An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 5

Caibidil

Caibideal V.

B'fhada le Jim go dtaradh an leitir ar maidin lá ar n-a bhárach. Goidé bhí sa pháipeár aisteach seo a chuir deártháir Judy chuice?

D’aithin sé an sgríbhinn comh luath 's chonnaic sé í. Le sin shúidh sé síos i gcúinne i seomra an tobac, an áit nach rabh aon duine dhá chomhair, agus d'fhosgail sé an clúdach. Bhí nóta beag goirid ann agus léigh sé sin ar tús.

“A Mhr, Maitland, a chara.

“Seo dhuit an léar-sgáil. Béidh mé ag dréim leat i dtrátha an dó-dhéag a chlog.

“Mise le meas,
Judy Draycott.”

D'amharc sé annsin ar an rud a bhí taobh istuigh de. Leath léar-sgáile a bhí ann, Do réir chosamhlachta, gearradh an léar-sgáil iomlán ma dhá cuid, agus ba léir goidé bhí i gceann an fhir a rinne dhá chuid dí. Chomnigh sé féin leath amháin, agus chuir sé an leath eile chuig a dheirbhshiúr.

Bhí sé tarraingthe go garbh. Bhí an sgríbhmn olc-go díreach an cineál sgríbhne a mbéitheá ag dréim leis ó sheóltóir gan léigheann.

Bhí sé furas go leór a fheiceáil gur ag iarraidh cuid de oileán a léiriughadh a bhí sé. Rinne an focal BEANNA an méid sin soiléir. Bhí CNOC ion-tuigthe, ach ní rabh sé cinnte goidé bhí i h-A-crann b’fhéidir. Maidin le GAILL agus GANN ní rabh sé i ndan dadaidh a dhéanamh díobhtha. níor chabhair ar bith an sgríbhinn ag bun ach oiread. Thiocfadh gur ANNSIN an chéad fhocal, agus dá mbadh eadh 

L 81

d’fhuígfeadh sin an chéad líne - ANNSIN TRIALL ó CHNOC A SIAR Ó.

beanna
gaill
cnoc
gann
thuaidh

Sin triall ó chnoc a siar ó is diabhalta & taisge sármhór

Thug sé amach a leabhar póca agus bhreathnuigh sé go cúramach ar an phíosa de pháipeár a fuair sé an oidhche

L 82

roimhe ré. Rinne sé amach gur ó'n choirnéal íochtarach, ar an taoibh chlí, a b'éigean a strócadh, agus go mb'fhéidir gur an chéad chuid de DHEAS a bhí i DHE, agus as sin fuair sé - ANNSIN TRIALL Ó CNOC A SIAR Ó DHEAS. Ní rabh ciall ar bith le IS DIABHALTA AGUS TAISGE SÁRMHÓR gan an chuid eile. Maidir le sin níorbh' fhiú dadaidh aon chuid de gan an leath eile.

Luigh sé siar ina chathaoir agus dhearg sé toitín. Bhí príomh-phoinntí na ceiste soiléir go leór. Bhí leath amháin ag Dresler agus ag a bhunadh-amach ó'n ghiota a bhí stróctha de'n choirneál. Bhí an leath eile aige féin. Ach d'aindeóin go rabh fhios aige-sean an leath eile bheith aca-san, ní rabh siad-san amhlaidh leis. Agus mar adubhairt sé le n-a chol ceathar, badh é sin an áit a rabh cleas aige ortha sa chluiche.

Ní thiocfadh leis a chreidbheáil go rabh rún ar bith aca an buachaill óg, Draycott, a mharbhadh. Dá mba rud é gur theastuigh uatha a chur as an chasán, thiocfadh leo sin a dhéanamh i ndóigh ní ba fhusa agus ní ba shábháilte ná a chaitheamh i dteach i Lonndain. Ach marbhadh é agus anois chaithfeadh siad a mbeart 'imirt comh maith is thiocfadh leó. Rinne siad a ngnoithe go tapaidh agus go cliste. Munab é comh h-iongantach ádhmhail a's thárla gur casadh Judy Draycott air sul ar chuala sé an t-urchar, ní bhéadh ciall ar bith aige do na gnoithí. Agus munab é go rabh fhios ag an dágó - nó is aige b’éigean fios a bheith - an cineál duine a bhí ann, ní dhéanfaidhe mórán de'n chomhrádh a thárla aréir. Bhí eagla ar Dresler roimhe, siocair go rabh sé i h-ainm a bheith i gcomhnuidhe ag cuartughadh trioblóide, agus chan cionn 's gur mheas sé aon eólas fá leith a bheith aige fá'n cheist seo.

Le sin thoisigh sinaointe eile a theacht chuige. An rabh fhios ag an mhuinntir eile gur cuireadh leath na léar-sgáile chuig Judy Draycott? Ba chosamhail go rabh fhios. Bhain sé sin as a cuid cainnte leis ar an ghuthán nuair adubhairt

L 83

sí gur cuartuigheadh a seomra fhad a's bhí sí ag a dinneár. Agus bhí sé ion-tuigthe as sin nar mheas siad-san gur rud gan úsáid an léar-sgáil. Maidir le go rabh dearbhadh ar bith aca ar sin taobh amuigh de fhocal an fhir mhairbh, ní thiocfadh leis a rádh, ach daome de sheórt Emil Dresler, ní théigheann siad a dh'obair ar bheart de thairbhe buille fá thuairim. Agus má's amhlaidh bhí, goidé mar d'éireóchadh leis féin an leath eile a fheiceáil? Níor sgruball leis a goid uatha, dá dtigeadh leis - ar ndóigh, ba le Judy Draycott féin í. Annsin, nuair a bhéadh an léar-sgáil iomlán ós a choinne, d'innseóchadh a chiall féin dó ciaca b’fiú a dhul níos fuide leis an chúis ná nárbh' fhiú. Ach goidé an dóigh a rachadh sé ina cionn? Bhí fhios aige go maith gur le gliocas a chaithfeadh sé féacháil leis an léar- sgáil a fhagháil; ach chuaidh corradh le h-uair an chluig thart sul ar thoisigh sé a sinaointeadh sa deireadh ar bheart.

Bhreathnuigh sé go cúramach ar leath na léar-sgáile árís, ach ní ar an sgríbhinn a bhí a aire an iarraidh seo ach ar an pháipeár. Agus badh í an cheist a bhí sé a chur air féin an dtiocfadh leis páipeár cosámhail leis, páipeár de’n chineál chéadna, a fhagháil i Lonndain, páipeár saor geal a bhí ann, agus séala doiléir ar an chúinne cosamhail le coróin. Ba dóiche gur i n-Americeá Dheas a rinneadh é. Arbh' fhéidir leis an cineál céadna a fhagháil annseo? Badh ar an phoinnte seo a bhí an bheart uilig ag brath. Seo an rud a bhí ina chionn:

Thiocfadh leis críoch thoir an oileáin agus an críoch thiar a choinneáil san áit a rabh siad. Chomneochadh sé GAILL agus GANN ma n-áit féin fosta. Ní athróchadh sé dadaidh i n-aice na líne an áit ar ghearr an siosúr é. Ach dhéanfadh sé léar-sgáil nua ar fad de’n chuid eile. Thiocfadh leis an cnoc a chur i n-áit eile ar fad. Mar an gcéadna leis an áit a rabh A. Thiocfadh leis fosta na focla ag bun a athrughadh, fad agus thiocsadh an dá chuid dá chéile, ní bhéadh amhras ar aon duine, ach an páipeár uilig a bheith de’n

L 84

chineál amháin, Bh'fhéidir go dtiocfadh, ar an dóigh seo, amharc maith a fhagháil ar an leath eile, agus gan a thaisbeáint ar a shon ach bréag-chóip de’n leath a bhí ma láimh aige.

Bhí an iomad poinntí beaga le socrughadh, ach bhí baramhail thréan aige go rabh sé ar an bhealach cheart. An chéad rud a bhí le déanamh ceist a chur fá’n pháipeár. Ach dar leis féin go sgairtfeadh sé ar Judy Draycott sul a rachadh sé amach.

I ndiaidh an choimheádta a bhí ag Dresler air an lá roimh ré, ní bhéadh mórán amhrais ná bhéithí ina dhiaidh arís. Agus bhí sé riachtanach gan leigint do’n mhuinntir eile a fhagháil amach go rabh aithne aige féin agus ag Judy ar a chéile. Bhéadh sé cineál baoghalach a dhul a dh’amharc uirthi ina teach féin. Chaithfeadh sé shocrughadh, mar sin, cárbh' fhéidir leis a feiceáil.

“Dia dhuit! a Jim, goidé mar tá an saoghal?”

Percy a bhí go díreach i ndiaidh a theacht isteach, agus thug Jim i leath-taoibh é.

“Tá obair bheag le déanamh agat damh, a ghiolla óig,” ar sé. “Bhí mé go díreach ag dul a labhairt fríd an ghuthán, ach thig leat-sa a dhul ann. Béidh sé níos sábháilte. Imthigh agus abair le Judy Draycott nach dtig liom a dhul go dtí an teach s'aici-se ar maidin indiu. Innis díthe go míneóchaidh mé féin an fáth arís, ach gur riachtanach gan fios a thabhairt do aon duine gur casadh mise agus i féin ar a chéile, agus ós rud é go bhféadfar mo leanstan nár mhaith liom a dhul go dtí Langham Square. Agus annsin, a Phercy, bhéarfaidh tú thart annseo go dtí an club í go dtí doras na mban, agus nuair a thiocfas an t-am béidh mise agaibh.”

“Maith go leór, a mhic. Agus gan labhairt ar an oidhche aréir?”

“Ná labhair ar dhadaidh - go fóill. Ná h-abair dadaidh fá n-a deárthair ar a bhfaca tú ariamh, na tá mé chomhair a bheith cinnte go mbéidh sí ag cainnt leat air-sean.”

L 85

D'fhan Jim deich mbomaite ó d'imthigh Percy sul a dteachaidh sé féin amach ma dhiaidh. Agus annsin féin níor chosamhail dó mórán deifre bheith air. Sheas sé ar an taobh- chasán, mar dhéanfadh fear a bhéadh ag baint suilt as aer na maidne. Ach nuair a bhíodh cuma ar im Maitlánd a bheith ag déanamh rud amháin níor mhisde duit do rogha geall a chur gur ar rud éigin eile a bhíodh a umhail. Agus an seal beag goirid a bhí sé ina sheasamh annsin sul ar sgairt sé ar ghluaisteán thug a shúil ghéar fá dear beirt fhear nár thaitin a gcosamhlacht leis.

Nuair a chor an carr suas pall Mall d’amharc Jim thart. Bhí an bheirt i gcarr eile agus iad ag teacht ina dhiaidh. Dar leis féin go mb'fhéidir go dtiocfadh greann beag as go fóill. Le sin chuir sé a cheann amach ar an fhunneóig agus d'iarr sé ar an tiománaidhe tiomáint leis go fadálach thart St. James’s Square go dtí go n-abradh sé leis stad.

“Thart, thart leat,” ar sé. “Tá an t-aer iongantach maith fá'n áit sin.”

Anois, mar tá fhios ag an tsaoghal, tá cúig bóithre amach as St. James's Square, agus chuir seo mearbhall ar an bheirt fhear. Ní stadsadh siad ar eagla go n-éalóchadh an fear a rabh siad ar a thóir bóthar éigin de'n chúigear. Ach, san am chéadna, nuair a bhí Jim i ndiaidh a dhul thart timcheall na h-áite de'n seiseadh h-uair bhí siad ag éirghe cineál tuirseach. Ach ba mheasa ná sin a bhí siad nuair a stop seisean a ghluaisteán féin agus chraith sé ortha go carthannach.

“Greann breágh atá ann, nach eadh?” sgairt sé leó agus a gcarr ag dul thart leis, “An leanfaimíd de?”

Stop an carr eile agus tháinig fear de na fir amach.

“An linne bhí tú ag cainnt?” d'fhiafruigh sé.

“Ní libh, ní libh, a mhic. Is é rud a bhí mé ag cainnt leis an ghealbhán sin atá ag ceileabhar thall annsin sa chrann.”

L 86

“Seo, bíodh múineadh ort,” arsa an fear eile agus é ag tabhairt súil thart go deifreach. “Bíodh múineadh ort, nó b'fhéidir gur cluaisín te a gheobhthá, a ógánaigh.”

Thoisigh Jim a gháirí,

“A chuacháin cháidhigh,” ar sé go suailceach, “ní thiocfadh leat cluaisín te a thabhairt do naoidheanán. Agus má tá sibh ag brath coinneáil in mo dhiaidh mar seo, bhéarfaidh mé suas sibh do’n chéad síoth-mhaor a chasfar orm. Is leór an aghaidh atá ort féin agus ar do chara le bainne a ghéarughadh ... 'Seadh! an ndéanfá?”

Chuir cainnt Jim an fear e”ile i mbárr a chéille agus le sin thug sé iarraidh de bhuille ar a ghloine súile. Ní theachaidh an buille fá throigh dó, ach ní rabh níos mó de dhíth ar Jim. Taobh istigh de bhomaite bhí an fear ina sheasamh go fágtha agus a sgiathán gaibhte i ngreim a bhí ag teannadh air mar bhéadh bhís chruadhach ann.

“De gheall ar Dhia, a dhuine!” ar sé go fíochmhar, “tá mo uille dhá briseadh agat.”

“Níl. Níl mé ach ghá casadh,” arsa Jim. “Agus ó thárla sa riocht seo thú, tá mé ag déanamh go sgairtfidh mé ar an tsíoth-mhaor sin atá i ndiaidh a theacht isteach 'un na cearnóige, ... A oifigigh,” ghlaodh sé.

Ach ní rabh rún ag an fhear eile fanacht le síoth-mhaor ar bith. Thug sé a sean-iarraidh agus tharraing sé é féin as an ghreim. Le sin rith sé arais go dtí an carr agus bhí siad ar shiubhal i mbomaite. Bhí Jim ag gáiridhe leis féin go suaimhneach nuair a thámig an síoth-mhaor chuige.

“Ar sgairt tú, a dhuine uasail?” ar sé.

“Sgairt,” arsa Jim, “d’aindeóin nach rabh feidhm damh, a oifigigh. Theastuigh ó mo charaid atá i ndiaidh imtheacht eólas an bhealaigh a fhagháil go dtí áit éigin ach measaim go bhfuair sé é.”

“Bhain sé as go cineál tapaidh.”

“Bhain” arsa Jim. “Bhí cuma air go rabh deifre

L 87

air, nach rabh? Bhal, maidin mhaith duit, a oisigigh. Tá mé buadhartha gur chuir mé isteach ort.”

“Cé'n áit, a dhuine uasail?” ars' an tiománaidhe, nuair a d'imthigh an síoth-mhaor.

“Tiomáin go dtí teach Hyman, i Little Portland Street,” ar sé. “Siopa mór páipeár atá ann,”

“Cuilceach námhadach a bhí san fhear sin, a dhuine uasail,” ars' an tiománaidhe ag gáinidhe.

“Amadán a bhí ann,” arsa Jim go tur, “amadán críochnuighthe. Chonnaic mé cluasáin go leór ag iarraidh mé a leanstan, ach buailidh sé sin amach a bhfaca mé ariamh le ciotaighil. Coinnigh súil ghéar thart, ar eagla go bpillfeadh siad, d'amdeóm nach dóigh liom go bpilleann.”

Bhí an ceart annsin aige. Níor phill. Ní rabh aon amharc le feiceáil ar an charr eile nuair a d'íoc sé táille a charra fém. Ach ar eagla na h-eagla, chuaidh sé go dtí an chlúid a b'fhaide siar sa tsiopa sul ar innis sé goidé bhí de dhíth air.

Thug sé an léar-sgáil as a leabhar póca.

“Ba mhaith liom a fhagháil amach,” ar sé, “an dtig leat páipeár a thabhairt damh atá cosamhail ar fad leis an pháipheár seo. Caithfidh sé a bheith comh cosamhail sin leis nuair a bhéas an dá leath ag taoibh a chéile go n-abróchadh duine ar bith le h-amharc ortha gur aon pháipeár amháin é gearrtha ina dhá chuid.”

Ghlac an buachaill siopa an páipeár ina laimh agus sgrúduigh sé é go cúramach.

“Níor chóir go mbéadh sin deacair, a dhuine uasail” ar sé, sa deireadh. “Geobhaidh mé leabhar somplaí.”

Fuair siad an rud a bhí de dhíth ortha chomhair a bheith ar an bhomaite - páipeár a bhí comh-chosamhail leis an ghiota a bhí aige féin. Cheannuigh sé leath-duisín píosaí agus thoisigh sé a shiubhal arais go dtí an club annsin. Bhí gach rud go breágh an fad seo; ach bhí an phríomh-chuid de'n cheist le socrughadh go fóill, Bhéadh sé furas go leór léar-sgáil 

L 88

bréige a tharraingt anois, ach goidé an dóigh a b'fheárr a dtiocsadh leis úsáid a dhéanamh dí nuair a bhéadh sí aige?

Níor mhian leis leigint de'n mhuinntir eile a fhagháil amach go rabh fhios aige dadaidh fá'n lear-sgáil ar chor ar bith. San am chéadna bhí a bheart uilig ag brath ar an leath eile de'n léar-sgáil a bheith le feiceáil. Níor chabhair ar bith an leathbhréige a chur chuca ar dhóigh éigin. Ní dhéanfadh sin ach an léar-sgáil a fhágáil gan mhaith ag an dá thaoibh. Sa deireadh rinne sé amach nach rabh ach aon dóigh amháin le n-a réidhtiughadh. B'fhéidir nach mbéadh maith ann, ach chaith- feadh sé féacháil leis. Agus badh í Judy Draycott a chaithfeadh a dhéanamh, Ba chuma fios a bheith ag Dresler agus ag n-a bhuidhean gur cuireadh an leath chuici-se. Mar sin de, chaithfeadh sise féacháil ar dhóigh éigin leis an leath eile a fheiceáil, agus a fheiceáil ar feadh fada go leór le cineál de chuimhne a choinneáil air. Ba dóiche nach rabh mórán fioghraidheachta uirthi; agus dá bhfuigheadh Judy bomaite nó beirt le n-a breathnughadh go cúramach, ba chóir go mbéadh sí ábalta macsamhail a tharraingt fíor go leór.

Bhí ball amháin lag sa scéim. B'fhéidir nach leigfeadh siad do Judy an chuid eile a fheiceáil. Rud eile,
bhéadh sé deacair aici a dhul chuca gan leith-sgéal ar bith a bheith aici leis. Goidé an sgór a mbéadh eólas ar bith aici ortha? Ní rabh fhios aige go fiú ciaca bhí aithne aici féin agus ag Barnet ar a chéile. Ach poinntí beaga a bhí ionnta seo. Bhí sé sásta go rabh an príomh-chuid de'n bheart ceart. Ní rabh aon duine ach Judy Draycott i ndon an obair a dhéanamh gan an t-iomlán a mhilleadh. Agus dá n-éirigheadh léithe, agus í bheith ábalta cuimhne mheasardha ar bith a choinneáil ar an leath eile bhéadh sé de shásamh aca an fhírinne a bheith aca, nuair nach mbéadh ag an námhaid ach léar-sgáil oileáin, agus gan i gcuid mhór dí ach samhailt.

Bhí sé ag machtnamh mar seo nuair a chor sé isteach 'un

L 89

an chlub, an áit a bhfuair sé a chol ceathar ag feitheamh leis agus dreach imnidheach air.

“Tá sí ar shiubhal, a Jim,” ar sé go goirid. “Siubhail isteach go seomra an tobac,” arsa Jim. “Anois,” ar sé annsin, nuair a fuair siad dhá chathaoir, “goidé seo ? Deir tú go bhfuil sí ar shiubhal. Cé'n áit?” “Sin rud nach bhfuil fhios agam, a mhic,” ars' an fear eile. “Le sean-stacán mná uaisle an teach — bean de na h-uaisle a bhí ann roimh aimsir Nóe, sílim - agus tá Judy ma comhnuidhe aici. Bhal, bhuail mé féin isteach agus chuir mé ceist fá'n chailín, ach goidé rinne an doirseóir ach mo chur isteach i láthair na sean-chaillighe is millteanaighe a chonnaic tú ariamh. Bhain sí craitheadh asam, a mhic, agus craitheadh maith, ní misde liom a admháil.”

“‘An tusa Mr. Maitland?’” ar sí de ghlór mar bhéadh gaoth mhór sa tsimléar ann.

D'admhuigh mé gurbh' é sin m'ainm, agus le sin d’fhéach sí orm fríd a cuid gloiní.”

“‘Ar mo fhocal nach dtuigim meón na ndaoine fá lathair,’” ar sí annsin, “‘ach caithidh gur chaill Judy a ciall ar fad ar na mallaibh. Dubhairt sí go rabh tú iongantach dóigheamhail agus gur bhreágh an pearsa fir thú.’”

Bhal, smaointigh mé gur fhéad sí a rádh i ndóigh éigin eile, ach thug spiorad an teaghlaigh fríd mé.

“‘Sin an áit a dteachaidh do leath-chos i n-abar,’” arsa mise go breágh tíorthamhail. ‘Badh é mo chol ceathar a bhí i gceist aici, fear atá claon beag cosamhail liom, do réir mar a chluinim.’”

“Dar fiadh! níl splaid agat,” arsa Jim ag gáiridhe. “Lean leat.”

“Do réir chosamhlachta, dubhairt mé rud nár cheart damh a rádh,” arsa percy. “Shuidh sí tamall agus a béal ag fosgladh agus ag dúnadh i rith an ama, ach focal níor labhair sí. Shíl mé go rabh na cosa ag imtheacht as fúithe agus bhí mé ag sinaointeadh goidé an donas a dhéanfainn 

L 90

dá bhfuígthí spréidhte ar an bhrat teallaigh í. Ach le sin féin thoisigh crónán beag géar a dh'éirighe i n-a cainnt do réir a chéile, d'aindeóin nach rabh ach cuid díthe ion-tuigthe.

“‘Mo chos! Mo leath-chos san abar! Muna tú féin an buachaill óg gan mhúineadh — rádh a's de go bhfuightheá
croidhe!’”

“Bhal, d'éirigh liom bamt fúithe. mhínigh mé díthe nach rabh ann ach cuid de chuid slam-chainnte na h-aimsire seo, agus sa deireadh, buidheachas do Dhia ! thoisigh a h-anál a theacht mar ba chóir arís, agus d'fhág an dreach fiadhain a h-aghaidh.

“‘Anois,’” arsa mé go cuideamhail, “‘goidé fá Judy bheag? Creidim, mo dhálta féin, go bhfuil fiche rud le déanamh agat sul a bhfaghaidh tú béile an mheadhon lae a chur le do ghrásta.'”

D'éirigh liom do réir a chéile cunntas a fhagháil uaithe ar ar thuit amach le linn na maidne, fad a's thiocfadh liom déanamh amach bhí Judy sa phromn-seomra léithe fém nuair a tháinig bean isteach a dh'amharc uirthi. Ní thiocfadh leis an tsean-chailligh innse damh goidé an cineál mná a bhí innti, na ní thig sí fém anuas 'un an phromh-seomra ar maidin. Ach, ar chaoi ar bith, bhí sgéala leis an mhnaoi seo chuig Judy - sgéala ó n-a deárthair.

“Goidé sin?” arsa Jim ag suidhe aniar. “Ó n-a deárthair?”

“Chuir sé an t-iongantas céadna orm-sa, a mhic, nuair a chuala mé é,” arsa Percy.

“Níor leig tú dadaidh ort féin, ar leig?”

“Bhí mo aghaidh comh forasta 's d'iarrfá,” arsa a chol ceathar, “Ach tá tuilleadh le h-innse agam. Badh é deireadh an sgéil gur imthigh Judy leis an mhnaoi seo, agus gur fhág sí sgéala fá do choinne-se go gcaithfí an coinne a bhí aici leat ag an mheadhon lae a chur ar gcúl.”

“Ar innis sí cá rabh sí ag dul?” arsa Jim.

“Do réir chosamhlachta níor innis. Níor innis do'n

L 91

tsean-chailligh ar chaoi ar bith. Agus ba leisc liom cead a iarraidh dhul chun cainnte leis an chailín aimsire.”

“Agus níor dhubhairt sí dadaidh fá cé'n uair a bhí rún aici pilleadh?”

“Níor dhubhairt focal. Le sin d’umhluigh mise do'n bhan-dia chóir agus d'fhág mé an teach.”

Dhearg sé toitín, agus thug sé órdughadh do fhreastalaidhe a bhí ag dul thart cibé bhí de dhíth air a thabhairt chuige.

“Anois má bhreathnuighimíd ar an cheist ina h-iomlán, a Jim,” ar sé annsin, “tá rud amháin soiléir. Rinne tusa
earráid, sin ná níl ann ach gaiste.”

“Is fíor dhuit,” arsa a chol ceathar. “Agus ó thárla nach dtearn mise earráid ...”

D'fhág sé an rádh gan chríochnughadh. Goidé mar rachadh seo dá bheart féin? Maidir le go rabh rún ar bith aca dochar a dhéanamh do'n chailín chuir sé sin as a cheann ar fad. Níor chabhair ar bith daobhtha ise do ghortughadh. Ní rabh aon amhras ná gurbh' é bhí de dhíth ortha an leath eile de'n léar-sgáil a fhagháil, agus ba léir go rabh fhios aca an leath eile a bheith aici-se. Ba leir fosta nach rabh fhios aca gur chuir sí chuige-sean é. Ach cá fad a bhéadh siad go bhfuighidís amach é? Cá fhad a bhéadh sise gan a innse daobhtha?

Spreag sinaomteadh eile é anois. Goidé bhí siad ag brath a dhéanamh fá n-a deárthair? I ndiaidh an cailín a mhealladh ar shiubhal le sgéala éigin ar shéala gur teacht- aireacht uaidh a bhí ann, nídh nach iongnadh, bhéadh sí ag dréim le n-a fheiceáil. Agus dhéanfadh sé iongantach amhrasach í, muna bhfeiceadh. Agus ó thárla nach dtiocfadh leó a chorp marbh a thaisbeáint díthe agus poll urchair fríd an chroidhe ann, níorbh' fhuras a thuar goidé dhéanfadh siad.

Chuaidh sé treasna go dtí ceann de na táblaí sgríbh- neóireachta. Dá thúisge bhéadh an léar-sgáil bréige réidh aige b'amhlaidh a b'fheárr. Ní rabh fhios cé an bomaite a dtuitfeadh rud éigin amach, agus theastuigh uaidh a bheith 

L 92

ullamh. Bhreathnuigh sé go cúramach ar an léar-sgáil arís ar feadh tamaill. Thug sé leis annsin ceann de

Cnoc
Gaill
Gann
thuaidh

sin triall ó chnoc a siar ó is diabhalta * taisge sármhór
na duilleóga páipéair a bhí sé i ndiaidh a cheannacht agus

L 93

“Ba chóir go ndéanfadh sin an gnoithe,” ar sé leis féin deich mbomaite ní ba mhoille. Chuir sé an ceann ceart i gclúdach agus chuir sé chuig a dhligheadóir é, agus nóta beag istigh leis. Chuir sé an ceann bréige ina leabhar póca. Tharraing sé chuige páipeár pictiúirí annsin agus shuidh sé síos. Ní rabh dadaidh a thiocfadh leis a dhéanamh ach sanacht go foighdeach.

Thámig Percy arais roimh am lóm, agus d'fhiafruigh de Jim an rabh sgéal nuaidh ar bith aige.

“Ar mo fhocal go bhfuil sin rí-chliste, a Jim,” arsa Percy nuair a mhínigh Jim a bheart dó. “Ach ó's rud é go dteachaidh Judy chuca, fuíghfidh sin ár gcuid oibre cineál níos deacra.”

“Fuígfidh, tá an ceart annsin agat,” ar sa Jim.

“Ní thig linn a dhath a dhéanamh ach fanacht go bhfeicimíd goidé mar bhéas. Agus ó thárla nach dtig leóbhtha-san an rud atá de dhíth ortha a fhagháil, caithfidh rud éigin tuitim amach gan mhoill. B'fhéidir go n-innseóchadh sise daobhtha gur chuir sí an léar-sgáil chugam-sa. B'fhéidir eile nach n-innseóchadh. Ach go dtí go rabh fios agamn sin, ní bhéimíd ach ag tomhas.”

“Ní dhéanfaidh siad dochar ar bith díthe, do bharamhail?”

“Ní dhéanfaidh,” arsa Jim ar an bhomaite. “Béidh cúram an tsaoghail aca díthe go dtí go bhfaghaidh siad an léar-sgáil. Agus sul a bhfaghaidh siad sin béidh lámh bheag againne sa chluiche,”

D'ith siad greim dinneára, agus b’fhada leó an t-am i n-a dhiaidh sin. Ní leigfeadh an eagla do Jim a dhul ró-fhada ó'n ghuthán, agus bhí eagla ar phercy aon chuid de'n ghreann a chailleadh.

Bhí sé go díreach i ndiaidh an cúig a chlog nuair a tháinig an sgéala. Goireadh chuig an ghuthán ar Mhr. Maitland.

“Téigh thusa, a Phercy,” arsa Jim. “Má's í Miss Draycott atá ann faigh amach cia as a bhfuil sí ag cainnt. Má tá sí i Lonndain, agus cead na coise aici, iarr uirthi


L 94

theacht thart go dtí taobh na mban annseo mar shocruigheamar ag am lóin.”

“Maith go leór, a mhic,” ars' an fear eile. “fág sin agam-sa.”

Tháinig sé arais chomhair a bheith ar an bhomaite.

“Ag cainnt as Cearnóig Langham,” ar sé. “Tá sí ar a bealach anois féin. Agus muna bhfuil mé meallta go mór, a Jim, tá rud éigin mór ar cois.”

“Go maith!” arsa Jim. “Dá thúisge thiocfas sí is amhlaidh is feárr,”

“Ar mhaith leat mise bheith i láthair ag an chaidreamh? ” d’fhiafruigh a chol ceathar.

Dubhairt Jim gur mhaith.

“Ach ná h-abair dadaidh, fá lathair ar chaoi ar bith, fá n-a deárthair!”

Chuir Judy Draycott le n-a focal. Tháinig sí chomhair a bheith ar an bhomaite. Agus dar le Jim agus é ag craitheadh laimhe léithe go rabh sí go flú ní ba deise ná shíl sé an chéad uair a chonnaic sé í. Ach bhí cuma uirthi a bheith i imshníomhí.

“Goidé tá cearr, a Mhiss Draycott?” ar sé nuair a bhíodar ina suidhe.

“A Mhr. Maitland,” ar sise, “tá diabhlaidheacht éigin ar siubhal, Tá an croidhe cráidhte ionnam glan.”

“Ní dóigh liom go bhfuil an sgéal comh h-olc sin ar fad,” ar seisean ag gáiridhe. “Tá mise agus Percy beag i ndiaidh a lán spóirt a bheith againn fá do ghnoithe fosta.”

“Goidé an dóigh?” ar sise agus iongantas uirthi.

“Cluinfidh tú an t-iomlán i h-am, a mhiss Draycott,” ar seisean. “Innis dúinn do chuid féin de'n sgéal ar tús. Nil fhios againn ach go dtáinig bean de chineál éigin a dh’amharc ort ag am bricfeasta ar maidin indiu, agus teachtaireacht léithe ó do dheárthair, agus gur imthigh tú féin agus í féin i gcuideachta.”

“Bhí carr réidh aici taobh amuigh,” arsa an cailín, “agus níor smaointigh mé ar dhadaidh ach a dhul isteach ann.

L 95

Níor dhúirt sí a dhath ar bith sa teach ach gur iarr Arthur orm theacht, agus an litir a chuir sé chuig an bhanc a bheith liom. Agus sin rud, ar ndóighe, nach dtiocfadh liom a dhéanamh gan teacht chugatsa leis an litir a fháil.

“Rud a bheadh deacair go leor a dhéanamh,” arsa Jim. “Ar dhúirt tú gur léithe gur chuir tú chugam í?!”

“Níor dhúirt. Agus, i ndáiríribh, níl a fhios agam cad chuige nár dhúirt san am. Mar ní raibh droch-amhras ar bith agam faoin ghnoithe san am. Shíl mé é a bheith cineál aisteach go gcuirfeadh Arthur teachtaire mná chugam, ach bhí mé chomh fonnmhar sin lena fheiceáil, nár bhuair mé mo cheann mórán faoi. Ní dhearn mé ach rith suas an staighre, an scéal a insint do mo aintín, agus imeacht liom. Carr druidte a bhí ann, agus bhí an tiománaí faoi éideadh. Agus i ndiaidh tamaill, thug mé faoi deara fonn ar mo chomrádaí gan ach fíorbheagán a rá. Cá bith ceist dár chuir mé uirthi, ní bhfaighinn mar fhreagra ach siolla amháin. Sa deireadh, mar sin, shocraigh mé tabhairt uirthi níos mó eolais a thabhairt domh.

“‘An bhfuil a dhath ar bith ar mo dheartháir?’”

“Thug sí iarraidh an cheist a sheachaint, ar tús, ach níor ghlac mé leis sin, agus lean mé orm. Sa deireadh, dúradh liom gur bhain droch-thaisine dó, rud a chuir uafás orm.”

“Thug an bheirt fhear spléachadh ar a chéile, ach bhí an cailín chomh tógtha sin lena scéal, nár thug sí sin faoi dear.”

“In ionad altranais a bhí sé, agus bhí rud éigin i ndiaidh dochar a dhéanamh dá chuid súl. Taisine bhóthair a bhí ann, agus bhí a aghaidh geartha go mór.”

“‘Cé atá ag tabhairt aire dó?’” a d'éilligh mé.

“‘Dúirt sí gur faoi chúram dochtúra darbh ainm Philips a bhí sé. Agus nuair a chuir mé ceist faoin áit, dúradh liom go raibh an teach taobh amuigh de Mayfield i Sussex.’”

“‘Ach cad é faoin spéir a thug suas chuig an áit sin é’”, a scairt mé, agus an iontas mór orm; ní thearn sí ach croitheadh beag a bhaint as a guailneacha. Ní raibh barúil aici cad chuige a raibh sé ansin: ní thiocfadh léithe a rá ach gur tharla an taisine faoi leathmhíle de gheaftaí an tí mhóir, agus gur fir oibre a d'iompair isteach sa teach é.’”

L 96

“Bhain muid an áit amach ag leath i ndiaidh a hocht, agus nuair a chonaic mé an teach thit an croí ionam. Bhí cuma ghruama dhorcha ar an áit: ba deacair sinaoineadh ar áit ba lú a bheadh fóirsteanach mar ionad altranais. Agus sílim, gur le linn a bheith ag tiomáint suas chuig an doras, a chéadtháinig drochamhras i mo cheann faoin chúrsaí. Thug mé faoi dear súile na mná a bheith greamaithe díom, agus d'ainneoin bhain sí díom iad chóir a bheith láithreach, bhí rud éigin an-aisteach le feiceáil iontu. Ba ansin, mar a dúirt mé a chéadsmaoinigh mé nach dóiche go raibh gach rud mar ba cheart.”

“Seirbhíseach fir a d'oscail an doras, agus le linn domh a bheith siúl isteach, méadaíodh ar mo dhrochamhras. Bhí an áit seort fesitighe ar dhóigh éigin, ach bhí seanbholadh le mothú den chineál nach bhfaightear ach i dteach a fágadh folamh ar feadh fada go leor. Mar sin féin, níor dhúirt mé dadaidh, ar ndóighe, agus bomaite ina dhiaidh sin, tháinig fear anuas an staighre chugam.”

“‘Seo an Dochtúir Phillips,’” arsa mo chompánach.

“Chroith sé lámh liom, agus thug sé mé chuig ceann de na seomraí thíos staighre.”

“Is mí-ámharach, mar a d'éirigh do do dheartháin, ag teacht chun an bhaile dó!', ar seisean. “‘Fuair tú an scéal ón mhátrún s'againne, is dóiche.’”

“‘D'innis sí domh gur gortaíodh Arthur go holc i dtaisine bhóthair,’” a d'fhreagair mé. “‘Agus ba mhaith liom é a fheiceáil, caol díreach, mura miste libh é.’”

“Thóg sé lámh.”

“‘Bomaite beag amháin, a chailín óig, a stór,’” ar seisean - “agus má tá rud amháin ann a chuireann ar an daoraí mé, is é a leithéid sin a bheith á tabhairt orm é” - “‘is gá comhrá beag a bheith againn leis ar tús. San chéad áit, tá dóigh an-sothógtha ar do dheartháir, faoi láthair. San dóigh a bhfuil sé is

L 97

furas a chorrughadh -agus an dóigh a bhfuil a aghaidh agus a chuid súile ...’”

“‘Súile!’” arsa mise.

“‘Nár thrácht an árd-bhanaltra ar sin? Bhal, is truagh liom a rádh go bhfuil a chuid súile gortuighthe fosta. Is é sin an fáth a bhfuilimíd 'á choinneáil i seomra dorcha. Ach ná bíodh eagla ar bith ort. Tá mé cinnte, le h-aire mhaith agus faithchill, nach mbéidh meath ar bith ar a amharc, sin má - agus tá seo iongantach tábhachtach - má thig linn a choinneáil socair. Níl aon dath is measa dó ná dadaidh a intinn a chorrughadh. Anois, nídh nach iongnadh, níl fhios agam-sa goidé a bhfuil sé ag cainnt air ach comh luath géar a's bhí sé i ndon na focla a chur le chéile aréir bhí sé ag fiafruighe fá litir éigin a chuir sé chugat-sa. Caithfidh sé an litir sin a fhagháil. Caithfidh sé a fagháil ar an bhomaite. Ní rabh maith ar bith damh-sa a rádh leis an duine bhocht nach dtiocfadh leis a léigheadh - go mbéadh sí sábháilte go leór agat-sa go dtí go mbéadh biseach air. Ní rabh gar ann. Annsin d'iarr mé ar an árd-bhanaltra, nuair a bhí sí ag dul fá do choinne, bheith cinnte agus a innse duit, sa dóigh a dtiocfadh leat an litir a thabhairt leat. Tá sí agat, creidim.’”

“Agus badh annsin, a Mhr. Maitland, a chuir mé na sinaointe fríd a chéile go tapaidh. Bhí mé comh cinnte a's thiocfadh liom a bheith go rabh rud éigin cearr. Bhí fhios agam nach otharlann ar bith a bhí sa teach, agus bhí tuairim mhaith agam fosta nach dochtúir a bhí san fhear a bhí ag cainnt liom. Bhí sé ró-mhilis agus ró-phlásánta. Ach goidé thiocfadh liom a dhéanamh? Ní rabh an litir agam, agus goidé thárlóchadh nuair a d'innseóchainn sin dó? Bhí mé dearbhtha gurbh' í an litir a bhí de dhíth ar an fhear, agus dá bhfaghadh sé amach nach rabh sí agam, go bhféachfadh sé le tabhairt orm pilleadh arais go Londain fá n-a coinne sul a bhfuighinn a dhul de chomhair Arthur. Ach bhí cinnte agam-sa gan an 

L 98

seans a thabhairt dó. Bhí cinnte agam, ba chuma goidé mar bhéadh, labhairt le Arthur sul a bhfágainn an teach.”

“‘Ta, gan amhras,’” arsa mé. “‘Bhéarfaidh mé féin dó í.’”

“Maith thú, leóga,” arsa Jim go suaimhneach. “Goidé mar ghlac sé sin?”

“Níor ghlac ach go measardha,” ar sise, “agus ní thearn sin ach m'intinn a dhaingniughadh. Muna sgiobfadh sé
mo mhála uaim de mo aindeóin, ní rabh dadaidh a thiocfadh leis a dhéanamh, agus sa deireadh d'éirigh sé, go mór i n-aghaidh a thola, agus d’fhág sé an seomra agus é ag munamar fá imtheacht go bhfeiceadh sé an rabh Arthur réidh.

“An bomaite a dhruid an doras rith mé fhad leis agus d'éist mé. Bhí comhrádh ar siubhal eadar é féin agus an bhean sa halla. Níorbh’ fhéidir liom a chluinstin goidé bhí siad a rádh, ach bhí fuaim ghoirgeach le n-a gcuid cainnte, mhéaduigh an droch-amhras agam féin. Bhí fhios agam go maith nach deágh-obair a bhí fútha.”

“Tháinig an fear arais i gcionn chúig mbomaite. Bhí an bhean leis an iarraidh seo. Bhí cuma air go bhfuair sé breith ar a stuaim, agus bhí an aoibh gháire a bhí air ní ba phlásánta ná bhí ariamh.”

“‘Mar seo leat, a óig-bhean chóir,’” ar sé. “‘Agus cogar anois, ná dearmad go bhféadfadh do dheárthair a bheith rud beag ait ina dhóigh. Tá meath ar a ghuth fosta.’”

“Chuamar suas an staighre agus thoisigh mo chroidhe féin a léimnigh. A Mhr. Maitland — bhí an teach uilig folamh. Ní rabh aon duine le mothachtáil. Ní rabh aon bhanaltra ann. Ní rabh dadaidh dá mbíonn le feiceáil i ngach otharlann. Bhí mé ghá thabhairt sin uilig fá dear, agus is cosamhail go dtug an ‘dochtúir' baramhail do mo sinaointeadh.

“‘Táimíd chomhair a bheith reaithte as obair fá láthair,’” ar sé. “‘Ach sin mar is feárr a bhéas gléas orm aire do thabhairt do do dheárthair.’”

L 99

“D’fhosgail sé isteach an doras. Bhí an seomra istigh dubh dorcha.”

“‘Á! a mhic ó,' ar sé, “‘tá déagh-sgéala agam duit-sgéala a chuirfeas áthas ort. Tá do dheirbhshiúr chaoin i ndiaidh a theacht.’”

“Ní rabh ann ach gur léir damh fear sa dorchadas, agus a aghaidh uilig cumhduighthe le fáisgeáin.”

“‘A Arthur, a rún,’” arsa mé, “‘nach dona d'éirigh duit.’”

“‘Fáilte romhat, a Judy!’” ar seisean fríd a fhiacla. “‘Goidé mar tá tú? An bhfuil an litir agat? An dtug tú
leat í?’”

Tharraing an cailín a h-anál bomaite: níor labhair aon duine de na fir.

“Níl fhios agam faoi an Rí goidé shábháil mé ar mo shean-sgread a leigint,” ar sí annsin. “An fear a rabh na fáisgeáin ar a aghaidh, níorbh' é Arthur é, ar chor ar bith. D’fhéadfadh an guth, b'fhéidir, cúis a dhéanamh, ach ní thug Arthur Judy orm-sa ariamh.”

“‘Sásuigh é, le do thoil,’” ars' an dochtúir i gcogar, agus annsin thug sé aghaidh ar an fhear. “‘Tá i gceart, a mhic ó,’” ar sé, “‘tá sí ag do dheirbhshiúr. Tá sí ag dul dhá tabhairt dtiit anois.' “‘An litir. Tá an litir de dhíth orm, a Judy.’”

“Bhí mo chuid lámh ar crioth - ar crioth comh mór sin nach rabh ann ach go dtáinig liom mo mhála a fhosgladh. Ach thuig mé rud amháin, mar sin féin - ba chuma goidé mar bhéadh, chaithfinn gan leigint daobhtha a shílstean go rabh fhios agam nárbh' é Arthur a bhí ann.

“‘Seo dhuit í, a mhic,’” arsa me, agus le sin d’iompuigh mé thart chuig an dochtúir agus an dubh-iongantas orm, má b'fhíor, “‘A Rí na ngrásta! a Dhochtúir Phillips,’” arsa mé i gcogar.

“‘Rinne mé dearmad a cur isteach’”

“Ar feadh bomaite shíl mé go rabh sé ag dul mo mharbhadh,

L 100

“‘Rinne tú dearmad a cur isteach?’” ar sé go searbh,
agus le sin thug mé fá dear an bhean ag tabhairt a h-uille
dó sna h-easnacha. Le sin chuimhnigh sé air féin.

“‘Ná bí ina dhiaidh orm, a mhiss Draycott,’” ar sé,
‘ach rud baoghalach do'n othar a leithéid seo de chliseadh
a bhaint as.’”

“Phill sé isteach 'un an tseomra arís.”

“‘Anois, a mhic,’” ar sé, “‘bhí an oiread sin áthais ar
do dheirbhshiúr - an rógaire beag - ag smaointeadh ar do
fheiceáil arís go dtearn sí dearmad ar an litir. Ach
ná cuireadh sin buaidhreadh ar bith ort. Ná bíodh corruighe
ar bith ort léithe. Tá fhios agam-sa go rachaidh sí arais
go Lonndain agus go bhfuighidh sí í ar an bhomaite. Nach
rachaidh, a mhiss Draycott.’”

“‘Rachaidh, cinnte, a Arthur,’” arsa mise, “‘Ba
bhómánta an mhaise domh a fágáil 'mo dhiaidh.’”

“‘'Seadh, faigh í, a Judy, ar an bhomaite,’” ar seisean,

“‘Tá sí tábhachtach.’”

“Le sin thug an ‘dochtúir’ leis amach as an tseomra agus síos an staighre mé.

“‘Mealladh mí-adhmharach a bhí annsin, a Mhiss Draycott,’” ar sé go dubhlaitheach. “‘Dá mbíodh fhios agam nach rabh an litir agat, níor cheaduighthe liom ar rud ar bith do leigean i láthair do dheárthara. Is é a dtig linn a dhéanamh anois guidhe nach ngoillfidh seo air go h-olc. Ach caithfidh mé iarraidh ort an dochar a chur i gceart comh tiugh géar a's thig leat. Tá an carr annsin. Tiomáin arais go Lonndain ann, agus pill annseo comh luath a's thig leat. Mar tchí tú féin, tá sé iongantach aingidhe, agus caithfear gan buaidhreadh ar bith a chur air.’”

“Le sin d'imthigh mise liom féin sa charr, agus annsin thárla an rud is ádhmharaighe a chonnaic tú ariamh. Bhris an carr síos, agus ar an dóigh sin fuair mé imtheacht ó'n
tiománaidhe, agus tháinig mé arais ar an traen. Agus anois, a Mhr. Maitland, cad chuige, do bharamhail, a bhfuil

L 101

siad ag iarraidh bheith ghá chur i n-umhail domh gurb' é Arthur an fear atá aca agus gur otharlann an teach a bhfuil sé ann aca? Cá bhfuil Arthur? Nó cad is ughdar leis an obair uilig?”

Ar feadh bomaite nó dhó ní rabh fhios ag Jim goidé déarfadh sé. D'aithin sé go rabh an t-am tagtha a gcaithfidhe an fhírinne a innse díthe fá n-a deárthair agus níor thaitin an tasg leis.

“Tá eagla orm, a Mhiss Draycott, go bhfuil sé soiléir go leór,” ar sé go dubhlaitheach. “Tá fhios agat gur chuir do dheárthair leath na léar-sgáile chugat-sa agus gur choinnigh sé féin an leath eile. Rinne sé sin ar shéala í bheith sábháilte, dá mba rud é go mbainfeadh dadaidh de. Agus is truagh liom go gcaithfidh mé a innse duit gur bhain.”

“Tá tú ag déanamh go bhfuil sé loitthe? ar sí i gcogar.

“Tá, agus níos measa ná sin, tá eagla orm. Buille trom ort é, a Mhiss Draycott; ach tá do dheárthair marbh.”

Baineadh osna bheag aisti. Le sin, d'éirigh an bheirt fhear agus sheas siad agus a gcúl léithe ag coimheád amach ar an fhuinneóig. Bhí gach rud fá chiúnas sa tseomra ar feadh tamaill.

“An dóigh leat gurb' é an rud a marbhadh é?” ar sí sa deireadh. Sméid Jim a cheann.

“Goidé mar tá fhios agat-sa seo uilig, a Mhr.Maitland?” d'fhriafruigh sí go stuamdha.

Le sin d'aithris seisean an sgéal go h-iomlán i gcúpla focal. Nuair a bhí sé réidh ag cainnt bhí loinnir cholgach bhagarthach ina cuid súile. Ní rabh deóra ar bith ionnta mar shíl sé a bhéadh.

“Innis damh go díreach goidé ba mhaith leat mé a dhéanamh,” ar sí.

“Maith an cailín thú,” arsa Jim. “Bhí fhios agam

L 102

gur mar sin a ghlacfá é. Anois seo an dóigh a bhfuil an chúis. An drong atá ós ár gcoinne, tá leath na léar-sgáile aca a bhí ag do dheárthair. Is é tá de dhíth ortha anois an leath eile a fhagháil a chuir sé chugat-sa go dtí an banc, agus a chuir tusa chugam-sa. Do réir cosamhlachta d'innis sé daobhtha goidé rinne sé; agus is é sin an fáth ar féachadh leis an chleas mhór seo indiu. Féadann tú a bheith iongantach buidheach gur choinnigh tú do thuairim agat féin nuair a d'aithin tú nach rabh san fhear a rabh na fáisgeáin ar a aghaidh ach cealgaire. An seórt daoine atá ionnta, níl dadaidh ró-throm aca. Dá leigtheá an cat as an mhála, an t-am sin, níl mé ró-chinnte go mbéitheá annseo anois. Ach mheall tú iad sa dóigh cheart, agus tá dúil agam go leanfaidh tú do'n deágh-obair.”

“Dhéanfaidh mé rud ar bith a iarrfas tú orm,” ar sise, agus d'amharc seisean uirthi go bródamhail arís.

“B'fhéidir gur cuimhin leat go dtearn mé cineál magaidh fút, an chéad uair a thrácht tú liom ar sgéal an chiste fholuighthe,” ar sé annsin. “Ach níl magadh ar bith ag cur as damh anois. Is é mo bharamhail go bhféadfadh a bheagán nó a mhórán de’n fhírinne a bheith sa sgéal, Agus
má tá, tchí tú féin cá bhfuilimíd i n-ár seasamh. Caithfimíd an leath eile a fhagháil. Sin é an áit a dtiocfaidh tusa isteach sa chluiche - má tá an fonn ort.”

“Is maith an bharamhail go bhfuil an fonn orm!” ar sise.

“Tá fhios agat," ar sé, “caithfidh mé innse duit go glan go dtig leat fios a chur ar na síothmhaoir má's mian leat, agus innse daobhtha goidé thárla duit.”

“Goidé mar bhéas annsin?”

“Bhéinn féin de'n tuairim go mbéadh nead na rógairí folamh rompa,” arsa Jim. “Agus le h-a chois sin, bhéadh an cluiche millte orainn féin agus ar na rógairí. Bhéadh leath de’n léar-sgáil ag gach taoibh. Agus teastuigheann uamh-se ...”

L 103

le sin thost sé agus dhearg sé toitín.

“Teastuigheann agus uaim-se, a Mhr. Maitland. Fágaimís na síoth-mhaoir amuigh as an chluiche.”

Rinne Jim gáire.

“Maith thu féin. Fuígfimíd na síoth-mhaoin amuigh, mar deir tú. Anois ní'l dúil dá laighead agam go n-éireóchaidh linn an leath atá aca-san a fhagháil, ach má bhímíd glic go leór féadaimíd amharc maith a fhagháil air. B'fhéidir go fiú ...”

Mhachtnuigh sé tamall, agus le sin féin tháinig loinnir ina chuid súile le neart áthais, loinnir a chonnaic a lán fear roimhe sin, ar an droch-uair daobhtha féin.

“Cibé ar bith,” ar seisean, tá mé ag cur mo mhuinghine uilig i n-aon chleas amháin. Tá siad-san ag dréim le tú dhul arais annsin anocht - agus tá tú ag dul. Bhéarfaidh Percy síos sa charr thú. Agus bhéarfaidh tú leat-seo.”

Le sin thug sé an léar-sgáil bréige díthe. D'amharc sise ar an léar-sgáil.

“Ach ní h-ionann seo agus an ceann a chuir mise chugat,” ar sí.

“Ní h-ionann fá chuid mhaith,” ar seisean, “Mé féin a tharraing í seo. Tá an ceann ceart ag mo chuid dligheadóirí. Ach tiocfaidh sí seo agus an leath eile dá chéile. Agus seo an poinnte a bhfuil mé ag tarraingt ain. Ní daoine iad a thaobhas mórán le duine ar bith, agus tá mise i ndóchas go mbéidh a leath féin aca-san sa láthair, mar gheall ar gan leigean duit beathach lochtach a chur ortha.”

“Sa dóigh a dtig liom amharc a fhagháil air,” ar sise.

“Tchím Bhéarfaidh mise sin.”

“Muna n-éirighidh linn féin, ní bhéimíd dadaidh níos fuide ar gcúl ná bhíomar ar tús. Fág sin aca. Ní cabhair ar bith daobhtha é. Ní bhéidh aca ach oileán a chuir mo chuid biotáilte in mo cheann-sa. Caithfimíd annsin triail a bhaint as dóigh éigin eile.”

L 104

“Ach cá h-uair a thiocfaidh tusa isteach sa chluiche, a mhic?” arsa Percy.

“Chan istigh a bhéas mé, ach amuigh," arsa Jim go h-áthasach. “Fanóchaidh mise taobh amuigh de'n otharlainn. Sin - muna bhfeicidh mé gur fiú domh sgiordadh isteach. Má tchím, rachaidh mé isteach, agus tiocfaidh tusa agus Miss Draycott amach. Má chluin tusa dhá búithre bheaga dhá mbaint as adharc an ghluaisteáin, bainidh na bonnaí as mar bhéadh an donas ann, agus fágaidh mise ar mo chonnlán bheag féin.”