaimíd comhairle."

“Ach cá bhfuil an dara dóigh a dtig linn a dhéanamh?" ars' an cailín.

“Sin an rud atá le socrughadh againn," ar seisean.

“Ach ní cabhair ar bith dúinn an dóigh seo, a Judy. Thart leat, a Bhilí. Téigh thusa ar tús.”

Rinne siad moill seal ar mhullach an chnuic le breith ar an fheothán bheag gaoithe a bhí ag séideadh, agus leis an oileán a bhreathnughadh ní ba chúramaighe le n-a gcuid gloiní. Ach ní rabh neach ná nidh ag bogadh. Chuaidh siad síos go dtí an cladach sa deireadh, agus trasna go dtí an bád.

“Smaointigh ar ghloine de lionn fhuar," arsa Percy, “agus é ag dórtadh síos do sgórnach go réidh, agus beirt eile ar an tábla fá do choinne,"

L 177

“Tá súil agam gur chuimhnigh an cluasán sin Lopez an t-uisge ólacháin a chur san fhairrge," arsa Jim. “Dam- nughadh ar an duine, cá bhfuil sé ar chor ar bith?"

Cheangail siad an bád beag agus chuaidh siad suas ar bórd. Ní rabh aon dume le feiceáil.

“A Lopez!" sgairt sé. Níor tugadh freagra ar bith air.

“Creidim go bhfuil sé ina chodladh," arsa Percy. “Lionn fuar," ar sé go trom annsin: “ina ghloiní fada, fada. Beóir deas éadtrom buidhe. Agus gan againn ina áit ach - uisge bog i gcupaí. Cé bhéadh ina eachtránaidhe? A James, shilfeá go bhfuil rud éigin ag caitheamh ort. Goidé tá cearr le do chroidhe macánta?"

“Níl Lopez ar an bhád," arsa Jim go suaimhneach.

“Maram go dteachaidh sé ’un tíre le cian a thógáil de féin," arsa a chol ceathar. “Is dóiche gur éirigh sé tuirseach ag imirt leis féin annseo, agus gur smaointigh sé go ndéanfadh sé féin tamall cuartuighthe fosta." “Goidé mar chuaidh sé ’un tíre " arsa Jim.

“Sa bhád bheag,” arsa a chol ceathar, agus annsin stad sé go tobann. “Dar Fiadh! a mhic, tchím an rud anois. D’fhág sinne an bád beag ar an chladach.”

“D'fhág," arsa Jim.

“An bhfuil tú fír-chinnte nach bhfuil sé ar bórd?" ars' an cailín.

“Tá, fír-chinnte. Chuartuigh mé féin agus Bhilí gach áit."

“B'éigean dó snámh,” arsa Percy.


“Ní rabh snámh ar bith aige," arsa Jim.

“Dubhairt sé nach rabh, a Mhr. Maitland,” ars’ an seóltóir. “Ach b'fhéidir gur bréag a bhí ann dó. B'fhéidir nach rabh fonn ró-mhór air a cháirde i Rio a chastáil air arís i ndiaidh leigint dúinne breith goirid ortha."

“Tá sin fíor," arsa Jim go smaointeach. “Ach goidé fá n-a chuid éadaigh?"

L 178

“Creidim nár mheas sé éadach a bheith de dhíth air nuair nach rabh mná ar bith i láthair," arsa Percy

“Ní thig liom a rádh go bhfaca mé fear tárnocht an bith ina rith fá'n chnoc," arsa Jim, “ach b'fhéidir go bhfuil an ceart agat."

“Bhal, damnughadh air, a dhuine,” arsa a chol ceathar, “níorbh' fhéidir leis léim dhá chéad slat a thabhairt, agus ó thárla nach rabh eiteóga ar bith air, b'éigean dó snámh nuair nach bhfuil sé annseo. Agus ar mo thaoibh féin de, tá mé ag brath bang a bheith agam, fosta. Siubhail, a Judy: bhéarfaimíd dubhshlán na siorc."

“Tá rud éigin ag déanamh buadhartha duit, a Jim," ars' an cailín go suaimhneach.

“Ó, níl," ar seisean. “Is dóiche go bhfuil an ceart ag Percy. Imthighidh a shnámh, agus béidh mise libh i gcúpla bomaite. Rachaimíd i ndáil comhairle annsin."

Choimheáid sé iad go dteachaidh siad ar íochtar. Dhearg sé toitín annsin. Ní mó ná go rabh smailc amháin aige as nuair a sgaint Liam Blackett air.

“Goidé tá ort, a Bhilí?"

Níor dhubhairt an seóltóir dadaidh ach an t-umar ina nightí na soithigh a thaisbeáint dó. Bhí leath-dhuisín plátaí ar leigeadh daobhtha uilig tuitim i gcuideachta ina luighe ann briste ina smionagar.

“Bhal!" arsa Jim. “Goidé fá dtaobh de?"

“Goidé thug air leigint daobhtha tuitim, a Mhr. Maitland?" arsa' an seóltóir go dubhlaitheadí

“Fiafruigh ceist eile díom," arsa Jim. “Is iomdha uair aroimhe a thárla a leithéid, tá fhios agat."

"Is iomdha ! Tá sin fíor, agus níl mé ag rádh ná go inb'fhéidir gur taisme a bhí ann." Bhí sé ag líonadh a phíopa, agus níor labhair Jim. “A Mhr. Maitland," ars' an seóltóir annsin, “éadach, nó gan éadach, ní rabh an dágó i dtír, ná tchífimís é ó bhárr an chnuic."

L 179

“Thiocfadh leis a bheith san fhoraois, ár ndálta féin," arsa Jim.

“San fhoraois," ars' an fear eile. “Is é féin nach rabh. Tá fhios agam-sa oiread de n-a chanamhain go rabh comhrádh agam leis uair nó dhó. Agus ní thabhairfeadh diabhail Ifrinn air a dhul i dtír annseo, gan trácht ar a dhul a chomhair na foraoise. Bhí eagla a chraicinn air roimh an áit."

“Cé'n áit faoi an Rí a bhfuil sé mar sin?" arsa Jim. Rmne Blackett comhartha síos le n-a órdóig.

“Báidhte," ar sé go goirid. “Ní taisme ar bith a bhí ann - níor thaisme ar bith na plátaí sin a briseadh. Chaith sé uaidh iad siocair gur sgannruigheadh an croidhe as. Tháinig rud éigin air, a Mhr. Maitland, a chuir as a chéill é leis an eagla - eagla comh mór sin gur chuma leis ciaca thiocfadh leis snámh ná nach dtiocfadh. Léim sé thar bórd sul a leigeadh a chroidhe dó fanacht leis."

Stánuigh Jim ar an tseóltóir go smaointeach. Arbh' fhéidir gurbh’ aige bhí an mínughadh ceart ? Bhí sé ar aon intinn leis - d'aindeóin go rabh sé ag leigint air féin nach rabh - ar aon intinn nach rachadh fear Bhrazil 'un tíre ariamh uaidh féin. Agus má d'fhan sé ar bórd, b'éigean do rud éigin de'n tseórt tuitim amach. Ach goidé an cineál ruda a b'éigean a bheith ann a chuirfeadh fear fríd a chéile comh mór sin go léimfeadh sé thar bórd, agus gan é ábalta snámh, an áit nach rabh i ndán dó ach báitheadh
Níor bogadh an bád beag. Fuair siad í san áit chéadna ar fhág siad í. Mar sin de, b'éigean do’n rud seo gur shnámh sé go dtí an bád. Go díreach le sin thug sé fá dear ball fliuch ar an urlár ós a choinne, ball mar d'fhéadfadh cosa fliucha a dhéanamh. Ní bhéadh lorg ar bith taobh amuigh i ndiaidh na gréine, ach bhí seo ar an sgáth. Le sin shamhail sé Lopez dona ag iompódh thart nuair a thug sé fá dear an sgáile sa mhullach air. Shamhail se na plátaí ag tuitim as a lámha gan mhothughadh, agus an sgread léanmhar a leig sé 

L 180
nuair a d’imthigh sé ag teicheadh roimh an rud a tháinig isteach. Agus an plob annsin nuair a chaith sé é féin thar bórd. Nó b'fhéidir gur caitheadh é.

“‘Bhal, a Watson chóir, tá súil agam go bhfuil an cheist bheag sin réidhtighthe agat,' arsa Holmes, ag cur cocaine ina mhúrnán clí."

Badh é Percy a labhair. Bhí sé i ndiaidh theacht fad leó agus é ma chulaith snámha.

“Tá cuma air go rabh sé cineál amhlánta leis na soithigh," ar sé ansin nuair a chonnaic sé na plataí briste.

“Cogar, a Phercy," arsa Jim, “tá baramhail ag Bhilí annseo. Agus, ar mo anam duit nach bhfuil mé cinnte nach bhfuil an ceart aige."

Shuidh Percy ar an tábla agus dhearg sé toitín, fhad a's bhí Jim ag innse dó goidé dubhairt an seóltóir. “Mar dubhairt mé cheana," ar sé nuair a bhí sé réidh, “níl mé cinnte nach bhfuil an ceart aige,"

“Bhal," arsa a chol ceathar, a d'éirigh aireach le linn a bheith ag éisteacht, “má's rud é go bhfuil, goidé an chéad rud eile tá le déanamh againne "

“Má ghlacann sibh mo chomhairle-se, a fheara," ars' an seóltóir go dubhlaitheach, “ tógfaidh sibh bhur n-ancoire agus bainfidh sibh ar shiubhal amach ar an bhomaite. Tá fhios agaibh an t-ainm eile tá ar an oileán, creidim? Tá dearmhad déanta agam ar na foclaí féin atá ag na dhúthchas- laigh, ach is ionann iad agus an t-oileán nach bhfuil teacht arais as go deó."

“'Tchíthear damh-sa é bheith cineál leanbaidhe theacht an fad seo agus a dhul arais an bealach céadna arís siocair go dteachaidh dágó as amharc," arsa Percy.

“Ní siocair go dteachaidh sé as amharc,” ars' an seóltóir go mear, “ach siocair an rud a thug air a dhul as amharc."

“Go réidh leat, a Bhilí,” arsa Jim. “Tá, ar a laighead, dhá rud eile a mhíneóchadh an cás. Thiocfadh gur bhréag dó a 

L 181

rádh nach dtiocfadh leis snámh, agus gidh nach bhfacamar é, thiocfadh dó bheith i dtír anois féin. Sin nó b'fhéidir go dtáinig taom tobann tinnis air, agus gur chaith sé uaidh na plátaí, le rachtáil go taoibh an bháid agus gur thuit sé san fhairrge."

“Amach annseo libh, a fhallsóirí gan mhaith: tá sé go breágh san uisge."

Sgairt Judy leó ó'n taoibh amuigh.

"Imthigh leat, a rún ," arsa Percy . "Tá dáil comhairle ar siubhal annseo."

“Ná fosgail do bhéal léithe-se, a Phercy," arsa Jim go híseal, “fá'n rud a bhfuil Bilí ag smaointeadh air," agus chlaon a chol ceathar a cheann.

“Is maith an bharamhail," ar sé; le sin chuir an cailín a ceann thart an cúinne.

“Goidé tá oraibh m bur suidhe sa pholl phluchtach sin?" d'fhiafruigh sí.

“Béimid leat ar an bhomaite," arsa áim. “Táimíd go díreach ag comhrádh. Anois éistigidh, a fheara," ar sé nuair a d'imthigh sí. “Cuirimís i gcás go bfuil an ceart agat, a Bhilí. Cuirimís i gcás go dtáinig rud éigin ar bórd, rud éigin a chuir creathnadh comh mór sin ar Lopez gur léim sé amach san fhairrge. Anois ní rabh arm ar bith aige. Le n-a chois sin bhí sé annseo ar íochtar. Mar sin de beireadh goirid air. Ach an rud seo atáimíd a chur i gcás a tháinig ar bórd, tá fhios agamn go mb'éigean dó snámhí Go fiú dá dtigeadh sé sa bhád féin bhéadh aige le theacht dhá chéad slat ar dhruim an uisge. Goidé an seans a bhéadh aige mar sin, dá mbíodh foraire ar an urlár agus gunna fada aige?"

“Ní bhéadh seans ar bith," arsa Percy: d'aontuigh an seóltóir leis go fuar.

“Anois tá dhá rud soiléir," arsa Jim. “An chéad rud go gcaithfimíd, is cuma goidé mar bhéas, go gcaithfimíd

L 182

gan Judy a chur i gcontabhaint ar bith an rud céadna dh'éirghe díthe a d'éirigh de Lopez."

Mhachtnuigh sé agus tháinig aoibh bheag gháire ar a phuisíní.

“Agus an dara rud" ars' an seóltóir.

"An dara rud, a Bhilí go bhfuil nádúir iongantach fiosrach ar fad agam féin. Ní bhfuighinn néall chodlata aon oidhche go deireadh mo shaoghail muna dtigeadh liom a fhagháil amach cé bhuail an clog sin agus cad chuige. Mar an gcéadna leis an rud atá faoi na bláthanna corcra agus a lán eile fosta."

“Tá tú baoth-dhána gan chéill, a Mhr. Maitland," ars' an seóltóir, “Goidé tá tú ag brath a dhéanamh?”

“Tá, imtheacht go bhfeicidh mé," arsa Jim ag gáiridhe. “Fuígfidh mé thusa annseo armtha leis an ghunna fhada le Miss Draycott a choimheád. Thig le Percy a rogha rud a dhéanamh. Thig leis fanacht annseo leat-sa, sin nó thig leis a theacht liom-sa."

“Níl ann ach mire," ars' an seóltóir arís. “níl san iomlan ach mire."


“Níl neart air, a mhic. Bhí mise ar mire i gcomhnuidhe. Bhal, goidé fá dtaobh díot-sa, a Phercy? An bhfuil tú ag dul 'un na tíre i ndiaidh am lóin, na nach bhfuil?" “Is maith an bharamhail go bhfuil mé ag dul," arsa a chol ceathar. “Ach cogar, goidé tá rún agat a dhéanamh leanstan leat ó'n áit ar stadamar ar maidin indiu?"
Chraith Jim a cheann.

“Ní h-eadh" ar sé. “Thoisigheamar ar an bhealach chearr an t-am sin. Tá mé ag smaointeadh ar siubhal ar aghaidh de chois an tseasgamn go bhfeicimíd an bhfuil casán ar bith a bhéarsas isteach 'un na foraoise sinn gan fiachadh bheith orainn ár mbealach a ghearradh fríd an choillidh. f éadaidh sé nach bhfuil. Sa chás sm de, ní bhéidh agamn ach pilleadh arais."

“Béidh tú arais sul a n-éirighidh sé dorcha,” ars' an 

L 183

“Tá a shúil sin agam," arsa Jim.

“Agus muna mbidh?" ars' an fear eile.

“Bhal, muna mbidh, béidh mé arais i ndiaidh é éirghe dorcha," arsa Jim ag gáiridhe, “Coinnigh suas do chroidhe, a mhic. Béidh Percy liom le aire do thabhairt damh," Chraith an seóltóir a chuid guailneacha,

“Maith go leór, a Mhr. Maitland. Tusa an caiftín ar an bhád seo, agus dhéanfar mar adeir tú. Ach tá mé cinnte go fóill nach bhfuil ionnat ach amadán atá ag iarraidh trioblóide. Agus má fhaghann tú sin, ná bí ina dhiaidh orm-sa."

I ndiaidh an buille géar seo a bhualadh d'imthigh sé leis go dtí n-a sheomra.

“Cogar, a Jim, do bharamhail an bhfuil dadaidh sa rud a bhfuil sé ag cainnt air?" arsa Percy.

“Sin an rud atá rún againn a fhagháil amach," arsa a chol ceathar. “Agus go dtigidh an t-am téighimís chuig Judy san uisge."

Bhí dhá fháth ag Jim le socrughadh a dhul ar aghaidh de chois an tseasgainn. Sa chéad áit, smaointigh sé ach iad coinneáil leis na rianta buidhe á bhí sínte leis na treallta glasa go mbéadh bealach maith aca fríd an réidhteach; sa dara h-áits bhí súil aige, má bhí casám ar bith isteach fríd an fhoraois, go dtiocfadh siad ar chuid aca fá sin. Níor dhearmad sé na rudaí a chonnaic sé fríd an cheó ar maidin, agus dubhairt cé leis féin gur dhóiche go mór go mbéadh bealach éigin aca-san, na ní i n-áit ar bith eile ach isteach san fhoraois féin a thiocfadh leó dhul as amharc.

San am chéadna thuig sé gur ar na rianta ba dóiche do'n námháid a bhfeiceáil, agus ní rabh mealladh ar bith air fá'n chontabhairt.

An rud a bhí de dhíth air dá mb'fhéidir é, neach aca a fheieeáil i gan fhios. Thiocfadh leó comhairle do ghlacadh annsin fá ciaca rachadh siad níos fuide nó nach rachadh

"An dóigh a bhfuil sé, a mhic," ar sé le Percy, nuair a

L 184

bhí an bád beag ar an chladach aca, agus iad ar obair ag tógáil an chnuic arís, tá fhios againn go bhfuil neachanna éigin san fhoraois. B'fhéidir nach bhfuil dochar ar bith ionnta. Ach b'fhéidir eile go bhfuil. Sa chás sin de, ciste nó gan chiste, bainfimíd na bonnaí as. Nílmíd go leór ann le Judy a bheith sábháilte. Ach muna bhfuil dochar ionnta, sgéal eile ar fad atá ann."

Amach ó thuaidh bhí ceó deatagh ina luighe go h-íseal fá bhun na spéire, ach bhí cuma mharbh ar an oileán féin sa bhruithitheas. Chuartuigh siad an réidhteach le n-a gcuid gloiní, ag déanamh go bhfeicfidís Lopez; ach ní rabh sé le feiceáil i n-áit ar bith. Le sin thug siad amharc amháin eile arais ar an bhád, agus chonnaic siad Bilí ina shúidhe go forasta ar cathaoir agus a ghunna fada trasna ar a ghlúine, agus thoisigh siad a dhul síos go dtí an seasgann.

Bhí sé an dó a chlog agus d'fhág sin go mbéadh ceithre h-uaire maithe aca le cuartughadh agus le bheith glan as an fhoraois sul a n-éireóchadh sé dorcha. Bhí an ceart ag Jim ina thuairim: bhí imeall de chré chruaidh thart de chois an tseasgainn, áiteacha bhí sé cupla slat ar leithne, agus áiteacha eile ní rabh sé troigh. Chuadar ar aghaidh leó do réir a chéile go faithchilleach, agus ní rabh i bhfad go bhfaca Jim go mbíodh siubhal mór ar an chasán. Bhí áiteacha ar tiompuigheadh siar an fáslách de aon-ghnoithe le n-a dhéanamh níos fairrge. Agus badh ag ceann de na h-áiteacha seo a fuain siad an chéad rud a thug roinnt eólais daobhtha. Go dtí seo bhí an talamh comh cruaidh le creig; ach annseo tháinig siad go tobann ar phaiste suas le deich slata a rabh sruthán ag sileadh ar dhruim an chasáin. Bhí sé chomhair a bheith tiormuighthe, ach bhí an chré bog agus greamuightheach ar feadh tamaill sheas Jim ag coimheád, agus dreach imnidheach ag teacht air le gach amharc.

“Dearc ar na lorgnacha sin, a Phercy," ar sé sa deireadh. “An duine bocht."

L 185

D'amharc a chol ceathar air go géar.

“Goidé an 'duine bocht' atá tú a rádh?" d'fhiafruigh sé.

Ach níor labhair Jim. Bhí sé ar a dhá ghlún ag breathnughadh ní ba ghéire ar an talamh. Bhí na lorgnacha iongantach soiléir agus cuma ortha gur ar na mallaibh a rinneadh iad. Bhí dhá chineál aca ann, agus sgrúduigh sé iad araon ar a seal.

Cos thárocht dhaonda a rinne an chéad chuid aca. Bhí lorgnacha na gcúig ladhar domhain agus i bhfad ó n-a chéile: bhí an tsál go fiú ní ba doimhne, rud a thaisbeám go mb'éigean do'n té ar leis í a bheith trom ar dóigh. Ach méid na coise agus fad na céime, badh iad a badh mhó chuir iongantas air. Ní rabh a chuid cos féin ró-bheag, ach ní rabh moill ar bith air a dhá chois a chur isteach i lorg amháin aca seo. Agus bhí thar chúig troighthe eatortha. Lorg eile ar fad a bhí sa dara ceann. Lorg bróige a bhí ann, bróg a rabh bárr géar uirthi, agus bhí ceithre troigh eadar gach coiscéim.

“Agus bhí an ceart ag Bilí i ndiaidh an iomláin," ar sé, 'á dhíarughadh féin suas. “An duine bocht!"

“Cogar mar seo," arsa Percy, “ba chóir go mbéadh
fhios agat nach bhfuil mise comh h-eólach leat-sa ar léigheadh
lábáir. Creidim gur ag tagairt do Lopez atá tú, agus
is iomdha do leithéid a d’innnseóchadh goidé bheir 'á chaoineadh
thú."

“Tchí tú creidim," arsa Jim, “ gur bárr bróige atá sa cheann sin." Rinne sé comhartha leis an dara lorg. “Thig leat an dá lorg a séiceáil - an ceann deas agus an ceann clí. Is cuimhin leat an bárr iongantach géar a bí ar na bróga bhí air. Anois cuirfidh mise mo rogha geall gurab eisean a rinne an lorg sin. Agus goidé an dóigh a dtearn sé é? Goidé mar dhéanfá-sa marc mar sin le do bhróig?"

“In mo sheasamh ar mo chuid ladhar," arsa a chol ceathar. 

L 186

“Agus gach aon léim cheithre troigh agat cosamhail le cailín rinnce!" arsa Jim ag gáiridhe go tur. “Ní h-eadh, a mhic, gearr marc ar mo fhocal-sa, ní ag iarraidh aithris a dhéanamh ar Phavlova a rinneadh na lorgnacha sin. Fear íseal a bhí ann, agus dearc ar fhad na coiscéime. Bhí sé ina rith, ina rith an méid a bhí ina chorp, agus an rud a rinne na lorgnacha seo bhí sé ma dhiaidh."

“Goidé an dóigh a bhfuil fhios agat go rabh sé ina dhiaidh?"

“Tá, mar tá dhá áit a milleann siad a lorg-san. Mar sin de bhí sé ina dhiaidh. Bhí, agus ní rabh sé ina rith. Thig leat lorg na sáile a fheiceáil gach iarraidh. Agus leóga le coiscéim comh fada sin ní bhéadh feidhm ar bith air rachtáil."

“Dar fiadh! tá sé cineál dubhlaitheach," arsa percy go criothach. “Goidé do bharamhail a thárla, a Jim?"

“Níl fhios agam sin, a mhic, ach oiread leat féin. B'fhéidir, mar dubhairt Bhilí, go dteachaidh an rud ar bórd agus go dtug sé leis Lopez dá aindeóin. B'fhéidir gur shnámh Lopez 'un na tíre, agus gur shiubhail sé anuas annseo. Níl mé cinnte de dhadaidh ach a bhfuil sgríobhtha annsin ar an talamh bhog. Agus is é thuigim as sin go rabh fear Bhrazil ag teicheadh ar a anam ag an phoinnte chéadna seo agus rud éigin ina dhiaidh nach dtáinig mise trasna ar a leithéid ariamh uilig."

“Agus rud a mb'éigean dó greim 'fhagháil air," arsa a chol ceathar.

“Munar thárla míorbhail."

“Agus annsin?"

Rinne Jim comhartha leis an tseasgann.

“Sin rud amháin ar chaoi ar bith a d'fhéadfadh a mhínughadh," ar sé go suaimhneach. “D'aindeóin, cinnte go leór, go dtiocfadh leó a bheith 'á choinneáil ina phríosúnach. Agus anois, a ghiolla óig, leis an rud a bhfuilimíd ina chionn a shocrughadh. B'fhéidir gur cuimhin leat gur dhubhairt mé go bhféadfadh gan dochar ar bith a bheith sna rudaí seo. 

L 187

Bhal, déan dearmad de sin feasta.”

“Lean leat," arsa Percy.

“Agat féin atá sé le socrughadh. Ar mhaith leat a dhul ar aghaidh nó ar mhaith leat a dhul arais? Innseóchaidh mé corp na fírinne duit - tá mé ag smaointeadh go bhféadaimíd bheith i n-áit iongantach chontabhairteach bomaite ar bith."

“Goidé tá tú féin ag dul a dhéanamh?" arsa a chol ceathar.

“Ó thárla go bhféadfadh an duine dona a bheith beó go fóill, tá mé ag dul ar aghaidh," arsa Jim.

“Tá, agus tá mise ag dul fosta," arsa percy.

“ Maith an fear thú," arsa Jim ag gáiridhe. “Bhuailimís linn."

Ghearr siad thart imeall an talaimh fhliuich, agus fiche slat ar an taoibh eile tháinig siad ar an rud a bhí Jim a chuartughadh. Bhí casán ag síneadh isteach 'un na Foraoise go dtí gur cailleadh é sa dorchadas. Bhí rian amháin aca ar chaoi ar bith a d'fhéadfadh a dtabhairt go dtí an áit a bhfuighidís fios na diamhra.

Sheas siad tamall go dtí go n-éireóchadh a gcuid súile cleachttha leis an dorchadas seo i ndiaidh solus na gréine a fhágáil: annsin tharraing Jim a ghunna póca as a thruaill.

"Tabhair thusa amach do ghunna fosta, a Phercy,” ar sé, “ach gheall ar Dhia ná h-aimsigh dadaidh de mo chomhair-se. Agus coinnigh súil ghéar thar do ghualinn."

Bhí an casán fíor-mhaith. Bhíodh sé i n-úsáid go minic, do réir chosamhlachta. Bhí an chéad chuid de comh díreach a’s ba mhian leat; annsin thoisigh sé a chamadh agus a choradh, d'aindeóin gur ar an treóir amháin a bhí sé ag dul fríd an phíosa.

Tháinig siad sa deireadh fhad le treall beag réidhtighthe,
agus amach as an treall seo bhí ceithre casáin cosamhail le
spócaí rotha. Thoisigh áim a mhachtnamh. Ní rabh aon cheann
aca a rabh cuma ain a bheith ag cur leis an cheann a rabh siad

L 188

i ndiaidh a theacht air. Chomhair a bheith nárbh' fhiú dadaidh an compás daobhtha annseo, na ní mó ná go rabh fhios aca luighe na h-áite ina rabh siad; ach thogh Jim sa deireadh casán a bhí ag dul ó dheas rud beag ó'n taoibh thiar. D'fhág siad dos feiceálach annsin leis an chasán a dtáinig siad air a mharcáil, agus d'imthigh siad ar aghaidh an casán nua.

Ghread siad leó ar aghaidh; ach níorbh' fhada uilig nó gur baineadh stad asta go tobann. Ar shiubhal uatha ar thaoibh na láimhe clí shéid adharc luinge trí h-uaire. Shéas siad ar an bhomaite, agus d'amharc Jim ar a chol ceathar.

“Níl fhios agam goidé sin?" ar sé go smaointeach.

“An long sin, creidim, a chonnaiceamar ó bhárr an chnoic," arsa Percy.

Shéid an adharc arís.

“Goidé an donas atá ag tabhairt ortha a leithéid de ghleó a thógáil?" arsa Jim. “Tchíthéar damh-sa é bheith cosamhail le mar bhéidís ag cur amach sgéalaí. A Phercy, níl fhios agam an í bád Don Miguel a bhéadh ann ag teacht níos luaithe ná shíleamar Má's é ..."

Níor chríochnuigh sé an abairt, nó chuir rud éigin eile isteach ortha anois, agus i bhfad níos deise daobhtha. An clog a chuala siad ar maidin thoisigh sé a bhualadh, agus ar an bhomaite dhúisigh an fhoraois as a codladh. Thoisigh an bhogadach thart fá dtaobh díobhtha gach áit, agus fuair Jim greim sgiatháin ar a chol ceathar.

“Isteach annseo leat, 'gheall ar an tsaoghal," ar sé go h-íseal, agus é ag déanamh a bhealaigh isteach ó'n chasán fríd na tuim. “Táimíd ina gceart lár."

Lean an clog ag bualadh leis. d'aindeóin nach rabh ann ach gurbh' fhéidir a chluinstin leis an ghleó bhí ina dtimcheall. Agus uair nó dhó tháinig géim ceóchánach, a bhí eadar a bheith ina bhúirfe agus ina chnead.

Chrom siad síos. Bhí cuid de na rudaí chomhair a bheith ag n-a dtaoibh. Ach bhí an fáslach comh dlúith sin nár léir 

L 189
daobhtha dadaidh. Tar éis tamaill thoisigh an gleó a dhul i h-éag agus i n-éag go dtí gur cailleadh glan é i gcéin. Le sin stad an clog de bhualadh: d'éirigh gach rud ciúin arís. Dhírigh Jim é féin sa deireadh agus thug sé coiscéim amach ar an chasán,

“Bhíomar ní ba deise dó an t-am sin ná thaitin liom," ar sé. “Dar Fiadh! a mhic, b’ádhmhail dúinn go rabh siad ina gcodladh nuair a tháinigeamar."

“Goidé do bharamhail de, a Jim?" d'fhiafruigh a chol ceathar.

“Do réir chosamhlachta comhartha coimheádta bhí sa chlog," ar seisean: “Buaileadh é nuair a cluineadh adharc na luinge. Agus anois tá siad ar shiubhal a bhreathnughadh uatha."

“Agus goidé 'rud iad?" arsa Percy.

“Gearr marc ar mo fhocal-sa,” arsa Jim go dubhlaitheach, “is cuma goidé 'rud iad, is cóir dúinne gan seans ar bith a ghlacadh. Ach ó táimíd annseo, agus ó tá cuma ar an lucht áitreabhtha bheith ar shiubal, tá sé comh maith agamn cuartughadh lmn tamall beag eile."

Chuadar ar aghaidh go faithchilleach. Thiocfadh go mór nach rabh siad uilig ar shiubhal agus go rabh forairí fágtha. Le sin féin d'fhosgail an casán amach go tobann ar threall mhór réidhtighthe.

“A Rí na bhFeart!" arsa Jim, “dearc ar sin."

Bhí an treall suas le triochad slat gach bealach, agus an iomad casán amach as cosamhail leis an cheann a rabh siad i ndiaidh a theacht air. Bhí na crainn buailte ar a chéile ós a chionn mar bhéadh fráígh dhaingean chraorac ann, breacuighthe thall agus abhfus le gorm agus buidhe. Ach an bheirt fhear a bhí ina seasamh ag béal na h-áite gan oiread agus bogadh asta ní mó ná go dtug siad fá dear sin. Ní rabh súil aca - san ach do'n rud a bhí ina sheasamh i lár báire ar an talamh. 

L 190

Bhí fráma annsm agus clog práis crochta as, agus an teangaidh ag bogadh léithe go suaimhneach go fóill d'aindeóin nach rabh fuaim ar bith ag teacht as. Agus sgríobhtha ar an chlog i litreacha dubha thiocfadh leó na focla a léigheadh - S.S. Paquinetta. Faoi an chlog bhí fear ina shúidhe agus gan bogadh ann. Bhí a chuid glún ceangailte dá chéile le cineál de shnáithe barraigh agus iad tarraingthe suas. Bhí a dhá láimh sínte amach uaidh aige. Bhí a cheann ar thaoibh amháin. Bhí a aghaidh faoi an-chuma leis an phian agus leis an eagla. Lopez a bhí ann, agus bhí sé marbh.

“An duine bocht," arsa percy. “Goidé an dóigh a dtearn siad é"

“Fiafruigh ceist eile," arsa Jim go dubhlaitheach agus é crom síos ós cionn án fhir. “Mharbh siad é ar dhóigh éigin, d'aindeóin nach bhfuil brúghadh ar bith le feiceál ná aon lorg fola."

“B'fhéidir go bhfuair sé bás leis an eagla."

“Féadaidh an eagla duine do chur as a chéill, ach níor chuala mé ariamh go dtug sí bás aon duine."

Chrom sé síos ós cionn fhear Bhrazil arís.

“Dearc ar a láimh dheis," ar sé. "An bhfeiceann tú comh h-attha a's tá sí? Tugadh nimh dó, a Phercy. Sin anois an dóigh ar chuir siad deireadh leis an duine dona.” Dhírigh sé suas é féin.

“Agus má rinne siad úsáid de nimh," ar sé, "agus má cheangail siad a chosa, taisbeánann sm go bhfuil roinnt éigin de inchinn dhaonda ionnta. Ní dhéanfadh ammhidhe ar bith a leithéid sin."

D’amharc sé thart fá'n áit. Ní bhéadh a leithéid de sheans aca arís. Bhí an iomad bealach amach as an réidhteach cosamhail leis an cheann a dtáinig siad isteach air. Dar leis go rabh an seans ró-mhaith le n-a chailleadh. Le sin shocruigh sé ar cheann aca agus ar aghaidh leis arís.

Bhí an casán seo go dti réidhteach eile, agus ní mó ná go rabh deich slata de siubhalta aca nuair a stad sé go

L 191

tobann agus a chroidhe ma bhéal leis an léim a bhaineadh as.

“A Rí na bhflaitheas!" ar sé. “Ní féidir é!"

I gceart-lár an réidhtigh seo bhí rud ina sheasamh, rud ait. Bhí sé suas le ceithre troighthe ar aoirde, agus é déanta cosamhail le fear beag saoitheamhail. Rud gránna a bhí ann, nó bhí maróg mhillteanach air agus gan oiread na fríghde sna leasracha. Bhí dath trom buidhe air, agus luisne ag taisbheáint i gclár an éadain mar bhéadh poll dearg fola ann. Agus d'aideóin gur fear do-chorruighthe a bhí i Jim, chuaidh sé ar crioth leis an loinneacht nach rabh dul aige a chosg. Chonnaic seisean an dath trom buidhe sin i ndealbha ní ba lugha aroimhe, agus bhí fhios aige goidé bhí ann.

“Ór, a Phercy! Ór atá ann nó íosfaidh mé mo hata," ar sé. “Agus má's rúibín sin i gclár an éadain is fiú
ríoghacht é.”

Bhí an rud ina sheasamh ar oileán beag agus díog uisge suas le cúig troighthe ar leithne thart timcheall air ar fad. Agus eadar a bhun agusx an t-uisge bhí rosán cúig troighthe ar leithne fosta.

“Sin teampall a ndé bréige," arsa Jim. “Dar fiadh! a mhic, goidé fá iarraidh a thabhairt an rúibín sin a fhagháil. Má's ór atá sa deilbh - agus tá mé cinnte gurab eadh - ní bhéidh moill ar bith a sgaoileadh."

“Tá go maith," arsa percy, “ach is feárr dúinn deifre do dhéanamh.’'

Chuadar 'un tosaigh fhad leis. Le sin féin leig Jim sgairt bhagarthach agus thug cé iarraidh coiscéim a thabhairt arais. Thug, nó thoisigh an talamh ós a gcoinne mar bhéadh sé ag éirghe suas rompa agus mhothuigh siad iad féin ag tuitim síos. Bhí a n-umhail comh mór sin ar an iodhal nach dtug siad áird ar bith ar an chasán. Agus goidé rinne siad ach a gcosa a chur ar roinnt de mhaidí adhmaid a bhí 

L 192

greamuighthe do chéile go garbh agus iad deisighthe mar bhéadh luasg ann ar hinnse i lár báire.

Ní tuitim fhada a bhí ann, agus d'aindeóin go rabh siad craithte go maith ní rabh siad gortuighthe, agus bhí siad ar a gcosa arís nuair a thuit an rud arais go sgeamhlach ina áit nó gur fhág sé dubh dorcha iad.

“Gaiste de'n chineál is sine amuigh atá ann,” arsa Jim. “Dar Dia! a Phercy, táimíd gaibhte anois. Míle moladh do'n Glóir nach rabh spící ar bith fúinn! Goidé leithéid de bholadh bréan," ar sé annsin.

Le sin féin tháinig tost air go tobann agus fuair sé greim sgiatháin ar a chol ceathar.

“Tá rud éigin annseo," ar sé go h-íseal. “Thig liom a chluinstin ag bogadaigh."

Chrom siad síos go socair agus iad ag coimheád isteach sa dorchadas, agus cinnte go leór thiocfadh leó cibé rud a bhí ann a chluinstin ag tarraingt a anála go trom. Thoisigh bogadach annsin, mar bhéadh toirt mhór éigin ag athrughadh a áite do réir a chéile.

Sa deireadh tháinig gnúsacht, agus le sin chonnaic siad dhá shúil ghlinneamhail nach rabh slat uatha. Bhí an rud sa mhullach ortha, agus an bomaite céadna sin sgaoil Jim urchar.

Chuaidh an dá shúil as amharc; bhuail sé díreach eatorra. Le sm tháinig plob a chuir an talamh ar crioth, agus d'éirigh gach rud ciúin. Bhí an rud marbh. “Tarraingeóchaidh sin an chuid eile aca orainn," arsa Jim, “má tá siad i h-áit ar bith de chomhair baile."


Le sin féin leig sé éigheamh.

“Dar Fiadh!" ar cé, “níl fhios agam nach bhfuil bealach amach, Tá sé níos gile annseo."

“An bhfuil tú ag dul a dh'amharc ar cibé mharbh tú" arsa a chol ceathar.

“Tá mé ag dul a bhaint as amach nuair atá an seans agam," arsa Jim go dubhlaitheach, “ Má fhaghthar greim

L 193

annseo orainn, a mhic, ní bhéidh mórán feidhme againn ar ár gcuid ticéidí arais as Rio."

Chuaidh sé féin ar tús, agus bhí sé ceart ina thuairim. I bpluais faoi thalamh a bhí siad, agus nuair a tháinig siad fhad leis an uillinn, an áit a bhfacthas do Jim nach rabh sé comh dorcha, thiocfadh leó béal na pluaise a fheiceáil ós a gcoinne. Rith siad fhad leis, agus an talamh ag éirghe rompa. Chonnaic siad annsin go rabh sé ag fosgladh amach ar chúinne de’n chéad réidhteach. Sheas siad tamall a dh’éisteacht i ndiaidh a dhul amach. An dtug blosg an urchair an chuid eile arais? Ach níor bhog dadaidh. Amach ó chorp marbh fhear Bhrazil ina shuidhe annsin bhí an áit folamh. Le sin féin fuair Percy greim sgiatháin go tobann ar a chol ceathar.

“Dearc síos an rian sin," ar sé go h-íseall “Chonnaic mé rud éigin ag bogadaigh. Rud éigin dubh. Chaith sé é féin trasna. A dhuine, bhí sé comh mór le trod."

“Ní léir damh-sa dadaidh," arsa Jim. “ An bhfuil tú cinnte ”

“D’imthigh sé i bhfaiteadh na súl," arsa Percy. “Ach tá fhios agam go bhfaca mé é.”

“Má chonnaic, bainimís ar shiubhal amach," ars’ an fear eile. “Téigh thusa ar tosach an tráth seo.”

Le sin thug sé amharc amháin eile ar an fhear mharbh, agus ar chlog mí-ádhmharach an “Phaquinetta" agus lean sé a chol ceathar amach as an réidhteach.