L 105
Caibidil VI
"Caor theineadh má thig leat aon dath a dhéanamh gan a mhilleadh, a Waterlow. Ní amadán an cailín, agus tá an áit seo comh cosamhail le h-otharlainn a’s tá sé le club oidhche."
Fear árd a rabh cóta mór éadtrom air a bhí sn fhear a labhair. Bhí a aghaidh tláith agus mí-litheách, agus le sin tharraing sé buideál amach as a phóca agus d'ól sé slúgóg mhaith as. An t-aon duine amháin eile a bhí sa tseomra chraith sé a chuid ghuailneacha.
"Bhí téirim chómh millteanach sin ort," ar sé, “nach dtiocfadh liom ní b'fheárr a dhéanamh i n-am comh goirid."
Ach goid é an amaidighe a thug ort a leigint suas an staighre?" ars' an fear eile go searbh. “A deárthair féin; agus tá tú ag déanamh nach n-aithneóchaidh sí an duifear."
“Druid suas, a Bharnet," ars' an fear eile go feargach. “Tá mé ag éirghe tuirseach glan díot. Dubhairt sí go rabh an rud aici, agus chreid mise í. Muna gcreidinn féin, goidé mholfá dhamh a dhéanamh? A mála a sgiobadh uaithe agus a bheith cinnte. Nó thiocfadh liom a dhul níos fuide agus buille de'n bhior teineadh a thabairt díthe i mullach na cloigne. Bhéadh gach aon chineál i gceart annsin, creidim?”
D'ól Sir Montague Barnet deoch eile.
“Maith go leór: maith go leór," ar sé go h-aingidhe.
“Ná cuir de ghoile amach ag cainnt air. Tá fhios agam go dtearn tú do dhíthcheall. D'fhéad an fuaramán sin a thug annseo í a choimheád go mbéadh sé léithe."
D'amharc sé ar a uaireadóir.
L 106
“Ba chóir díthe bheith annseo anois, má tá sí ag teacht," ar sé. “Tá sé i ndiaidh an naoi a chlog."
“Rachaidh mise chun an tseomra go bhfeicidh mé an bhfuil gach rud réidh," ars' an fear eile. “Agus ná caith thusa an saigeár sin agus an boladh a chur fríd an teach uilig."
“B'fhéidir go bhfuil an ceart agat," arsa Barnet, 'á chur isteach ina chása arís, “ D'aindeóin go dtig léithe a rogha amhras a bheith uirthi aon uair amháin a bhéas an páipeár againn."
"An dtig?" ars' an fear eile go géar. “Níl mé ró-chinnte de sin."
D'imthigh sé as an tseomra, agus d'fhág sé Sir Montague annsin ag strócadh mionna mór faoi n-a anál. Bhain sé slugóg as an bhuideál de'n tríomhadh h-uair sul a dtug sé as a phóca an chuid eile de'n léar-sgáil a cuireadh chuig Judy Draycott. Spréidh sé amach ar an tábla ós a choinne í.
Badh é sin an ficheadh uair dó féacháil le n-a déanamh amach ach ní rabh gar ann. Cé'n áit sa donas a rabh A? Níor chabhair dó dadaidh go dtí go bhfuigheadh sé sin a shúcrughadh. Bhí sé go díreach 'á cur arais ina phóca nuair a d'iompuigh sé thart ina chathaoir, agus ní rabh ann ach nár leig sé sgread. Nó bhí an fear caoch i ndiaidh a theacht isteach go suaimhneach 'un tseomra agus leag sé lámh ar a ghualainn.
“De gheall ar Dhia! a Emil, ná déan sin," ar sé go nimhneach. Ní rabh oiread agus tuairim agam go rabh tú annseo. Tá mé comh h-uaisneach le h-éan beag."
“Do réir mar atá boladh asat," ars' an cruitíneach, “bhí tú ag caitheamh comhgaisí."
“Ní ort-sa a tháinig trom na h-oibre," arsa Barnet go feargach. “Dhéarfaidh níos lugha de'n mhagaighil cúis, mar sin, le do thoill."
Le sin fuair sé greim ar a chéill.
L 107
“Cogar, a Emil," ar sé, “níl maith ar bith dúinn a bheith ag aighneas. Goidé táimíd ag dul a dheanamh, má théigheann an cailín chuig na síoth-mhaoir ? Ní fheicim-se
---
leabaidh ancoire
cro
seas
Bíodh C & A os coinne chéile ann
as annsin tiocfaidh tú ar amha
---
goidé mar thig leithe gan a fhagháil amach nach é a deárthair é.”
“ Má bheir ní leithe an páipear - nach cuma annsin?
Níl fhios aici dadaidh fá n-a deárthair a bheith marbh : agus
L 108
go fiú má théigheann gach rud ’un sioparnaigh annseo féin, níl ag Watelow le déanamh ach rádh go dtearn sé earráid."
“Féadaidh sin. Ach, ar chaoi ar bith, a Emil, má thig dadaidh as — má thugann Maitland, cuir i gcás, buaidhreadh ar bith dúinn, tá fhios agam-sa agus agat-sa gurab é Ernesto a rinne an dochar."
Tháinig aoibh urchóideach gháire ar an fhear chaoch.
"An bhfuil fhios? ar sé go tur. “ A Mhonty, a chroidhe, chuala mise urchar, agus deir tusa liom gurab é Ernesto a sgaoil é. Agus an dóigh a bhfuil mé, caithfidh mé do fhocal a ghlacadh air."
“A dhiabhail bhig Ifrinn," ars' an fear eile go ceochánach, agus na cuisleannacha ina seasamh amach ar chlár a éadain. “Tá fhios agat comh maith a's tá fhios agam-sa gurab é an dágó a chaith é."
“A dhuine na gcarad, tá mé ag glacadh do fhocail air, mar dubhairt mé cheana. Ach, tá eagla orm nach maith mhór a dhéanfadh sin i gcúirt breitheamhnais. Ní dhéanfadh, a mhonty, ní dhéanfadh sé maith ar bith - agus cuimhnigh ar sin, le do thoil. Cinnte go leór, tá fhios agat nach bhfuil mé ach ghá innse seo duit le do chur ar do choimheád agus le tabhairt ort a bheith faithchilleach, Mar tá fhios agat féin, mise an t-aon duine nach dtiocfadh leis a dhéanamh, agus ar an dóigh sin de is cuma damh-sa. Níl mé ach ag iarraidh an chuid eile agaibh a shábháil."
Bhí Monty ar feadh bomaite mar bhéadh sé ag dul ’á bhualadh. Bhí a dhorn mór tógtha ós a chionn aige, agus bhí dúnmharbhadh ina dhá shúil. Le sin bheir sé ar a stuaim - d'aindeóin nach gan saothar mór - agus thuit a lámh le n-a thaoibh.
“Bhí tú i lathair, ar chaoi ar bith," ar sé go dubhlaitheach.
“Bhí, tá sin fíor. Ach goidé is brígh fear bocht caoch," ars' an cruitíneach go lághach. “Agus caithfidh mo leithéidí iad féin a choimheád ar an tsaoghal chruaidh seo. Sin an rud a thug orm labhairt leat air a Mhonty. Bhéadh sé
L 109
cruaidh ort a chreidbheáil, ach chonnaic mise go minic rógairí — daoine a dtearn mé maitheas ortha, agus daoine ar oibir mé ina gcuideachta - agus thug siad iarraidh a bheith fealltach liom. Coinneóchaidh tú cuimhne ar sin anois, nach gcomneóchaidh? Níl oiread agus tuairim agam cé sgaoil an t-urchar rud b'fhéidir a d’fhuígfeadh thusa i h-áit achrannach."
Stánuigh, an fear eile é ar feadh bomaite nó dhó. Ní thiocsadh leis a dhá shúil a thógáil de. Nocht sé a chár annsin agus bhí grainnc námhadach air. Ach bhí a ghuth nádúrtha arís leis nuair a labhair sé.
“Coinneóchaidh mé cuimhne ar sin" ar sé.
“Go maith ! Agus anois b'fhéidir gur fhéadamar amharc an bhfuil ár gcara ‘compos mentis’ arís. Bhí a chuid srannfaighe le cluinstin fríd an teach uilig tamall beag ó shoin."
“Rachaidh mise fá n-a dhéin," arsa Barnet. Le sin fágadh an cruitíneach leis féin. Sheas sé ar feadh tamaill agus gan bogadh as. Thoisigh sé a mhothachtáil a bhealaigh thart annsin, rud a rinne sé go fíor-ealadhanta. Bhí cuma air sa deireadh go rabh gach rud ar a shásamh. Tharraing sé chuige cathaoir annsin agus shúidh sé síos. Sa bhomaite chéadna sin d’fhosgail an doras agus tháinig Barnet isteach agus fear éigin ina dhiaidh a rabh cuma ait ar fad air. Fear giortach daingéán á bhí ann, agus culaith de éadach gharbh ghorm air; agus le linn é bheith ina sheasamh annsin ag méaradradh le n-a bhearad, agus ag coimheád go cineál crith-eaglach ar an chruitíneach; ní bhéadh Sherlock Holmes ar bith de dhíth le n-a cheárd a dhéanamh amach. Seóltóir a bhí ann, agus ba léir go rabh sé ag baint suilt as a sheal fá thír mar is gnáthach le n-a leithéid. Thuisligh sé rud beag nuair a thug sé cúpla coiscéim 'un tosaigh isteach 'un an tseomra, agus nuair a tháinig sé faoi an tsolus bhí colm mór sgrábach le feiceáil ar thaoibh amháin de n-a aghaidh.
L 110
“Fáilte romhat, a Mhr. Robinson," ars' an cruitíneach go lághach. "Tá súil agam go bhfuil biseach ort."
“Tá mé ceart go leór, a mhaighistir. go rabh maith agat," ars’ an fear eile ag fásgadh a bhearaid go faitcheach ina láimh go fóill. “Cluinim gur mhaith leat roinnt éigin ceisteanna a chur orm,"
“Tá sin amhlaidh," arsa Dresler. “Bhí mé ag fiafruighe an lá fá dheireadh fá sheóltóir a mbéadh eólas maith
aige ar an chósta thoir de Americeá Dheas, agus h-innseadh do ainm-se damh."
“Is é mo thuairim go bhfuil fhios agam gach port eadar Georgetown agus an Horn," ars' an seóltóir.
“Tá sin go breágh. Is é thuig mé gur chaith tú an mhór- chuid de do chuid ama fá na cóstaí. Anois an dtáinig tú treasna ariamh, le linn ar shiubhal tú, ar áit a dtugtar Oileán an Aon-chrainn air?"
“Oileán an Aon-chrainn? Ar an taoibh ó dheas de Santos. Is mé féin a tháinig. Tá fhios agam é go maith- comh maith sin go gcoinnighim comh fada uaidh a’s thig liom."
“Tá seo suimeamhail. Agus ar mhisde damh fiafruighe cad chuige a seachnann tú é mar sin?"
“Tá, innseóchaidh mé sin duit. An té nach ndéan sin, ní fhaghann sé an seans an dara h-uair. Tá rudaí ar an oileán sin nach féidir do aon duine a bhfeiceáil - agus a bheith beó ina ndiaidh. Tá mallacht air.”
“Tchím: tchím. Tá do sgéal ag éirghe níos iongantaighe, a Mhr. Robinson. Ar mhisde damh a fhiafruighe
goidé mar tá fhios agat seo? An bhfuil ann ach rud a chuala tú ó dhaoine eile, nó an rabh tú féin annsin le n-a bhfeiceáil "
“Chuala mé agus chonnaic mé. Bhí mé féin annsin. Bhíomar i n-ár luighe uair amháin chomhair a bheith seachtmhain ar an taoibh ó dheas de'n oileán an áit ar bhriseamar crann seóil. Chuala mé daoine eile ag cainnt ortha, fosta : rudaí a chonnaic siad féin. Dar Dia ! ní chaithfinn oidhche
L 111b
ar an oileán sin ar chéad punt. Ar m'anam nach gcaith- fmn."
"Goidé an cineál rudaí iad, a Mhr. Robmson?"
“ Neachanna mhillteanacha, a dhuine. Neachanna nach dtámig ó dhaoine saoghalta ariamh. 'Seadh ! Féadaidh tusa bheith ag gáiridhe " - d’iompuigh sé thart ar Bharnet a bhí ag gáiridhe - “ ach níl mé ag innse ach corp na fírinne. Cuir ceist ar sheóltóir ar bith a bhfuil eólas aige ar an chósta agus mnseóchaidh sé an sgéal céadna duit.”
“ Tá mé fír-chinnte go bhfuil an ceart ag Mr. Robinson," ars’ an cruitíneach. “ Agus táimíd araon iongantach buidheach dó cionn 's innse dúinn,"
“Ní dadaidh é, a fheara. An bhfuil a dhath eile a thig liom a dhéanamh daoibh? "
“ Muna misde leat fanacht tamall beag eile, a Mhr, Robinson, tá súil agam go mbéidh mé i ndan léar-sgáil de a thaisbeáint duit. Agus badh mhaith liom go mór thú innse dúinn má's é an t-oileán é a bhfuilimíd i ndiaidh a bheith ag cainnt air. A Mhonty, a chailleach, b'fhéidir go bhfuil ár gcara cineál tirm i ndiaidh na cainnte. Rachaidh mé i mbannaí go bhfuil braon biotailte sa chistmigh."
“Bhal," ar sé, nuair a tháinig Monty arais cúpla bomaite ina dhiaidh sin, “ tá an sgéal ag éirghe níos iongantaighe leis. ‘ Neachanna nach dtáinig ó dhaoine saoghalta ariamh'!"
“An gcreideann tú an duine, a Emil?"
Chraith an cruitíneach a chuid guailneacha,
“ Na fir seo a théigheas 'un na fairrge i longa, tá sé sa dúthchas aca a bheith ag innse sgéalta iongantacha," ar sé. “ Féadaidh roinnt éigin fírinne a bheith ann, ach cuireadh ruball maith leis a chunntas atáthar i ndiaidh a thabhairt dúinne anois. Agus, le n-a chois sin uilig, ní tháinig mise treasna go fóill ar an neach, ciaca tháinig sé ó dhaoine saoghalta nó nach dtáinig, an neach nach ndéanfadh
piléar as raidhfeal maith poll air."
L 111
ar an oileán sin ar chéad punt. Ar m'anam nach gcaith- finn."
“Goidé an cineál rudaí iad, a Mhr. Robinson?"
"Neachanna mhillteanacha, a dhuine. Neachanna nach dtáinig ó dhaoine saoghalta ariamh. 'Seadh! féadaidh tusa bheith ag gáiridhe" - d’iompuigh sé thart ar Bharnet a bhí ag gáiriidhe -“ ach níl mé ag innse ach corp na fírinne. Cuir ceist ar sheóltóir ar bith a bhfuil eólas aige ar an chósta agus innseóchaidh sé an sgéal céadna duit.”
“Tá mé fír-chinnte go bhfuil an ceart ag Mr. Robinson," ars' an cruitíneach. “Agus táimíd araon iongantach buidheach dó cionn 's innse dúinn,"
“Ní dadaidh é, a fheara. An bhfuil a dhath eile a thig liom a dhéanamh daoibh?"
“Muna misde leat fanacht tamall beag eile, a Mhr. Robinson, tá súil agam go mbéidh mé i ndan léar-sgáil de a thaisbeáint duit. Agus badh mhaith liom go mór thú innse dúinn má's é an t-oileán é a bhfuilimíd i ndiaidh a beith ag cainnt air. A Mhonty, a chailleach, b'fhéidir go bhfuil ár gcara cineál tirm i ndiaidh na cainnte. Rachaidh mé i mbannaí go bhfuil braon biotailte sa chistinigh."
“Bhal," ar sé, nuair a tháinig Monty arais cúpla bomaite ma dhiaidh sin, “tá an sgéal ag éirghe níos iongantaighe leis. ‘neachanna nach dtáinig ó dhaoine saoghalta ariamh'!"
“An gcreideann tú an duine, a Emil?"
Chraith an cruitíneach a chuid guailneacha.
“Na fir seo a théigheas ’un na fairrge i longa, tá sé sa dúthchas aca a bheith ag innse sgéalta iongantacha," ar sé. “ Féadaidh roinnt éigin fírinne a bheith ann, ach cuireadh ruball maith leis sa chunntas atáthar i ndiaidh a thabhairt dúmne anois. Agus, le n-a chois sin uilig, ní tháinig mise treasna go fóill ar an neach, ciaca thámig sé ó dhaoine saoghalta nó nach dtáinig, an neach nach ndéanfadh piléar as raidhfeal maith poll air."
L 112
Thoisigh Sir Montague Barnet a shiubhal suas agus anuas an seomra.
“Is mairg nach bhfuil fhios agamn i gceart chiaca is fiú a dhul ar aghaidh leis nó nach fiú," ar sé.
Rinne an cruitíneach gáire sáramhail.
"Bhéadh ár seal ar an tsaoghal cineál tuirseamhail," ar sé, “dá mbímís cinnte de gach rud. Tá fhios agat ar chuireamar de thuairisg. Tá fhios agat cá bhfuaireamar ár gcuid eólais. Agus go fiú má thárluigheann dúinn bheith ar seachrán - goidé bhéimíd amuigh leis ? Dornán beag céadtar — míle punt ar an chuid is mó. Agus ná déan dearmad, a Mhonty, gur mise atá ag cur an airgid ar fagháil.”
Le sin fosgladh an doras go deifreach agus chuir Waterlow a cheann isteach.
“Tá gluaisteán ag teacht aníos an cabhsa," ar sé.
"Tá gach rud réidh.”
“Cogar, a Waterlow," arsa Dresler go suaimhneach. “Níor mhaith linn droch-amhras ar bith a theacht ar an chailín, má's féidir sin a sheachnadh. Mar sin de, comh luath géar a’s bhéarfas sí duit é, bain thusa anuas amach go dtí an seomra seo. Bhéarfaidh bomaite amháin sáith mhonty le n-a mhacsamhail a tharraingt. Annsin má bhíonn sé de dhíth uirthi - thig a thabhairt arais díthe."
“Maith go leór," ars' an fear eile ag dul amach go dtí an halla agus ag druid an dorais ina dhiaidh.
Bhí an carr i ndiaidh stopadh ag an doras, ach ba chosamhail do'n tiománaidhe go rabh sé ag iarraidh a fhagháil amach goidé an méid tormáin a thiocfadh leis a dhéanamh leis an inneall.
“Níl aon duine fá'n áit nach musglóchaidh an t-amadán damanta de thiománaidhe sin," arsa Bharnet go feargach.
Ach ní rabh cuma ar an tiománaidhe gur mheas sé mí-bhéas ar bith a bheith dhá dhéanamh aige. Anois agus arís chuireadh sé an t-inneall ar obair agus gleó comh h-árd sm as nár
L 113
chabhair go fiú an sár-éisteacht a bhí ag an fhear chaoch le tormán ar bith eile a chluinstin, tormán mar d'fhéadfadh duine a dhéanamh a bhéadh ag fosgladh fuinneóige giota ar ghiota go faithchilleach. Agus go díreach leis an bhlosg mhór dheireannach bhí Jim Maitland san áit nach rabh ach dallóg na fuinneóige eadar é agus an seomra. Bhí sé fá'n teach le fiche bomaite roimhe sin. D'éirigh gach rud ciúin ann sin. Níor labhair aon duine ach Waterlow.
“Anois, a Mhiss Draycott, ba chóir go mbeadh fhios ag do thiománaidhe gur otharlann an teach seo."
“Tá mé iongantach buadhartha, a Dhochtúir Phillips," ar sise, ag gabháil a leith-sgéil leis, “ach níl tiúin ró- mhaith ar an charr. Sin an fáth a bhfuil mé comh mall. Goidé mar tá Arthur?"
Le sin d’fhág cuid de'n imnidhe Barnet. Do réir chosamhlachta, ní rabh droch-amhras ar bith aici ortha.
“Tá sé níos feárr anois, a mhiss Draycott. Bhí sé mí-shásta agus fríd a chéile ar maidin i ndiaidh thú imtheacht, ach d'éirigh liom baint faoi. Tá súil agam nach bhfuil dearmad ar bith déanta an iarraidh seo agus go dtug tú leat é."
“Bí cinnte go dtug, a Dhochtúir. Ní thabhairfidh mé maitheamhnas damh féin go deó cionn 's a bheith comh bómánta sin ar maidin indiu."
Chuaidh a nguth i n-éag le linn iad a dhul suas an staighre, agus rinne an cruitíneach gáire.
“Tá sé ag oibriughadh go breágh, a Mhonty," ar sé,
“Shílfeá gur ag ithe amach as ár gcuid lámh atá sí. Tabhair
isteach an seóltóir sin anois."
Chorruigh an dallóg rud beag nuair a d'fhosgail an doras, agus thug súil ghéar Jim Maitland fá dear a rabh sa tseomra. Tháinig fuaim ghlór an chailín chuige ó bhárr. Do réir chosamhlachta, bhí tús ar an chomhrádh leis an fhear a bhí ag déanamh áit a deárthara.
Tharraing sé ar gcúl rud beag nuair a tháinig Barnet
L 114
isteach, é féin agus Robinson, d'aindeón go rabh gléas air an seomra uilig a fheiceáil go fóill,
“Anois, a Mhr. Robmson," ars' an fear caoch, “ní choinneóchaimíd thú mórán níos fuide. Creidim go n-aithneóchthá léar-sgáil de’n oileán, dá bhfeictheá í?"
“Bhal, ní mórán atá fhios agam fá léar-sgáilbh a fheara, ach dhéanfaidh mé mo dhíthcheall."
“Sin é a dtig le aon duine a dhéanamh," arsa Dresler go lághach. San am chéadna d'fhosgail an doras agus tháinig Waterlow isteach.
cnoc
leabaidh
ancoire
crogaill
seasgann
thuaidh
Bíodh C & A ós coinne chéile annsin triall ó chnoc A siar ó as annsin tiocfaidh tú ar amhais diabhalta & taisge sármhór
“Seo é," ar sé go deifreach, “ Agus déanaigidh deifre. Tá fhios aici gach rud fá'n sgéal uilig, agus tá sí ag iarraidh an leath eile a fheiceáil."
“An bhfuil amhras ar bith uirthi fá n-a deárthair?" ars' an cruitíneach.
“Níl, níl cuma uirthi go bhfuil. Tá sí ag comhrádh leis go breágh carthannach."
“Maith go leór. Téigh thusa arais. Agus dá luaithe dá bhfuighidh tú a cur ar shiubhal, is amhlaidh is fearr.
L 115
Anois, a Mhr. Robinson," ar sé an bomaite a druideadh an doras, “b’fhéidir go n-amharcfá ar seo."
“Tá linn, a Emil," arsa Bharnet, go h-áthasach.
“ Fóireann an dá phíosa dá chéile go galánta. Anois, an é sin an t-oileán?"
D'fhág cé síos ar an tábla iad, agus chrom an seóltóir síos ós a gcionn.
“'Seadh,” ar sé, “tá sin cosamhail leis an áit. Leabaidh ancoire: tá sin ceart. Sin an áit a rabh sinne i h-ár luighe: ar an taoibh ó dheas de'n oileán. Agus tá an taobh shoir de uilig ina sheasgann. Crogaill - ár ndóigh, tá an abhainn sin lán díobhtha, agus lán de rudaí eile comh maith."
“Go maith!" arsa Barnet, ag gléasadh go tapaidh an pháipeáir tarraingthe. “A Emil - tá an léar-sgáil
againn go h-iomlán ach an píosa sm a strócadh de bhun an choirneáil chlí."
“An n-innseann sí cá bhfuil an rud atá de dhíth orainn?" ars' an cruitíneach.
“Innseann," ars' an fear eile go goirid. “Bhéarfaidh mise sin amach arís."
Ar feadh bomaite bhí Jim eadar dhá chomhairle. Bhéadh sé furas go leór Barnet a chnagadh agus an léar-sgáil a sgiobadh uaidh - ní bhéadh ann ach a dhul ina chionn. Ach d'aithneóchaidhe é go cinnte, agus - an chuid ba thábhachtaighe uilig-ní rabh Judy Draycott slán as a ngreim go fóill. Shín sé 'un tosaigh a mhuineál an méid a tháinig leis ag iarraidh an léar-sgáil a fheiceáil, ach bhí druim Mhonty eadar é agus í. Bhí sé go díreach ar tí fiacháil leis nuair a tháinig Waterlow isteach arís.
“Tá sí ag éirghe amhrasach," ar sé go téirimeach.
“Tá sí ag iarraidh an leath eile a fheiceáil. An dóigh libh go mbéadh sé sábháilte a thabhairt díthe?"
“ Bhéadh," ars' an cruitíneach go suaimhneach. “ Sin é an dóigh is lugha a ndéanfar dochar. Bhal, ní dóigh liom
L 116
gur gádh dúinn moill a chur ort-sa níos fuide, a Mhr. Robinson. Oidhche mhaith duit, agus go rabh céad maith agat. Leig amach é, a Waterlow. Anois, a Mhonty," ar sé nuair a druideadh an doras, “an bhfuil sin tarraingthe agat?"
“Tá mé réidh anois," ars' an fear eile.
“Agus an bhfuil cóip d'ár leath féin agat? Go maith. Cuir an ceann a tharraing tú in do phóca, agus bhéarfaimíd isteach an cailín. Dochtúir eile thusa, bíodh fhios agat. Agus ná téigh dhá comhair. Tá boladh tréan biotáilte asat."
Bhí gotha le cluinstm ag teacht anuas an staighre. be sin tháinig Judy isteach agus tháinig Waterlow ina diaidh.
“Seo Miss Draycott, a ollaimh," ar sé.
“Tá luthgháir orm aithne do chur ort," ars' an cruitíneach go béasach. Leig damh mo chomrádaidhe eile, an Dochtúir Arbuthnot, a chur i n-aithne duit.”
D’umhluigh Bharnet.
“Tá do dheárthair comh maith, creidim, a's thig linn a bheith ag dréim leis agus an bhail a bhí air," arsa Dresler. “Bhí ádh air go rabh sé comh comhgarach seo do otharlann nuair a bhain an taisme de."
“Bhí, ádh mór," ars' an cailín go suaimhneach, “Agus tá mé fíoir-bhuidheach díbh ar son a bhfuil sibh a dhéanamh dó."
“A Mhiss Draycott," - thóg an cruitíneach a lámh ionann a's a rádh go rabh go leór ráidhte - “is fá n-a
choinne sin atáimíd annseo. Agus anois ó thárla go dtug
tú an leath eile de'n léath-sgáil chuige, béidh intinn
shuaimhneach aige,"
“An í sin í ar an tábla?" ar sise go soineannta.
“Cad chuige a bhfuilthear díthe?"
Chuaidh sí anonn agus d'fhéach sí ar an pháipeár.
“Ní fheicim-se go bhfuil dadaidh ann ach amaidighe."
“Tá eagla orm go bhfuil an fhírinne annsin agat," ars' an cruitíneach, “Níl ann ach amaidighe. Ach fhad a's
L 117
tá seisean sa riocht ina bhfuil sé fá láthair caithfear a shásamh."
“Tá sé ag cainnt leis fá chiste foluighthe," ar sise.
“Cá bhfuil an ciste seo i n-ainm a bheith?"
“Níl fhios agam faoi an Rí," ars’ an cruitíneach.
Deir sé liom go bhfuair sé é ó sheóltóir éigin i h-Americeá Dheas. Agus tá eagla orm féin, dá mbíodh í fhios againn an fhírinne, go bhfuil an sgéal seo cosamhail le iomlán na sgéalta a bhíos ag seóltóirí. Ní bhíonn ionnta uilig ach rudaí a shamhluigheas siad."
“Ní chreideann tú gur oileán é seo ar chor ar bith’ d'fhiafruigh sí.
“Innseóchaidh mé an fhírinne, a Mhiss Draycott, ní chreidim. Agus, má's eadh féin tá eagla orm nach mbéadh mórán de sheans aon chiste a bheith air. Chluinfeadh daoine eile fá dtaobh de i bhfad roimhe seo, agus bhéadh cé aca fém."
“Creidim go bhfuil sin amhlaidh," ar sise go cineál brónach. “Agus an duine bocht, tá a chroidhe leagtha air comh mór sin. Ach ar chaoi ar bith, gheall mé dó go ndéan- fainn mo dhíthcheall, agus creidim go gcaithfidh mé cur le mo fhocal anois. D'aindeóin nach dtig liom a rádh go bhfuil
ann ach cur amugha ama."
“Goidé tá tú a dhéanamh, a Mhiss Draycott?" arsa Barnet de sgairt, agus ní rabh ann ach go dtáinig le Jim na gáirí a choinneáil istigh. Na bhí an cailín ag filleadh suas an dá phíosa de'n léar-sgáil go suaimhneach agus 'á gcur isteach ina mála.
“Tá sé go díreach i ndiaidh iarraidh orm tuairisg a chur agus eólas ar bith a thig liom a fagháil fá dtaobh de i bonndam a fhagháil dó," ar sise. “D'iarr sé sin orm an t-am a rabh tusa as an tseomra, a Dhochtúir Phillips. Bhí sé comh leagtha sin air nach maith liom a mhealladh, Thig liom cur i gcéill dó gur chuir mé tuairisg."
Bhí Barnet agus Waterlow ag stánughadh uirthi agus an
L 118
dubh-iongantas ortha. Bhí fhios aca araon go rabh an cailín ag innse bréag. San am chéadna ní thiocfadh leó sin a rádh, gan innse ortha féin. Badh é an cruitíneach a labhair.
“Aontuighim leat go h-iomlán, a Mhiss Draycott," ar sé go lághach. “Rud ar bith a choinneóchas a intinn suaimhneach, déan é. Sásuigh é i ngach dóigh a dtig leat. Cé'n uair a thiocfas tú a dh’amharc orarainn arís?"
“I mbárach, measaim, nó b'fhéidir anóirthear," ar sise, ag éirghe ina seasamh. “Oidhche mhaith duit, a ollaimh. Go rabh maith agat arís ar son a dtearn tú do Arthur."
“Ní bhéidh orm ach lúthgháir mo dhithcheall a dhéanamh dó, a chailín chóir. Oidhche mhaith duit."
“Bhal, caor theineadh ar sin!" arsa Bharnet, comh luath a's dhruid an doras. “Goidé thug ort a leigint ar shiubhal leis, a Emil? "
“Bhíonn amannaí ann agus ní thig liom déanamh amach goidé an cineál inchinne atá agat-sa ar chor ar bith, a chara. "Goidé eile thiocfadh linn a dhéanamh "
“Ach nach bhfeiceann tú," ars’ an fear eile, agus é ar stéill mhire, “nach bhfeiceann tú go dtaisbeánann sin go soiléir go bhfuil sí amhrasach? Níor dhubhairt Johnson a leithéid sin léithe ariamh."
Tháinig tormán ó'n taobh amuigh, tormán gluaisteáin ag toiseacht. Blosg nó beirt annsin agus búirfe agus d'imthigh an carr síos an cabhsa agus tháinig Waterlow isteach arís.
“Tá fhios agam sin go maith,” ars' an cruitíneach go tur, “ D’aindeóin ar dhóigh go mb'fhéidir gur thairg sí féin do Johnson sin a dhéanamh, agus go mb'éigean dó-san aontughadh léithe."
“Ní bhéimíd i bhfad ghá fhagháil sin amach." arsa Waterlow, ag dul amach go dtí an halla. "Johnson- tar anuas annseo."
Tháinig fear isteach 'un an tseomra, fear amuigh a's
L 119
astigh ar dheich mbliadhna agus fiche, agus é ag tiormughadh an alluis dá aghaidh.
“Damnughadh ar na fáisgeáin seo ! tá siad millteanach oidhche the," ar sé.
“Ar dhubhairt an cailín sin dadaidh leat fá'n léar- sgáil a thabhairt suas go Lonndain léithe" ars' an cruitíneach.
“Dubhairt. Ní dhéanfadh dadaidh eile cúis díthe. Ní rabh fhios agam-sa goidé déarfainn, agus mar sin de, d’fhág mé fúithe féin é,"
“Do bharamhail an rabh sí amhrasach asat?"
“Ní abróchainn go rabh. Thug sí Arthur orm agus chuimil sí mo chuid lámh."
“Anois, a Mhonty," ars' an cruitíneach go suaimhneach, “ctí tú gurbh' fheárr leigint díthe a dtabhairt léithe. Goidé an dochar a thig léithe a dhéanamh? Goidé an chabhair an léar-sgáil do aon duine nach bhfuil fhios aige cá bhfuil an t-oileán? Agus goidé an seans atá aici-se a theacht ar aon duine a bhéadh ábalta innse díthe Amach ó ...
Le sin stad sé de chainnt, agus shúidh sé.
“Amach ó goidé?"
“Maitland a tháinig isteach in mo cheann ar feadh an bhomaite."
“Mo chreach nár chuireamar deireadh leis an diabhal sin an oidhche eile," arsa Barnet go fíochmhar. “Tá fhios aige gach órlach de Americeá Dheas?"
“Ní thig leis a bheith comh h-olc sin, a Mhonty, d'aindeóin go n-admhuighim go mbéadh mo chroidhe níos feárr agam dá mbíodh seisean as an chasán. Agus le h-a chois sin tá dhá rud a gcaithfidh tú cuimhniughadh ortha. Sa chéad áit, níl fhios againne ciaca tá aithne ar bith aige ar an chailín nó nach bhfuil; agus sa dara h-áit, má tá féin, níl mórán de sheans go bhfuil fios aige cá bhfuil an t-oileán. San am chéadna, bheirim isteach nach cóir dúinn dearmad a dhéanamh de Mhaitland. Ach is é an rud tá le déanamh
L 120
againn anois an áit seo a fhágáil comh tiugh géar a's thig linn. Órduigh thart mo charr, a Johnson, agus druid suas an teach. Tá eagla orm, má thig an cailín annseo arís go mbéidh cineál iongantais uirthi."
D’éalóidh Jim ar shiubhal ó’n fhuinneóig go suaimhneach.
Choinnigh sé isteach ar an fhéar annsin agus shiubhail sé síos an cabhsa go géar gasta. Ní rabh dadaidh eile a thiocfadh leis a fhagháil amach. Níor shamhail sé ariamh go dtiocfadh leis gnoithe comh maith a dhéanamh; agus ní thiocfadh, munab é an cailín. Bhí sé fír-chinnte go mbéadh sé ábalta a dhéanamh amach cá rabh an tioileán. Bhí sean-cháirde go leór aige fá na céidheanna a bhí eólach ar chósta Americeá Dheas, comh h-eólach a’s bhí fios aca bosa a gcuid lámh féin.
Le sin féin tháinig amach as an dorchadas fear a réidhteóchadh an cheist ar an bhomaite. Mr. Robinson a bhí ann. Thiocfadh leisean an t-eólas a thabhairt dó a bhí de dhíth air, ach chaithfeadh sé deifre a dhéanamh nó d’fhéadfadh carr an fhir chaoich a bheith sa mhullach ortha bomaite ar bith. Bhí Percy ag fanacht leis giota beag ar aghaidh, ach ní rabh fonn air seans ar bith a ghlacadh ar eagla go mbeirfí air.
“Oidhche mhaith, a Mhr. Robinson," ar sé nuair a tháinig sé suas leis.
“Cé sa diabhal thusa?" ars' an duine sin leis go grosach.
“Fear atá ag smaointeadh ar nóta chúig bpunt a thabairt duit, má ritheann tú," arsa Jim ag gáiridhe.
Go díreach le sin nocht solus dearg ós a gcoinne amach.
“Rith fhad leis an tsolus sin liom, a Robinson, agus bhéarfaidh mé liom go bonndam thú le na cúig phunt a thabhairt duit, má beir tú roinnt bheag eólais damh," arsa Jm.
“Dar Fiadh! Tá nótaí chúig bpunt fairsing anocht." Ghread sé leis, cos ar chois le Jim, go dtí gur bham siad amach an carr.
“Seo mo chara, Mr. Robinson," arsa Jim. “Tá
L 121
sé ag dul arais 'un na cathrach linn. Isteach leat annsin ar tosach, a mhic. Anois, a Phercy, comh tiugh géar a’s thig leat.”
Shuidh sé féin síos ag taoibh an chailín ar an tsuidheachán cúil.
“Maith thú féin," ar sé. “Maith thú, leóga."
Níor dhubhairt sise dadaidh. Níor leig sí uirthi féin gur chuala sí é, ach í ag stánughadh roimpi.
“A Mhiss Draycott! a Judy! goidé tá ort?" ar seisean,
Leig sí éigheamh bheag a bhí chomhair a bheith ina osna.
“Tá mé ag smaointeadh ar Arthur,” ar sí. “Bhí faill agam machtnamh ar an iomlán ó shoin. Sin uilig."
Bhí na deóra ag teacht go fras anois.
“Rádh a’s de go mairbhfeadh na brúide sin é an lá céadna a tháinig sé arais. Tá sé creathnach. Ní bhéidh mé sásta a choidhche go mbaintear a chúiteamh asta."
“Éist, a Judy,” ar sé, “go n-innisidh mise mo chuid féin de'n sgéal duit. Tá fhios agam go maith goidé comh gortuighthe a's tá tú: agus ní iongantas ar bith é. Agus b’fhéidir nach rabh an ceart agam-sa gan casaid a dhéanamh leis na síodh-mhaoir ar an bhomaite. Ach ní duine mé de na daoine seo a bhfuil sé sa dúthchas aca a dhul fá n-a gcoinne am ar bith a thuiteas dadaidh iongantach amach. Creidim gur chaith mé barraidheacht de mo shaoghal i n-áiteacha nach bhfuil síoth-mhaoir ar bith le fagháil. Agus b’iongantach liom an dóigh ar thárla gach rud, go díreach i ndiaidh mé thusa a fhágáil. Eadar an dágó, agus do sgéal féin fá’n chiste, chuidigh an t-iomlán le mo fhágáil eadar dhá chomhairle, Agus annsin, mar is eól duit, beireadh goirid orm agus bhí sé ró-mhall. Ach is é an rud a bhfuil mé ag tarraingt air go bhfuil áthas orm anois cionn’s go dtearn mé mar a rinne mé. Tá mé fír-chinnte go bhfuil rud éigin i sgéal an taisce agus ní’l dóigh ar bith is feárr a ndéanfaimíd
L 122
dhíoghaltas ar na diabhail seo a mharbh do dheárthair ná a gcleas a mhilleadh ortha."
Níor dhubhairt an cailín dadaidh, agus do réir a chéile thiormuigh na deóra. Agus annsin thárla ar dhóigh éigin gur thuit a lámh chlí de n-a h-ucht agus go dtáinig sí i n-aice le láimh dheis Jim. Ní rabh ann, cinnte, ach taisme, poinnte beag nach mó ná gur fiú trácht air. Mar an gcéadna le trí h-abairtí a dubhradh cúig bhomaite ma dhiaidh sm.
“A Phercy, a ghlágaire, ní h-é seo Brooklands. Tiomáin níos reidhe, a dhuine,"
Fear a labhair.
“Déan, a Phercy a rún, tiomáin níos réidhe,"
Cailín a labhair an iarraidh seo.
“Buidheachas do Dhia ar a shon sin."
Fear adubhairt seo agus dóchas beag ag éirghe aige nach rabh a sheal ar an tsaoghal tugtha go fóill. Níorbh' ionann an tuairim a bhí ag Mr. Robmson ar luas a's a bhí ag Percy.
Bhí sé i ndiaidh an h-aon déag a chlog nuair a stop siad sa deireadh taobh amuigh de árus Jim.
“Ach goidé an donas a thug ort iarraidh orm tiomáint ní ba mhoille i ndiaidh órdughadh a thabhairt damh a dhul comh tiugh géar a’s thiocfadh liom?" d'fhiafruigh Percy go feargach, má b'fhíor dó.
“Is gaiste le duine an siubhal le linn é bheith ina shuidhe ar an tsuidheachán cúil, a Phercy," ars' an cailín. “Ach rinne tú tiomáint bhreágh,"
“Tiomáint bhreágh! Ar ndóigh, bhain sé fhad asainn teacht aníos a's bham sé asainn dul síos le cois na fichead bomaite a chaitheamar ag leigint do Jim a dhul romhainn. Ní tiomáint bhreágh sin."
“Seo anois, isteach leat," arsa Jim. “ Ní órnáid ar bith ar leic an dorais thú. Creidim go bhfuil deoch de dhíth ort-sa, a Mhr. Robinson."
“Bhal, ní chuirfidh mé suas de bholgam," ars' an seól-
L 123
tóir, “Tchíthear damh go gcuireann na gluaisteáin sin cineál de thart ar dhuine.”
Rmne Jim gáire, agus le sin chuaidh sé isteach. D’aindeóin é bheith ina bhaitsiléir déanta, smaointigh sé go cineál éadóchasach gur tasg taitneamhach a bhí ann Judy a chur ina suidhe sa chathaoir a b'fheárr aige. Níorbh' é, cinnte go leór, go dtiocfadh dadaidh as a choidhche. Goidé rinne sé ach greim a choinneáil ar a láimh go deas lághach, mar choinneóchadh deárthair ? San am chéadna - cailín deas a bhí innti — cailín iongantach deas.
“Anois, a Robinson," ar sé, nuair a bhí siad uilig ina suidhe, “béidh lúthgháir orm má innseann tú rud nó dhó damh. Sa chéad áit, goidé mar thuit tú isteach leis an bhaicle sin?"
“Is furas sm a innse, a dhuine uasail. Bhí mé ar lóistín shíos i dtoigh Shipwell - fir fairrge is mó a ghlacann sí isteach - nuair a chuir fear a cheann isteach ar an doras i n-am dinneára indiu agus sgairt sé amach : ‘ Cé a bhfuil eólas aige ar Americeá Dheas? ' ‘Tá agam-sa,' arsa mise. Le sin chuir sé cúpla ceist orm, agus ar sé : ‘ Ar mhaith leat cúig phunt a chosnamh ? ' ‘ Cuir uait an magadh,' arsa mise. ‘Ní magadh ar bith é,' ar seisean. Ní rabh le déanamh agam ach a dhul a dh'amharc ar dhaoine éigin shíos an tír a rabh roinnt eólais de dhíth ortha. Sin é anois go díreach mar a thárla."
“Go maith," arsa Jim, “tá an méid sin soiléir. Anois, ó'n méid a chuala mise anocht, bhí sibh ag cainnt ar oileán éigin."
“Bhí, tá sin amhlaidh. An chéad cheist a chuir an cladhaire beag de chruitíneach sin orm an rabh eólas agam ar Oileán an Aon-chrainn?"
“Sin sul a bhfuair mise dhul fhad libh," arsa Jim “Agus bhí eólas agat ar an oileán seo."
“Níl mórán a chaith seal ag seóltóireacht fá na cóstaí nach bfhuil," ars' an seóltóir. “Tá fhios agam é go maith,
L 24
rud a d'innis mé daobhtha shíos annsin. Tá fhios agam é comh maith sin agus nach gcaithfinn oidhche air ar chéad punt."
“Ach cad chuige sin?" arsa Percy, agus a dhá shúil sáithte ann. “Chaithfinn féin oidhche i dteach ósta gan deoch ar sin."
“Cogar, a dhuine uasail," ars' an seóltóir le Jim.
“Tá cuid mhór agaibh-se - agus tusa fosta, a bhean óg- agus tá cuma oraibh go bhfuil suim agaibh i nOileán an Aon-chrainn. Anois níl ionnam-sa ach fear nach bhfuil léigheann ná foghluim aige, agus féadaidh sibh gan mórán a fhágáil ós coinne mo chuid cainnte. Ach tá fear atá go díreach i ndiáidh a theacht arais as na h-Indiacha Thiar, fear a bhfuil maighistreacht luinge aige, agus tá fhios aige-san i bhfad níos mó fá'n áit ná tá fhios agam-sa. Tá sé ag baint faoi i dteach nach bhfuil i bhfad ó theach Shipwell - Caiftín Bhlackett."
“Fan go fóill," arsa Jim. “fear mór agus gaothsán cam air, agus súile gorma. Bha ghnáthach leis sean-long a
bheith aige a dtugtaoi an ‘ Indus ' uirthi ? "
“An fear céadna. An bhfuil aithne agat air?"
“Aithne agam ar Bhilí Blackett ? Is agam féin atá !"
“Bhal, innseóchaidh seisean an t-iomlán duit níos feárr ná thig liom-sa."
Chuir Jim a lámh ma phóca.
“Seo dhuit roinnt airgid, a Robinson. Faigh gluaisteán agus ná stad go bhfeicidh tú Blackett. Abair leis go bhfuil feidhm ag Jim Maitland leis. Tabhair leat arais annseo anocht é. Agus má's rud é go bhfuil meath ar bith ar a chuimhne, níl agat le rádh ach - ‘Union Bar, Pernam- buco!'"
“Maith go leór, a dhuine uasail. Má tá sé annsin, bhéarfaidh mise arais é. Oidhche mhaith duit, a bhean óg.
Oidhche mhaith díbh, a fheara."
Chuala siad an doras ag dúnadh, agus annsin thoisigh
L 125
Jim a shiubhal suas agus anuas an seomra : bhí na súile ag damhsa ma cheann leis an loinneacht.
“Bilí Blackett! fear maith, 'seadh, sgaith Gheobh- aimíd an fhírinne uaidh-sean a pháistí, má tá sí le fagháil ó aon duine."
Le sin féin thuig Judy Draycott cad chuige a rabh Percy i gcomhnuidhe ag maoidheamh as Jim. Badh é a chuid de'n tsaoghal é bheith i gcionn eachtraí. Bhí pus beag uiirthi fosta nuair a smaointigh sí gur dhóiche go rabh dearmad glan déanta aige go rabh greim láimhe aige uirthi sa charr.
“Nach mairg a chuir an leath eile chuig na dligheadóirí," ar sé. “Ach, creidim gur annsin ba shábáilte é. Thig linn tabhairt faoi na léar-sgáil uair éigin eile, nuair a chluinfimíd goidé tá le rádh ag Bilí."
Tháinig Bilí i gcionn uaire ina dhiaidh sin, é féin agus Robhmson.
“Dar Fiadh! a Mhr. Maitland," ar sé agus é ag craitheadh láimhe, “níl aon fhear eile i Lonndain ach tú féin a dtiocfadh leis mo thabhairt amach as mo leabaidh an tráth seo de oidhche."
“Maith thú féin, a Bhilí" arsa Jim. Chuir sé i n-aithne do'n bheirt eile é. “Suidh ar an chathaoir sin. Gheobhaidh tú gach cóir annsin ag do thaoibh. Tá roinnt eólais de dhíth orm."
“'Seadh, d’innis Robinson sin damh," ars’ an fear eile go dubhlaitheach. “Cluinim go rabh tú ag fiafruighe fá Oileán an Aon-chrainn."
“Tá mé ag déanamh gurab é sin ainm na h-áite," arsa Jim.
“An bhfuil an léar-sgáil agat?"
“Níl, ach a leath. Tá an leath eile ag mo chuid
dligheadóirí. Seo dhuit é."
D'amharc Bhilí Blackett air ar feadh tamaill.
“'Seadh - measaim go bhfuil sin cosamhail leis an chuid dheas de'n oileán tarraingthe go garbh. Agus má's
L 126
amhlaidh atá, a mhr. Maitland, nó má tá rún ar bith agat- agus tá fhios agam-sa an cineál duine thú - má tá rún agat cuairt a thabhairt air, is í mo chomhairle-se duit a strócadh ina ghiotaí agus an t-iomlán a chur as do cheann."
“Ach cad chuige sin, a Chaiftín Blackett?" ars' an cailín.
“Tá, a bhean óg, mar tá rudaí ar an tsaoghal seo agus is feárr leigint daobhtha. Bhéarfaidh Mr. Maitland a sháith do aon neach ar dhá chois, mar atá fhios agam-sa go maith, ach ní bhfuighidh seisean ná fear ar bith eile buaidh ar cibé rudaí atá beó ar an oileán sin. Tá sé malluighthe. Tá an t-oileán uilig malluighthe."
“A Bhilí - níl tú ach ag magadh," arsa Jim agus é ag gáiridhe mar nach mbéadh sé ghá chreidbheáil.
Ach ní tháinig gáire ar bith ar aghaidh an fhir eile.
“An roimh do am-sa a thárla gnoithe an ‘Phaquinetta?"
ar sé,
“Ní dóigh liom gur cuimhin liom í," arsa Jim.
“Bhal, má mheasann sibh nach gcuinfidh mé tuirse oraibh leis, innseóchaidh mé an sgéal.”
“Lean leat, a Liam," arsa Jim. “Níl an oidhche ach óg go fóill."