An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 4

Caibidil

L 64

Caibideal IV.

“Do bharamhail an mbeidh ádh ar bith orainn, a Jim “Sin rud nach dtig liom a innse duit, a mhic ó. Fuasglóchaidh mé do cheist i gcionn leath- uaire,”

Bhí an bheirt fhear go díreach i ndiaidh coradh isteach ar Oakleigh Avenue. D'fhág siad an gluaisteán i gcarrlainn i Hampstead, na bhí eagla ar Jim go mbéadh sé cineál sonnruightheach, dá bhfuígthí ina sheasamh ar an bhóthar é. Le n-a chois sin ní rabh oiread agus tuairim aige cá fhad a bhainfeadh an chuairt as. Bhí an bóthar comh h-uaigneach a's bhí sé an oidhche roimhe sin.

“Tá mé ag déanamh go n-aithneóchaidh mé an teach,” ar sé sa deireadh. “Muna n-aithnighidh, rachaimíd go dtí an áit a rabh an siamsa agaibh-se aréir agus oibreóchaimíd arais ó sin. Soisg! goidé tá ar siubhal annsin romhainn,”

Le sin sheasuigh sé, agus tharraing sé a chol ceathar isteach faoi sgáth. Bhí carr ina sheasamh, suas le céad slat rompa agus roinnt fear ina seasamh ag a thaoibh. Bhí agallamh éigin ar siubhal eatortha. D'aindeóin nárbh' fhéidir an chainnt a dhéanamh amach, do b'fhéidir a nglór a chluinstin. Agus bhí fear amháin aca, ar a laighead, a rabh cuma air a bheith iongantach tógtha.

“Siubhalfaimíd linn go suaimhneach, a Phercy. Na tá tuairim agam go gcaithfidh siad a bheith iongantach comhgarach do’n teach atáimíd dh'iarraid,”

“Deirim-se libh gur náire shaoghalta é,” Chuala siad an méid sin go glan. “Brisfimíd isteach an áit mhalluighthe. Club atá ann, nach eadh? Níl ceart ar bith aca a dhruid,”

Bhí siad i ngar do’n bhaicle anois, agus chonnaic siad

L 65

agus chonaic siad ceathrar fear, agus iad faoi éadaí tráthnóna; agus bhí triúr acu ag iarraidh an ceathrú duine a shuaimhniú agus a chur ar ais sa charr.

“Druid do chlab, a amadáin,” a scairt duine acu, agus chaith sé spléachadh thar a ghualainn. “Tá an áit druidte,” Ansin i ndiaidh Jim agus a chol ceathar a fhéiceáil, dúirt sé “Na síothmaoir,”

Agus é ag tabhairt amach go feargach go fóill, lig an ceathrú duine dá chair de é a bhrú isteach sa charr, agus d'imigh an carr ar luas mhór.

“Shíl siad gur síothmhaoir faoi ghnáthéadaí sin,” arsa Jim ag déanamh gáire. “Agus freagraíonn sé ceist amháin dár gcuid. Is léir nach mbeidh cearrbhachas ar bith anocht sa teach. Agus anois, tá a fhios againn cé acu teach é,”

Scrúdaigh sé an teach go cúramach, agus i ndiaidh tamaill sméid sé a cheann.

“Is eadh: seo an spot. Sin thall an crann a raibh mé ar a chúl aréir. Ach tá na tithe anseo uilig chomh damánta cosúil lena chéile. Anois, a Phercy, a mhic, cuirfear tús leis an ghreann ar ball - nó bíodh súil againn go gcuirfear.”

“Is dóiche go bhfuil an ceart agat, a mhic,” arsa a chol ceathar go duairc. “Ach, tchíthear domh féin nach áit í ar dóiche spraoi agus greann a bheith inti. Drithlíní a chuireann sí ormsa,”

Rinne Jim gáire.

"Bíodh uchtach agat,” ar sé.”Is bríomhaire go mór í taobh istigh,”

L 66

Chaith sé spléachadh gasta suas anuas an bealach: d'oscail sé an geafta ansin, agus shiúil isteach ar an chosán os comhair an tí. Rinne sé moill bheag ansin a dhíriú súile ar phaiste talaimh faoi sholas an lampa sráide.

“An bhfeiceann tú sin,” ar seisean go suaimhneach.” “Tá lorg domhain anseo. Bhí feithicil throm éigin anseo inniu - veain mhór aistrithe, is dóiche. Tá na héin ar shiúl maith go leor, sin nó is fear Dúitseach mé,”

“Is gasta an cleasaí thú, a Jim,” arsa a chol ceathar. “Ní thabharfainn féin sin faoi deara go deo,”

“Sin de thairbhe do shúile a bheith gan oiliúint,” a d'fhreagair an fear eile. “Tchí tú, ach ní chuireann tú sonrú. Seo - ar aghaidh linn - ní maith a bheith inár seasamh anseo. Cé go bhfuil eagla orm gur saothar in aiscidh againn é,”

Ar aghaidh le Jim ansin isteach i gcúl an tí. Bhí an fhuinneog oscailte ansin, go díreach mar a bhí an oíche roimh ré. Isteach leis de luascadh sa tseomra, gan a thuilleadh moille.

“Ná bíodh bíog asat,” ar sé de chogar, nuair a bhí a chol ceathrar istigh ina chuideachta. “Bíodh do lampa póca faoi láimh agat,”

Las sé a cheann féin ansin go cúramach sa dóigh nach mbeadh sé le feiceáil fríd an fhuinneog. Den dara hiarraidh ansin, sheas sé gan bogadh, agus a shúil dírithe ar an talamh.

“An bhfeiceann tú sin anois,” ar sé de mhionchogar. “Ní heol domh cad é an chiall a bheadh leis. Rud an-aisteach é,”

Bhí an dusta ina luí go tiubh ar an urlár, agus nuair a thoisigh Jim a chur a solas a lampa anonn agus anall air, de réir a chéile, tháinig tuigbheáil chuig Percy faoin rud a bhí i gceist aige. Fríd lár an tseomra, bhí loirg choise, agus iad ag dul ón fhuinneog go dtí an doras. Leag Jim spág i gceann amháin acu: d'fhóir a spág agus an lorg go díreach dá chéile. Loirg s'aige féin a bhí iontu ón oíche roimhe sin. Ach ní hiad sin na loirg amháin a bhí ann. Na loirg eile agus cuid Jim, bhí siad ag teacht trasna a chéile thall agus abhus; ach den chuid is mó bhí siad scartha óna chéile. Ba ar na loirg nár fhág sé féin, ar ndóighe, a bhí Jim ag stánadh.

Cosa beaga a d'fhág iad - mar a bheadh déanta ag bean, b'fhéidir, agus an t-achar ó lorg go lorg, ba ghoirid é, chomh goirid sin go bhféadfaí a dhéanamh amach gur loirg pháiste a bhí iontu. Ba léir do Phercy gur aon duine amháin a d'fhág na loirg bheaga, ach thar sin, ní thiocfadh leis tuigbheáil ní ba chruinne a fháil orthu. Ba chosúil girseach bheag a bheith i ndiaidh a bheith ina

L 67

rith thart fá’n tseomra, agus ní thiocfadh leis a thuigbheáil cad chuige a rabh a leithéid de shuim ag a chol ceathar sa sgéal,

“Goidé do bharamhail de, a Phercy,” d'fiafruigh Jim i gcogar.

“Tá sé cosamhail le mar bheithí ag tabhairt ceacht rinnce do sgoil chailíní, a mhic. Buailimís linn. Tá an seomra seo ’mo chun ar crith,” “Maise, is tú an dobhrán de dhuine ! Nach dtig leat na lorgnacha seo a dhéanamh amach,”

Dhírigh Jim a lóchrann ar cheann aca.

“Cé’n bealach a rabh an té a rinne an lorg seo ag dul,”

“Ó'n fhuinneóig go dtí an doras,” arsa a chol ceathar. “Maith thú. Agus anois iad seo,” “Ó’n doras go dtí an fhumneóg,” “Tá tú ag éirghe glic i gceart. Anois dearc ortha seo,”

“Tá siad seo ó'n fhuinneóig go dtí an doras,”

“Tá leat arís, Anois smaointigh. Dhá líne ó’n fhuinneóig go dtí an doras agus gan ach líne amháin ó'n doras go dtí an fhuinneóg. Agus duine amháin a rinnne an t-iomlán.”

Rinne Percy obair mhór ag iarraidh an ceist a réidh- tiughadh.

“Cibé bhí ann b’éigean dó bheith ina dhuine shaoitheamhail,” ar sé sa deireadh. “Duine ar bith ar spórt leis a bheith ma rith thart fá’n áit seo,” “Agus goidé an dóigh ar rith sé ? Cé’n áit ar thoisigh sé - ag an doras nó ag an fhuinneóig?”

Thoisigh Percy a smaointeadh arís.

“Ó’n fhuinneóig go dtí an doras - ar sé. “Ó'n doras go dtí an fhuinneóg-ó'n fhuinneóig go 'dtí an doras. “Níl an ceart ar fad agat, a Phercy - ach dhéanfaidh tú cúis. Cá bhfágann sin é anois,”

L 68

Le sin féin thuig Percy an t-iomlán.

“Dar Fiadh !” ar sé. “Caithfidh sé bheith sa teach,” “Sin an áit chéadna a bhfuil sé,” arsa Jim. “Mar sin de, ná déan callán ar bith - agus bhí ar d'faithchill. Na ní cailín beag ar bith a rinne na lorgnacha seo. Anois tar liom-sa,”

Chuaidh siad suas an staighre go dtí an halla. Bhí Percy ins na sála ag a chol ceathar. An greann breágh a shíl sé a bhéadh aige, ní rabh sé comh maith sin anois. Tháinig tormán ó'n taoibh amuigh, tormán gluaisteáin a bhí ag dul thart. Annsin d'éirigh gach aon chineál marbh ciúin arís.

“A Jim,” arsa Percy i gcogar.

Ní bhfuair sé freagra ar bith. Le sin chuir sé amach a lámh ach níor mhothuigh sé ach an t-aer. Ní rabh a chol ceathar annsin.

“A Jim.” Labhair sé ní ba airde an iarraidh seo, agus an dara bomaite fuair lámh greim sgiatháin air comh tobann sin gur fhobair dó sgread a leigean.

“Druid suas, a amadáin bhig. Shíl mé go rabh tú ar mo chúl. Tá mise i ndiaidh a bheith shuas ar an chéad urlár,” “Is maith thú,” arsa Percy. “An bhfuil tú ag dul suas arís”

“Tá, go dtí an dara h-urlár,” arsa Jim go h-íseal.

“Fuair mé amharc ar sheomra an chearrbhachais. Tá gach rud tugtha ar shiubhal, go díreach mar a bhí mé ag meas,”

Bhí sé ag dreapadh suas an staighre agus é 'á rádh seo. Nuair a shroich sé an bhárr sheas sé.

“An gcluin tú dadaidh ?” ar sé i gcluais an fhir eile.

Ach ní thiocfadh le Percy dadaidh a chluinstin ach a chroidhe féin ag léimnigh, agus ní rabh a umhail ar dhadaidh ach gur mhaith leis teicheadh.

“Bh'fhéidir nach rabh a dhath ann,” arsa Jim annsin. “Siubhail!”

L 69

Chuaidh siad suas go suaimhneach an chuid eile de'n staighre agus sheasuigh Jim arís.

“Tá mise ag dul a lasadh mo lóchrainn,” ar sé i gcogar.

Ach bhí an pasáiste folamh, agus le sin d'fhosgail Jim isteach doras an tseomra ina rabh an corp, an oidhche roimhe sin, agus thug sé coiscéim ar gcúl arís ar an bhomaite. Ach níor thárla dadaidh, agus i ndiaidh moill bheag a dhéanamh chuaidh sé isteach.

Bhí an seomra mar a d'fhág sé é, ach amháin nach rabh an fear marbh le feiceáil i n-áit ar bith. Níor tugadh ar shiubhal aon chuid de'n trosgán. Bhí roinnt páipeár sgabtha go fóill ar mhullach an chrinlín.

“Fan thusa ag an doras, a Phercy,” dubhairt Jim go suaimhneach. “Ná seasuigh ina lár, a dhuine. Coinnigh ar thaoibh amháin. Agus coinnigh do chluasa fosgailte.”

Thug sé aghaidh a lóchrainn ar na páipeáir a bhí ar an chrinlín; ach, amach ó roinnt billí agus cunntais admhála, ní rabh dadaidh ann arbh' fhiú trácht ann. Bhí siad déanta amach i n-ainm Mhr. M. Johnson, ainm a d'fhéadfadh a bheith fíor nó bréagach. Ar chaoi ar bith, ní rabh cabhair ar bith le fagháil asta.

Chuaidh sé ar a dhá ghlúin ar an urlár an áit a rabh an corp aréir roimhe sin agus i gcionn tamaill bhig thug sé fá dear píosa beag de pháipeár a bhí ma luighe faoi chois an chrinlín. Munab é go rabh sé ar a cheithre buinn ní fheicfeadh sé an páipeár ar chor ar bith, nó choinneóchadh an crinlín i bhfolach é. Thóg sé é agus sgrúduigh sé é. Le sin thoisigh sé a fheadghail go h-íseal.

Ba léir gur cúinne de phíosa ní ba mhó ná é féin a bhí ann. Ba é an rud a strócadh de'n ghiota mhór é go garbh. Ní rabh moill sin a aithne air. Le n-a chois sin bhí smál air mar bhéadh sé i ndiaidh a bheith i ngreim theann eadar méir agus órdóig a bhéadh ag cur alluis. Arbh' fhéidir

L 70

go rabh an píosa seo i láimh an fhir mhairbh agus gur thuit sé faoi an chrinlín nuair a thuit sé féin
... de

Choinnigh sé suas leis an tsolus é agus bhreathnuigh sé air go cúramach. De réir chosamhlachta ní rabh sa dá litir Dhe ach cuid de fhocal éigin. Ach ní ar sin a bhí Jim ag smaointeadh, ach ar an ghiota de pháipéar féin. Bhí rud éigin níos mó ná bruighean cearrbhachais sa cheist, rud éigin a gheobhadh seisean amach, dá dtigeadh leis, ar chor ar bith. Chuir sé isteach ina leabhar póca é go cúramach, agus dhírigh sé é féin suas. Le sin bhí sé go díreach ar tí a rádh le n-a chol ceathar go mbainfeadh siad ar shiubhal amach, ach chuala sé gíog as ceann de na cláraí. Ní meállta a bhi sé. Rinne sé comhartha do Phercy a bheith suaimhneach. D'fhan sé ag feitheamh annsin agus gan bogadh as, agus a lóchrann ar an urlár aige. Bhí fhios aige go bhfeicfeadh sé arís, i mbomaite nó dhó, an cruitíneach caoch, agus mhothuigh sé cineál de dhioth ag dul fríd. Chuala sé gíog eile, agus le sin bhí an cruitíneach ina sheasamh i lár an tseomra.

Baineadh léim as Percy dá aindeóin féin. Annsin ar feadh bomaite sheas an triúr aca agus gan bogadh as aon duine. Sa deireadh chuir an fear caoch an solus ar lasadh go tobann, agus shiubhail sé trasna go dtí an crinlín, an áit ar shúidh sé síos. Le sin thóg sé an guthán. San am chéadna rinne Jim comhartha le n-a láimh i dtreó an dorais. Ba mhian leis imtheacht sul a dtabhairfí fá dear é agus chuaidh sé trasna an tseomra comh fáilthidhe le cat.

“An é sin Oifig na nGuthán? Seo Mr. Johnson ag

L 71

cainnt, Mr. Johnson as 95 Oakleigh Avenue. Tá fáth fá leith agam leis an sgairt seo. An bhfuil tú cinnte anois go bhfuil an t-ainm agus an seóladh agat i gceart Ar mhisde leat a rádh in mo dhiaidh? Seadh! Tá sin ceart. Cogar, coinnigh cuimhne mhaith ar seo: má bhíonn aon duine ag iarraidh labhairt le Mr. Jim Maitland, abair go bhfuil sé annseo fá láthair. 'Seadh! Jim Maitland! Go rabh céad maith agat.”

D'fhág sé uaidh an t-éisteán agus luigh sé siar ina chathaoir ag gáiridhe, agus Jim Maitland inaa sheasamh i lár an tseomra agus a dhá shúil sáithte ann leis an iongantas, Ní thearn sé tormán ar bith dá rabh fhios aige féin, agus ina dhiaidh sin a's uile d'aithin an diabhal beag go rabh sé i láthair.

“Fáilte romhat, a Mhr. Maitland,” Labhair sé go plasánta. “Nach gcuirfidh tú do chara i h-aithne domh Thig leat imtheacht, tá fhios agat, má's imtheacht is feárr leat. Ach san am chéadna, i ndiaidh ar chuir tú de bhuaidh- readh ort féin, b'fhéidir nárbh' olc an rud comhrádh beag,”

“Cá fhad atá fhios agat mé bheith annseo,” arsa Jim.

“Ó'n bhomaite a tháinig tu,” ars' an fear eile.

“Níor casadh aon dume orm ariamh is suaimhnighe a dtig leis siubhal ná thú, a Mhr, Maitland, agus molaim thú ar a shon. Ach tá buaidheanna fá leith agam-sa, mar is eól duit. Tá súil agam nach bhfuil tú dadaidh níos measa le linn eachtra bhig na h-oidhche aréir,”

Dhearg Jim Maitland toitín. Le sin tharraing sé chuige cathaoir agus shuidh sé síos, Bhí seo ain-chleachttha aige. Beireadh goirid air corr-uair i n-a shaoghal; agus ní dadaidh ach a chuid gliocais leis án ghunna agus an trom-neart a bhí ann féin a shábháil é. Ach obair chorpordha a bhí annsin; agus obair inchinne a bhí annseo. Fhad siar a's thiocfadh leis cuimhniughadh, ní thiocfadh leis smaointeadh ar dhuine ar bith a chuaidh comh deas do threis intinne a fhagháil air agus bhí an fear seo ag dul.

L 72

“Tá sin ceart,” ars' an fear caoch. “Déan tú féin sócamhlach. Agus déanadh do chara mar an gcéadna. Cogar, níor chuir tú i n-aithne domh go fóill é,”

“Bhéadh sé cineál achrannach agat-sa, dá mba rud é go rabh baint aige leis na síoth-mhaoir,” arsa Jim.

“Bhéadh, rud beag,” ars' an fear eile. “Ach tá fhios agam go maith nach bhfuil. Ní bhíonn Bhentley ag síoth-mhaor de ghnáth, ná ní bhíonn mórán síoth-mhaor ma mbaill de'n Dorchester Club,”

“Ní bhíonn, a Mhr. Dresler - tá sin fíor,”

“Ar innis an cneamhaire sin, Goldstein, mo ainm duit?”

“Do réir chosamhlachta ní thearn mé mórán bogadaighe i ngan fhios duit,” arsa Jim. “Ach, má's cabhair duit a cluinstin ní Goldstein a thug do ainm damh. Shéan sé go rabh aithne aige ort ar chor ar bith, d'aindeóin go bhfuil eagla orm nach dtearn sé go h-iongantach maith é. Níor innis seisean dadaidh, a Mhr. Dresler. Ní rabh sé 'fhiachaibh air. Tá iomrádh breágh leathadach ort as rógaireacht, sllim,”

“An n-abrann tú seo liom,” arsa an fear eile.

“San am chéadna, ní de'n mhúnadh rógaire a thabhairt ar
an té atá i n-a strainséir agat.”

“Agus bhí mé ag smaointeadh,” arsa Jim, “goidé mar bhéadh, dá ndéanainn-se úsáid de do ghuthán le dhul
'un cainnte leis na síoth-mhaoir,”

Thóg an fear caoch a lámh.

“Admhuighim, a Mhr. Maitland, go bhfuil sé ar do chumas sin a dhéanamh. Ach níor mhaith liom a shílstean go ndéanfá dadaidh comh mí-réasúnta. Cuir i gcás anois go rachthá 'un cainnte leó, goidé d'innseóchthá daobhtha,”

“An fhírinne,” arsa Jim ar an bhomaite. “An fhírinne, mar a chonnaic mé le mo shúile féin aréir,”

“Mar dubhairt mé cheana, tá sé ar do chumas sin a dhéanamh má's mian leat é,” arsa an fear eile. “San

L 73

am chéadna, tá poinnte beag nó dhó nach bhfuil mé cinnte díobhtha. Sa chéad áit goidé tá an bheirt agaibh a dhéanamh sa teach seo, agus goidé mar fuair sibh theacht isteach,”

“Tá fhios agat go maith goidé mar tháinig mé isteach,”

“Tá fhios agam-sa, a dhuine. Gan amhras tá fhios, Ach bhéadh sé de dhíth ar na síoth-mhaoir fosta fios a fhagháil. Agus i súile na n-oifigeach bhéadh sé iongantach cosamhail le briseadh isteach. Coir mhór í sin, a Mhr. Maitland. Rud eile, cad chuige nár innis tú do na síoth-mhaoir i Stréatham tráthnóna indiu an sgéal a bhfuil tú ag smaointeadh ar a innse daobhtha anois,”

“’Seadh, tá sin ann,” arsa Jim. “Is dóiche go mbéadh fearg ortha liom, agus fearg mhór. Ach, tá tuairim agam, a Mhr. Dresler, gur mhó ná sin arís an fhearg a bhéadh ortha leat-sa,”

“Níl mé ró-chinnte. I ndiaidh an iomláin, tchífeadh na h-oifigigh cuid mhór a bhéadh iongantach lochtach san dóigh ar iomchair tú thú féin. Tháinig tú annseo aréir, i ndiaidh briseadh isteach 'un tighe, agus tú caoch ar meisge. D'éirigh tú comh garbh sin agus go dtug mise i n-amhail sgéala a chur fá choinne cuidighthe; ach go h-ádhmhail, thuit tú 'do chodladh. Agus nuair a thuit bhí beirt charad damh a bhí deagh-chroidheach go leór le do fhágáil in do luighe amuigh i n-áit éigin le fuaaughadh,”

“An bhfuil tú ag séanadh gur caitheadh fear sa tseomra seo aréir,”

“A mhic an Rí, a Mhr, Maitland - goidé an amaidighe a chuir sin in do chionn? B'éigean duit níos mó a bheith ólta agat ná shil mé. Tá sé fíor gur cnagadh fear, ceart go leór. Ach - fear a chaitheamh! Cá bhfuil an corp Goidé rinneadh leis? Agus má's í sin an choir atá tú ag brath a chur síos dúinn - an choir is truime ar bith, dúnmharbhadh — bheithí anuas ort dhá uair comh mór cionn 's gan a innse do na síoth-mhaoir ar an bhomaite,”

Bhris na gáirí ar Jim dá amdeóinn féin.

L 74

“A dhiabhail bhig Ifrinn,” ar sé. “Goidé bhfuil tú ag tarraingt air leis an chomhrádh seo,”

“Tchífimíd sin ar ball beag, a chara,” arsa Dresler. “Innseóchaidh mé an fhírinne duit, a Mhr. Maitland. Ba é mo bharamhail go n-innseóchthá do na píléirí fá'n tsamhailt aistidheach seo comh luath 's thiocfá chugat fém, agus shocruigh mé gach rud dá réir sin. Ach, nuair a fuair mé amach nár dhubhairt tú dadaidh thug sin tuairim eile damh ort. Choinnigh mé coimheád ort ó'n am a d'fhág tú an bheairic, agus ní rabh i bhfad go bhfacamar go rabh tu ag brath oibriughadh ar do chonnlán féin. Chruthuigh do chomhrádh le Goldstein an méid sin,”

“Agus d'innis seisean an t-iomlán, ar innis,” arsa Jim.

“D'innis ar an bhomaite,” ars' an fear eile. “Anois, is maith liom daoine a oibrigheas ar a gconnlán féin. Daoine iad ar cóir do dhuine meas a bheith aige ortha. An n-imreóchaimídine ar an taoibh amhám, nó nach n-imreóchaidh? An rachaimíd i gcomhar le chéile, nó an rachaimíd i n-aghaidh a chéile,”

“Ceist í sin a bhfuil tamall machtnaimh de dhíth uirth,” arsa Jim, ag amharc thart agus ag bagar ar a chol ceathar a bhí ina sheasamh agus a bhéal fosgailte le linn an chomhráidh seo.

“Goidé an chabhair duit-se é,” ar sé annsin, “má théighimíd i gcomhar,”

“Béidh mé ionnraic leat,” ars' an fear caoch, “Le linn a bheith ag cur tuairisge fá dtaobh díot indiu fuair mé amach a lán eólais. Fear atá ionnat, do réir mar chluinim, a bhfuil dhúil aige i n-eachtraí mar mhaithe leis na h-eachtraí féin. Tá gáir mhór leat fosta mar throdaidhe, D'éirigh liom-sa do choinneáil faoi smacht aréir nuair a bhí tú ar mire ar meisge; ach níl mé ró-chinnte go dtiocfadh liom an rud céadna a dhéanamh arís. Agus ó thárla mé ag cainnt air, badh mhaith liom mo leiith-sgéal a ghabháil leat

L 75

fá'n nóta gan chéill sin a fuair tú. Cuireadh chugat é sul a rabh oiread agus tuairim agam do'n tseórt duine a bhí ionnat,”

Rinne Jim gáire eile.

“Bhéarfaidh mé maitheamhnas duit,” ar sé.

“Maith go leór, mar sin,” ars' an fear eile. “Is léir go mbéidh mé féin agus tú féin i gcaidreamh a chéile go minic ó seo amach. Muna mbéadh ann ach tú bheith annseo anocht, taisbeánann sé gur - gur duine neamh-choitcheann thú. Le sgéal goirid a dhéanamh de, b'fheárr liom i bhfad thú bheith in mo leith ná thú bheith in mo éadan. Goidé do bharamhail?”

“In do leith-se,” arsa Jim go suaimhheach,” Ná bí ina dhiaidh orm a bheith bómanta, ach tá tú ag fágáil gach rud le tomhas agam.”

“An mar sin atá, a Mhr. Maitland,” ars' an fear eile ag cromadh 'un tosaigh. “Cogar anois, goidé an méid atá fhios agat,”

“Do réir chosamhlachta,” arsa Jim, “tá poinnte nó beirt nach bhfuil fhios agat féin go h-iongantach cruinn. Ach, tá mé ag feitheamh go fóill le freagra ar cheist shimplidhe. Goidé tá i gceist agat le mé bheith in do leith Teach cearrbhachais a choineáil ar obair,”

Shuidh an fear caoch annsin gan focal as, ná bogadh. Chomhair a bheith go rabh sé mar bhéadh sé ag iarraidh a léigheadh goidé bhí i n-intinn an fhir eile. Bhí an cheist a bhí sé a chur air féin comh so-thuigthe 's dá gcuireadh sé ós árd í. Arbh' é go díreach blosg an urchair a tharraing Maitland go dtí an áit an oidhche roimh ré? An dtáinig sé de thaisme, nó an rabh rud éigin eile ar a chúl? Níorbh' fhéidir leis an chruitíneach fios a bheith aige go rabh aithne ag Jim ar Judy Draycott. San am chéadna, bíonn sé de dhíth ar leithéid Dresler a bheith iongantach cúramach. Agus ó bhí fhios aige nach rabh i bhfad ó tháinig Jim arais as Americeá Dheas, bhí sé ion-tuigthe cad chuige a rabh sé cmeál faitcheach.

L 76

“Ní h-eadh. Ní h-é sin é, a Mhr. Maitland,” ar sé sa deireadh. “Leóga, an club beag a bhíodh againn, chuir tu féin deireadh leis, rud a thug tú fá dear ar do bhealach aníos, creidim. Ach thiocfadh go bhféadfaimís a bheith ábalta cuidiughadh mór a thabhairt dá chéile i n-am nach bhfuil i bhsad uainn,”

“Is lághach an mhaise duit sin a rádh,” arsa Jim.

Maidir liom féin, muna misde damh a rádh, is ag cumadh na mbeart, agus ag cur gach rud i dtreó is feárr a ghním gnoithe. Níl maith ionnam 'á gcur i ngníomh. Tá díoghbháil an radhairc go mór m mo éadan. Agus mar bhí mé a rádh, tá mé iongantach dóchasach go mbéidh mé ábalta tairgsint a chur ós do choinne-sa gan mhoill, tairgsint a fhóirfeas go mór do fhear cosamhail leat,”

“Cad chuige a bhfuil tú ag déanamh an mhaithis seo orm-sa, a Mhr. Dresler,”

“D'innis mé duit cad chuige cheana fém. B’fheárr i bhfad liom thú bheith in mo leith ná thu bheith m mo éadan. Agus ó'n méid atá fhios agam fá'n chineál duine atá ionnat, níorbh' fhéidir liom an rud a dhéanamh ba mhó a thaitneóchadh liom-an tóir a chur ort ar fad,”

“Tá sin ionnraic go leór,” arsa Jim ag gáiridhe.

“Agus goidé an taingsint,”

“Má bhíonn tusa sásta déanamh mar tá mé a mholadh innseóchaidh mé an t-iomlán duit luath go leór. Tá sé comh maith agam a rádh nach bhfuil briseadh ar bith dlighidh ag baint leis an tairgsint,”

“Caithfidh sin a bheith cineál ain-chleachttha agat-sa, a Mhr. Dresler,” arsa Jim ag éirghe ina sheasamh.”Ach, bíodh fhios agat nach dtig liom dadaidh a rádh i gceart go dtí go dtugaidh tú tuilleadh eólais domh fá'n tairgsint. San am chéadna, ní chuinsrdh mé suas do do bheart gan a breathnughadh go maith ar tús,”

“Go maith,” ars' an cruitíneach. “Is dóigh liom go dtuigimíd a chéile go breágh,”

L 77

Tháinig aoibh bheag gháire ar aghaidh Jim, gáire a d'fhuígfeadh intinn iongantach mhí-shúaimhneach ag an chruitíneach, dá bhfeiceadh sé é.

“Tuigeann,” ar sé. “Béidh mé ag feitheamh le sgéala uait,”

“Agus eadar an dá am,” ars' an fear eile, “creidim go bhféadaimíd neamh-iongantas a dhéanamh de na síoth-
mhaoir,”

“Cinnte,” arsa Jim. “Daoine iongantach fiosracha iad, ar chaoi ar bith. Oidhche mhaith duit, a Mhr. Dresler. Thaitin an comhrádh seo go mór liom.”

Rinne sé comhartha do Phercy a leanstan, agus i gcionn chúpla bomaite bhí siad araon amuigh ar an chabhsa.

“Ná fosgail do bhéal,” ar sé go suaimhneach. “Ná cluineadh sé do ghlór, ar chor ar bith. Féadaidh tú bheith iongantach úsáideach uair éigin eile, a mhic,”

Shiubhail siad céad slat eile gan dadaidh a rádh, agus annsm leig Percy a racht amach.

“A mhic Dé ! a dhuine,” ar sé, “cinnte nil tú ag smaointeadh ar a dhul i gcomhar leis an diabhal sin,”

“Tá,” arsa Jim, ag gáiridhe, “oiread a's tá seisean ag smaointeadh ar a dhul i gcomhar liom-sa. Fear contabhairteach é sin, a Phercy, ach muna bhfuil mise meallta go trom, tá oidhche mhaith oibre déanta againn, tá sin,”

“Fuair sé do bhuaidh i gceart fá na síoth-mhaoir,” ars' an fear eile.

“An bhfuair? Nil fhios agam an bhfuair. Bhí an fhírinne ma lán dár dhubhairt se. Chuirfeadh siad ceisteanna orm-sa a chuirfeadh cruaidh go leór orm,”

“Ach, damnughadh air, a dhuine, tá sé cineál cruaidh ar an fhear bhocht a caitheadh. Badh mhaith liom cragán a thabhairt do dhuine éigin ar a shon sin,”

“Gearr thusa marc ar mo fhocal-sa, a Phercy, go bhfuighidh duine éigin cragán dá thairbhe sul a rabh mise réidh leis na gnoithí. Tá cuid mhór nár innis mé duit-se


L 78

go fóill. Bhí dearbhadh de dhíth orm ar tús sul a dtráchtainn air. Fuair mé sln anocht,”

“Dearbhadh? Goidé an dearbhadh,” arsa an fear eile.

“Dearbhadh go rabh níos mó sa chúis ná ba léir do dhuine,”

“Tá tú ag smaointeadh nach bruighean cearrbhachais ba chionnta leis an sgaoileadh aréir,”

“Féadaidh. Ach bhéadh sé ní b'fheárr a rádh nach fonn imeartha a thug an fear a sgaoileadh go dtí an teach, sa chéad áit. Chuaidh sé ann siocair go rabh baint aige leis an scéim sin a rabh ár gcara ag cainnt liom-sa uirthi anocht,”

“Níl fhios agam cérbh' é féin, an duine bocht. Is mór an truaighe nach bhfuil fhios agat,”

“Ach tá fhios,” arsa Jim. “Agus sin an áit a bhfuil cleas amháin agamn ar Dresler sa chluiche. Deárthair Judy Draycott a bhí ann,”

“Amaidighe,” ars' an fear eile ag seasamh i n-áit na mbonn. “Goidé an dóigh a bhfuil fhios agat,”

“Bhí sé comh cosamhail le Judy agus thiocfadh leis a bheith,” arsa Jim. “Ní thearn sé ach a theacht arais as Americeá Dheas indé - ar chaoi ar bith, sin é an t-am a dtáinig an long isteach-ach ní'l fhios agam goidé mar chuir sé thart an t-am eadar sin agus a theacht go teach an chearrbhachais. Ní thig liom a rádh cé chuir ina chionn a dhul ann ach oiread. An dágó, b’fhéidir, an fear a chaith é i ndeireadh báire - sin nó Barnet, b'fhéidir. Ach is cuma ciaca. Is é an áit a bhfuil an sgéal go rabh páipeár éigm aige a chreid sé a bhí luachmhar. Agus is é rud a bhí faoi an chneamhaine bheag sin anocht a fhagháil amach uaim-se ciaca bhí mé i h-a eólas sin nó nach rabh. Leig sé cuid de amach nuair a sháruigh air. Rinne sé tagairt do scéim éigin, ach níor dhubhairt sé dadaidh fá'n chineál scéime a bhí innti,”

“An bhfuil tuairim ar bith agat féin,”

L 79

“Tá, agus tuairim mhaith. Agus tá tuairim mhaith eile agam, a Phercy, go mbéidh greann ár sáith againne i n-ár mbeirt, agus gan é i bhfad amuigh — sin má tá tusa rithte fá n-a choinne,”

“Is mé féin atá, Taitneann rudaí mar seo liom-sa go breágh. Ach nach bhfuil sé cineál cruaidh ar an chailín, a mhic - ar Judy bheag,”

“Tá, tá fhios agam sin,” arsa Jim. “Ach chuaidh mise i gcionn an ghnoithe agus mo chuid súile fosgailte. Ní thabhairfidh sé eisean arais 'un tsaoghail anois a innse díthe, agus bhéarfadh sé na síoth-mhaoir isteach sa chúis dár n-aindeoin. B’fhéidir go gcrochfaidhe an dagó ar a shon, ach tá eagla orm. Mar sin de, nuair a thiocfas an t-am dhéanfaimídine ár gcuid féin de'n dligheadh agus caithfimíd é. Ach ní chaithfidh go fóill,”

“Ba mhór an truagh a thuilleadh bhidh a leigean amogha leis,” arsa Percy.

“Ní bhainfimíd leis annseo, a Phercy. Tá mé ag smaointeadh go mbéimíd ag dul go dtí Americeá Dheas roimh i bhfad, agus béidh sé furas go leor a dhéanamh amuigh annsin,”

“Go Americeá Dheas! Goidé an donas a bhéadh 'ár dtabhairt amach annsin?”

“Bhéarfaidh an turas fairrge agus an t-aer breágh maith dúinn. Agus eadar an dá am tá dhá rud agat le coinneáil i gcuimhne. Sa chéad áit, ní rabhamar i Hamp- stead anocht. Sa dara h-áit-agus seo é an chuid is tábhachtaighe ar fad - níor casadh mise agus Judy Draycott ar a céile ariamh. Coinnigh do theangaidh in do phluic, a Phercy, agus do shúil fosgailte, agus beidh bród ar an teaghlach asat sul a rabh mise réidh leat,”

Stop siad suas ag doras an Dorchester Club, agus tháinig Jim amach as an charr.

“Oidhche mhaith duit, a mhic. Bhéarfaidh mé iomlán eólais duit gan mhoill,”