An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 7

Caibidil

L 127

Caibideal VII.

"Oileán an Aon-Chrainn,” arsa Blackett,,”Tá sé ar an taoibh ó dheas de Shantos. Ó'n taoib ó thuaidh go dtí an taobh ó dheas tá sé suas le cúig mhíle, agus rud éigin faoi sin trasna. Tá cuid mhór de'n taoibh thoir ina sheasgann bhog nach mó ná gur féidir a shiubhal. Maidir leis an taoibh thiar, tá a bhunadhas uilig cumhduighthe le foraois dhlúith. Tá cruach de chnoc san tuaisceart - níl an chuid sin de'n léar-sgáil againn - cnoc iongantach feiceálach agus siar ó'n chnoc sin tá crann ma sheasamh leis féin ar an aoirdeacht atá go fiú níos feiceálaighe arís,”

“Cruthuigheann sin go bhfuil an chuid eile de'n léar- sgáil ceart,” arsa Jim.

“Chuala mise trácht air de'n chéad uair,” ars' an fear eile, “sa bhliadhain '06. Bhí mé ag obair san am in mo mháta ag dream loingis a rabh a n-oifig i mBuenos. Lá amháin fuaireamar órdughadh uatha a dhul go dtí an áit seo. Chonnacthas damh féin sin bheith rud beag ait, na ní rabh iomrádh ar bith ar aon lasta, agus ní ar thuras pléisiúir a théigheas bádaí lasta de ghnáth. Ach b'aite liom ná sin arís an dóigh a rabh an seanduine i ndiaidh sinn a dhul 'un na fairrge. Ní fear cainnteach a bhí ann an t-am a b’fheárr é, ach ní thiocfadh liom oiread agus focal amháin a bhaint as, an chuairt sin. Le n-a chois sin bhí rud éigin cearr leis an fhoirinn. Mar sin de, maidin amháin nuair a thánig sé aníos ar an droichead, dar liom nach ndéanfainn rún ar mo smaomteadh ní ba mhó.

“‘Goidé tá cearr, a chaiftín? 'd'fhiafruigh mé.

‘Tá na fir comh crith-eaglach le girseachaí beaga sgoile.'

L 128

“‘Cá fhad thusa amuigh annseo, a Mhr. Blackett ' ar sé.

“‘Suas le bliadhain,' arsa mise.

“‘B'fhéidir gur cuimhin leat gur fhág an “Paquinett,” Buenos go cineál tobann sé seachtmhaine ó shoin,' ar sé.

“Ba d'ár loingeas-ne an ‘Paquinetta' fosta.

“‘Is cuimhm,' arsa mise. ‘Bhí sé cineál ait fosta an dóigh ar imthigh sí. Ní rabh fhios ag aon duine cá rabh sí ag dul.'

“‘Ní h-é sin amháin,' ar sé, ‘ach bhí caiftín nua uirthi agus foireann a toghadh go speiseálta.'

“D'amharc mé air go géar. Bhí an ceart aige. Ach bhí dearmad déanta agam-sa ar an méid sin.

“‘Le linn na bliadhna atá tú amuigh annseo, a Mhr. Blackett,' ar sé, ‘nár chuala tú sgéalta ar bith fá Oileán an Aon-Chrainn?'

“Bhal, níor chuala - níor chuala ag an am, agus dubhairt mé sm leis. Níor chuala mé go fiú ainm an oileám go dtí sin.

“Ní iongantas ar bith sin,’ ar sé, ‘tá sé i bhfad amach ó'n ghnáth-chúrsa.'

“‘Goidé táimíd ag dul a dhéanamh annsin' arsa mise.

“‘Táimíd ag dul ar thásg an “Phaquinett,”', ar sé go dubhlaitheach. Le sin d’imthigh sé síos.

“Anois, a Mhr, Maitland, mar tá fhios agat féin, ní fear crith-eaglach mé, ach ar mo fhocal duit gur chuir an abairt shimplidhe sin dioth fríd mo dhruim uilig. Bhíodh fhios agat nach rabh gléas aer-scéal ar mhórán de na longa beaga san am sin. Ní rabh ar an ‘Phaquinetta'. San am chéadna ní rabh an amisir ar dhóigh ar bith olc agus long mhaith acfuinneach a bhí innti. Mar sin de dubhairt mé liom féin gan a bheith in mo amadán - nó goidé thiocfadh theacht uirthi. Ach bhí an seanduine annsin agus aghaidh fhada imnidheach air. Bhí na fir annsm - fuair siad amach,

L 29

cibé dóigh, cá rabhamar ag dul - agus iad uilig ar crioth leis an eagla. Agus annsin bhí an diamhair fá’n ‘Phaquinetta'.

“Bhal, thugamar fá dear an t-oileán i dtrátha an mheadhon lae an tríomhadh lá. Bhíomar ag seóladh soir ó thuaidh, agus níor léir dúinn leis an talamh árd sin a bhfuil an carn cloch ar a bhárr — thig leat a fheiceáil an áit a bhfuil sé marcáilte ar an léar-sgáil - níor léir dúinn an leabaidh ancoire go rabhamar chomhair a bheith i dtír. Le sin féin nuair a chuamar thart an poinnte chonnacamar annsin an ‘Paquinetta' ós ár gcoinne amach, feistighthe, agus gan í trí fhad cábla uainn. An bomaite a chonnaic chuamar isteach go tapaidh ar a cúl agus leagamar féin ancoire,”

Le sin mhachtnuigh sé agus d'ól sé deoch eile.

“Ar an chéad amharc,” ar sé nuair a thoisigh sé arís, “ba léir dúinn go rabh rud éigin cearr — rud éigin mór, fosta. Ní rabh toit ar bith aisti, ná cuma uirthi go rabh aon duine beó ar bórd, agus nuair a shéideamar blosg ar an adharc níor tugadh aon fhreagra,

“Leigidh síos bád,' ars' an caiftín. ‘Tá mise ag dul ar bórd.'

“‘Badh mhaith liom-sa a dhul fosta,' arsa mise. Bhí cuma ar an tseanduine go dtug sin faoiseamh mór dó.

“‘Béidh lúthgháir orm thú bheith liom, bí cinnte,' ar sé.

‘Tá rud éigin diabhalta ar siubhal.

“Le sin d’iomramar trasna. Bhí an droichead tógála íslighthe, ach bhí beirt de na ceangaltáin sgaoilte air, agus bhí sé ag craitheadh anonn agus anall agus sinn ag dul suas. Bhí druim na luinge folamh, agus an dearg-theas ag éirghe as agus sinn i n-ár seasamh annsin ag coimheád thart. Ní rabh aon duine le mothachtáill

“‘ Rachaimíd síos ar íochtar, a mháta,' ars' an sean-duine, agus chuaidh sé féin ar tús.

“Chomhair a bheith gur aon déanamh amháin a bhí uirthi

L 130

agus ar ár luing féin; agus, mar sin de, bhí eólas ár mbealaigh againn. Tharraingeamar ar an phroinn-seomra. Bhí sé folamh, cosamhail le gach áit eile, agus bhí fuigheall béile ar an tábla. Bhí leath cupa tae ann a bhí lobhtha, agus píosa feóla a bhí beó le cnumhóga.

“‘Tá siad ar siubhal le tamall, a chaiftín,' arsa mise, ’á thaisbeáint dó.

“‘Ach goidé an seórt fir, a mháta, a d'fhuígfeadh a long agus gan aon duine ar bórd Innis sin damh.'

“Ní thiocfadh liom a mnse dó. Smaomtigh mé ar sgéal an Marie Celeste,' ach fuarthas ise ag imtheacht le sruth na fairrge. Níorbh' ionann an dá chás. Chaithfeadh an t-iomlán aca seo a bheith i dtír. Ach mar adubhairt an seanduine, dume ait a b'éigean a bheith sa chaiftín a bhí ortha.

"‘Féachfaimíd seomra na gcairt,' ars' an seanduine; agus ní rabh an focal as a bhéal nuair a tháinig meangadh gáire ó’n taoibh amuigh de'n doras. Rachaidh mise i mbannaí duit nach rabhamar i bhfad ag iompódh thart, agus gunna i láimh gach duine againn. Tháinig an gáire arís, agus bhí rud éigin san fhuaim a bhí leis a shioc mo chuid fola féin. Choimheáideamar an doras ag fosgladh go mall, agus annsin thuit na gunnaí le n-ár dtaoibh fear de chuid buachaillí an chócaire a bhí ann, agus ní rabh de dhíth ach amharc amháin le n-a feiceáil go rabh an duine bocht ás a mheabhair glan.

“D'amharc sé orainn go bómánta, agus i gcionn tamaill bhig thoisigh sé ar mhunamar éigin.

“‘Leath daoine: leath anmhidhe. Leath daoine: leath ammhidhe.'

“Lean sé leis 'á rádh sin, arís agus arís agus é ag déanamh comhartha le n-a láimh fríd shleas-pholl na luinge.

“‘Goidé an donas a bhfuil sé ag cainnt air ' arsa mise. “Leath daoine: leath ainmhidhe,” Cinnte, tá an fear as a chéill.'

L 131

“‘Tá, agus goidé chuir as a chéill é, a mháta; goidé chuir as a chéill é,”

“D'amharc an caiftín orm, agus bhí féachaint ghruamdha ma chuid súile,

“‘Ní ghlactar ar bord máirnéalaigh atá as a gcéill, an nglactar? Agus ní théigheann aon duine as a chéill gan siocair.'

“Phill sé arais go h-uachtar agus sheas sé annsin tamall ag déanamh sgátha dá shúile le n-a láimh agus ag coimheád ar an rosán a bhí ag teacht anuas chomhair a bheith go dtí imeall an uisge. Le sin d'iompuigh sé thart go tobann agus chuaidh suas go dtí an droichead.

“‘Faigh an leabhar cinn lae,' ar sé. ‘B'fhéidir go dtabhairfeadh sin eólas éigin dúinn.'

“Chuaidh mé féin go dtí seomra an chaiftín, agus mo chreach go dteachaidh ! Na bhí radharc istigh annsin a bhí creathnach. Bhí an leabaidh agus na ballaí agus an tábla agus na cathaoireacha agus an t-urlár — bhí gach ball de'n tseomra cumhduighthe le ballsgóidí móra dearga, go díreach mar bhéarfadh duine éigin leis sguab agus a tarraingt thall agus abhfus ar gach rud dá gcasfaí air. Agus fuil a bhí ann.

“D'amharc mé thart. Bhí an caiftín ma sheasamh ag mo thaoibh agus dath ar a aghaidh mar bhéadh cailc

“‘A Dhia na bhFlaitheas!' ar sé, bhí búisteóireacht mhillteanach annseo.'

“Chuaidh mé anonn go dtí an tábla : bhí roinnt páipeár air agus thóg mé ceann aca. Bhí na páipeáir lán fola fosta, ach bhí an sgríbhinn soiléighte. Chonnaiceamar sa deireadh go rabh tuairisg éigin againn ar chaoi ar bith d'aindeóin nach mórán níos eólaighe a rinne sí sinn. An páipeár a bhí ar uachtar, ba léir gur cineál de dhialann a bhí ann, dialann gharbh leis an chaiftín. D'amharc an sean- duine ar an dáta-an 26adh de mhí an Aibreáin

L 132

“‘Indiú é an l8adh de mhí na Bealtaine, a Bhlackett,' ar sé. 'Trí seachtmhaine ó shoin.'

“‘Níl fhios agam, ar chor ar bith, cad chuige nach bhfuil sgéala ar bith le fagháil ó'n bhaicle a chuaidh fá thír,' sin mar bhí tá sgríbhinn. ‘Tá sé trí lá thar an am agus gan ain chomh-'

“Stad sé ag sin go díreach i lár an fhocail. Comhartha, creidim, a bhí sé dul a sgríobh - d'aindeóin gur chuma.

Ach bhí an smaointeadh amháim i n-ár n-intinn araon : goidé an óbair mhillteanach a rinneadh ó d'fhág sé síos a pheann trí seachtmhaine ó shoin? Cé'n fhuil seo a bhí ar gach rud Bhí boladh samhnasach na fola san áit go fóill. Le sin rinneamar ár mbealach amach arís faoi an aer, agus craithte go maith a bhíomar.

“‘Goidé ghní tú de, a chaiftín?' arsa mise. ‘Bhí fhios agat-sa rud éigin sul a dtáinigeamar annseo. Bhí fhios ag an fhoirinn rud éigm fosta. Goidé bhí fhios agat?'

“‘Ní rabh agam ach mar chuala mé,' ar sé go mall, ‘Bhí sgéalta iongantacha dá h-innse i gcomhnuidhe fá'n oileán seo, a mháta. Agus, dar fiadh! tá mé ag toiseacht a chreidbheáil go bhfuil siad fíor.'

“Le sin féin rug sé greim sgiatháin orm go tobann, agus rinne sé comhartha bealach an chósta leis an láimh eile.

“‘An léir duit dadaidh ag bogadaigh? ar sé go tógtha. Ag taoibh an chrainn sin a bhfuil na blátha corcra air, leath bealaigh suas an cnoc.'

“Chuartuigh mé an crann agus d'amharc mé air go géar. Agus, cinnte go leór, ní rabh i bhfad gur baineadh craitheadh as, d'aindeóin go rabh gach rud fá dtaobh de ciúin socair i dteas mharbh an mheadhon lae. Lean mé ag coimheád liom. An léaspáin a bhí ár mo shúile nó an rabh rud éigin ag bogadaigh ag bun an chrainn ? Ní rabh gloine fad-radhairc le ceachtar againn, agus an dóigh a rabh an solus ghár ndalladh, ba deacair a bheith cinnte. Mar sin

L 133

de thugamar suas sa deireadh agus leanamar do chuartughadh na luinge, d'aindeóin go rabh fhios againn ó thús báire nach mbéadh dadaidh againn ar a shon. Bhí an long folamh ó dhaoine amach uainn féin ár mbeirt agus an cócaine mine. Cá rabh an chuid eile de'n fhoirinn,”

Tharraing sé a anál bomaite, agus líon Jim a ghloine arís. Bhí an seomra comh ciúin sm go dtiocfadh biorán a chlumstm ag tuitim.

“An chéad rud a bhí le socrughadh againn goidé bhí le déanamh leis an fhear mhire, Shocruigh an caiftín a fhágáil san áit a rabh sé go cionn tamaill.

“‘Do réir mar tchím-se,' ar sé, ‘tá sé leis féin ar an luing seo ó bhí an 26adh de mhí an Aibreáin ann, agus ní dhéanfaidh sé dochar dó a bheith leis féin 'dó nó 'trí de laethibh eile. Rud eile, bhéadh trioblóid againn le n-ár gcuid fear féin, dá dtugaimís linn arais é.'

“Agus goidé tá tú ag brath a dhéanamh anois, a chaiftín' arsa mise.

“‘Tá, an abhainn sin a chuartughadh, a Mhr Blackett, Caithfimíd féacháil leis an ghréasán diamhair seo a réidh-tiughadh.'

“Le sin chuamar arais go dtí n-ár long féin agus thug mise cibé órduighthe a bhí riachtanach. Bhí na fir ina seasamh thall agus abhfus ma sgaiftí ag cainnt go h-íseal, agus níor bhog aon duine aca go dtáinig an seanduine féin ortha. Gan amhras bhí fhios aca go rabh obair thriob- lóideach ar siubhal — d'aithneóchadh fear leath-shúile sin ach amharc amháin a fhagháil ar an 'Paquinetta' ach ní bhfuair siad faill mhór smaointeadh air. D'árduigheamar suas an bád beag, agus d'ísligheamar an ceann mór, agus fear ar bith nach rabh dúil aige a dhul isteach innti, rinneadh a thabhairt chun caidirne go gasta le bior rópa. Fágadh cúram na luinge ar an dara máta, agus tugadh órdughadh géar dó coimheád go maith. Le sin d'imthigheamar.

“Bhí sé te go leór san chuan, ach nuair a chuamar thart

L 134

coradh na h-abhna as amharc na fairrge móire chomhair a bheith nach rabh seasamh le déanamh ar an teas a bhí ann. Ní rabh oiread agus smid ghaoithe, agus bhí an t-aer mar bhéadh sé ag tromadh anuas orainn. Bhíomar druidte istigh ar gach taoibh le fás dlúith rosán. Bhí boladh pláigheach le mothachtáil i ngach áit. Agus trácht ar chrogaill ! Ó chuir Dia mo cheann ar an tsaoghal ní fhaca mé a leithéid de sgaoi a's bhí san abhainn sin, agus smaointigh mé go mb'fhéidir gur leó a thiocfadh an míniughadh a thabhairt dúinn a bhí de dhíth oramn. Ní bhéadh rian ná lorg go deó ar aon dume a thuitfeadh san abhainn céadna. Dubhairt mé sin go h-íseal leis an chaiftín, agus d'amharc sé orm bomaite nó beirt sul ar labhair sé.

“‘Crogall ait an crogall a dtiocfadh leis a dhul suas droichead luinge, a Bhlackett,' ar sé.

“D'iomramar linn. Bhí mé féin agus an caiftín i n-ár suidhe taobh le taoibh i ndeireadh an bháid agus gunna ag gach fear againn ar a ghlúin. D'éirigh an abhainn cumhang do réir a chéile go dtí go rabh bosa na rámhaí chomhair a bheith ag cuimilt ar na bruacha, agus bhí na crainn ós ár gcionn buailte ar a céile. Ba léir nach dtiocfadh linn a dhul níos fuide, agus le sin thug an caiftín órdughadh stad de'n iomradh.

“‘Níl maith ar bith séacháil le cur i dtír annseo,' ar sé. ‘Bainfimíd triail as sgairt nó beirt. Anois, a fheara, tógaidh uilig gáir i n-éinfheacht.’

“Leigeamar Hileóigh' amháin agus annsin d'éist- eamar. Ach amach ó sgaoi éanacha a d'éirigh as crann i bhfogas dúinn, níor mhothuigheamar dadaidh. Bhí an ciúnas trom uaigneach céadna i ngach áit. Leigeamar gáir eile, ach ní rabh gar ann. Ní rabh ní b'fheárr le déanamh againn anois ná pilleadh arais go dtí an long. Agus badh air an bhealach arais a tháinig mothughadh éigin orm féin a bhí cineál ait. Thrácht mé leis an chaisftín air nuair a fuair mé faill, agus fuair mé amach gur mhothuigh seisean mar an

L 135

gcéadna, d aideóin go bhfuil mé de'n bharamhail go rabh na fir ró-ghnoitheach le dadaidh a thabhairt fá dear. Badh é an mothughadh é go rabhthar ghár gcoimheád. Bhí rud éigin ag coinneáil suas linn ar an bhruach, rud éigin nach bhfaca mé i n-am ar bith, ach a bhí fhios agam go maith a bheith annsin. Ní samhailt ar bith a bhí ann. Bhí an caiftín comh cinnte de a's bhí mise.

“Bhal, chuir sin deireadh le n-ár chéad iarracht an diamhair a réidhtiughadh, agus b’éigean dúinn smaointeadh ar sheift éigin eile. Chuamar i ndáil comhairle, agus shocruigheamar sa deireadh gurbh’ é an rud a b’fheárr dúinn a dhéanamh seóladh thart go mall timcheall an oileáin ag séideadh na h-adhairce eadar amannaí, agus áit a chuartughadh a dtiocfadh linn buidhean a chur i dtír gan chontabhairt. Na dhiúltuigh an caiftín glan leigint do aon dume dhul i dtír an taobh a rabh na coillté, go fiú dá dtigeadh lmn fir a fhagháil a bhéadh toilteanach, rud, tá eagla orm, nach dtiocfadh.

“Mar sin de, sheólamar thart timcheall an oileáin agus an adharc ag séideadh gach dara bomaite, ach dadaidh ní rabh ar a shon againn. Ní rabh aon duine beó le feiceáil, ach ní am amugha a bhí ann, na thug sé eólas dúinn ar an áit. Ba léir go rabh áit amháin a mbéadh sé furas dul i dtír - muirbheach ar an taoibh thuaidh de'n oileán chomhair a bheith ag bhun chnoc na cruaiche, Ach bhí sé ró-mhall dadaidh eile a dhéanamh an lá sin, agus, mar sin de, shocruigheamar ár n-ancoire a leagan arís agus fanacht go maidin lá ar n-a bhárach.

“Anois, bhí an ‘Paquinetta' feistighthe taobh istigh dínn suas le dhá chéad slat ó'n chósta, agus ceathramhadh míle uamn. Bhí an oidhche iongantach ciúin, agus bhéadh an ghealach ag éirghe i dtrátha an trí a chlog. D’aindeóin go rabh mé féin tuirseach nuair a bhí mo sheal faire istigh agam ag an meadhon oidhche mhothuigh mé nach dtiocfadh liom codladh. Ní thiocfadh liom an rud uathbhásach seo a chur L 136

as mo cheann. Le sin luigh mé síos ar mo leabaidh agus tharraing orm leabhar. Bhí gach rud mar bhéimís amuigh ar an fhairrge mhóir, bhí faire i rith an ama, agus thiocfadh liom an dara máta a chluinstin ag siubhal suas agus anuas an droichead,

“Le sin féin stad a choiscéim go tobann ós cionn an phuill a bhí ar sheomra-sa, agus an bomaite céadna leig sé éigheamh. I mbomaite eile bhí sé istigh in mo sheomra.

“‘Tá rud éigin ar siubhal ar an “Phaquinett,”,' ar sé de sgairt.

“Mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile bhí mé amuigh, agus shuas ar an droichead. Agus cinnte go leór bhí solus uirthi ag dul trasna an urláir, ach ní lóchrann a bhí ann de'n chineál a bhíos ar longa de ghnáth. Ba chosamhla le soillsheán deataigh é, mar bíos ag gasraí lá Ghuy Fawkes. Choimheáideamar é agus gan aon shocal as aon duine againn go dtí go dteachaidh sé síos ar íochtar as ár n-amharc.

“‘An t-amadán malluighthe sin de chócaire atá ann,' arsa mise. ‘Muna bhfuil ag Dia, cúirfidh sé an long le theinidh.'

“Bhí mé go díreach ar tí an caiftín a mhusgladh nuair a tháinig uaill uathbhásach trasna an uirsge, uaill a chuir mo chuid fola uilig ar crioth agus a thug ar an ghruaig seasamh ar mo cheann. Ní tháinig sí arís, agus sul a rabh faill agam mo intinn a dhéanamh suas bhí an caisfín é féin i n-ár gcuideachta.

“‘An ó'n 'Phaquinett,” a tháinig an uaill sin' d'fhiafruigh sé.

“‘'Seadh,' arsa mise. ‘Agus bhí solus ag bogadaigh uirthi. ... Dar Fiadh! sin arís é.'

“Sheas an triúr againn ’á choimheád. Bhog sé trasna druim na luinge mar a bhog cheana, ach chuaidh sé as amharc thar an taoibh an iarraidh seo. Agus chonnaictheas damh-sa é bheith ag dul go h-iongantach corrach.L
L 137

“Anois, badh ar an taoibh eile a bhí an droichead tógála ar an ‘Phaquinetta ' agus ó thárla gurbh' eadh bhí gluaiseacht an tsoluis ioh-tuigthe. Tháinig duine éigin ar bórd, chuaidh sé síos ar íochtar, agus annsin d'fhág sé í. Agus fhad a’s bhí an duine ar íochtar thárla rud éigin a ba chionnta leis an uaill uathbhásaigh sm.

“Ní thearn an caiftín moill, d'aindeóin nach náir liom a admháil, dá mbínn-se ina áit, go bhfanóchainn go maidin. D’órduigh sé bád a ísliughadh agus chuir cé cuireadh ar beirt ar bith a bhí toilteanach a dhul ar bórd an ‘Paquinetta' leis, fuaireamar sin go réidh-lochlannach mór agus Sasanach. Thug fear aca leis cró iarainn agus an fear eile piocóid. Bhí gunnaí liom-sa agus leit an chaiftín, Thugamhar linn ceithre lóchrainn annsin agus d'iomramar trasna.

“Tharraingeamar suas ag taoibh an droichid, agus an chéad rud a thugamar fá dear fuil ar an staighre. Bhí sí le feiceáil suas an bealach uilig, anonn trasna an urláir, agus síos ar íochtar. Leanamar an lorgi - bhí an caiftín ar tús agus mise ar deireadh. Bhí lorg na fola ann go dtí áit an chócaire.

“A Dhia na Glóire ! bhí an áit sin uilig bun ós cionn Bhí, go díreach comh h-olc a's bhí seomra an chaiftín, ach bhí an fhuil seo fliuch. Bhí gach aon rois dearg ag an tsean- duine. Bhuail duine éigin nó rud éigin an créatúr gan chéill sin go dtí go rabh sé marbh, ach cibé rinne é, bhí sé ar shiubhal. Chuartuigheamar an long uilig go cúramach. Bhí sí folamh ar fad. Agus sa deireadh chuamar arais go dtí ár long féin.

“Bheir sin chomhair a bheith go deireadh mo sgéil mé. Chuireamar buidhean i dtír lá ar n-a bhárach agus chuamar suas an cnoc. Thiocfadh linn an t-oileán go h-iomlan a fheiceáil ó n-a bhárr sínte amach mar bhéadh léar-sgáil ann ag ár gcosa. Ach ní rabh aon neach saoghalta le feiceáil. Chonnacamar an fhoraois dhlúith agus an seasgann, ach ní

L 138

fhacamar dadaidh a rabh bogadh as, amach ó sgaoi éanacha a d’éirigheadh anois agus arís ó chrann éigin, agus a luigheadh síos arís mar bhéithí i ndiaidh a sgannrughadh ag rud éigin ag dul thart fútha.

“Thairg mé féin do’n chaiftín sgaifte a thabhairt liom a bhéadh toilteanach a dhul agus cuid de’n fhoraois a chuartughadh, ach dhiúltuigh sé glan leigint damh a leithéid a dhéanamh.

“‘Níl againn uilig ach trí gunnaí póca ar bórd,' ar sé, ‘agus fír-bheagán púdair. Dá mba rud é go rabh foireann an “Paquinett,” i n-áit ar bith shíos annsin, chluinfeadh siad ár n-adharc ag séideadh indé. Tá siad marbh, a mháta - gach fear aca, agus níl mise ag dul a chur mo chuid fear féin i gcontabhairt an rud céadna dh'éirghe daobhtha, Rachaidh tusa i gceannas ar an “Phaquinett,” le foirinn, agus comh luath géar agus gheobhas tú fá réir í, imtheóchaimíd,'

“Sin agaibh anois sgéal an 'Phaquinetta,' agus thig libh féin tuigbheáil as mar is mian libh. Is iomdha baramhail a tugadh dó san am, ach badh é tuairim fhurmhór na ndaoine gurbh' amhlaidh a thoisigh ceannáirc éigin. An bhuidhean fá thír ar thrácht an caiftín ortha ina dhialann, fágadh ortha-san go dtáinig siad ar bórd agus gur mharbh siad an caiftín féin agus an fhoireann, agus go dteachaidh siad 'un tíre arís annsin gan aon duine fhágáil ina ndiaidh ach an cócaire mire. Annsin nuair a tháinig sinne, bhí eagla ortha go n-abróchadh an fear mire rud éigin a bhéarfadh sgéala ortha, chríochnuigh siad an obair agus mharbh siad eisean. Ní leigfeadh an eagla daobhtha freagra a thabhairt ar ár h-adharc-ne i ndhiaidh a rabh déanta aca; bhris an galar buidhe amach annsin agus chuir sin deireadh leó,”

“An measann tú féin gur fíor sin, a Bhil,” arsa Jim go suaimhneach.

^ “Ní mheasaim, a Mhr. Maitland. Abair nach bhfuil ionnam ach seóltóir baoith-chreidmheach má''s mian leat é,

L 139

ach tá mise fír-chinnte go bhfuil rud éigin i bhfad níos uathbhásaighe ná sin san diamhair. Ta mé fír-chinnte fosta gur i gcainnt an chócaire mhire sin atá an míniughadh le fagháil-‘ leath daoine, leath ainmhidhe.' Bhéarfainn mionna go bhfuil rudaí éigin i bhfolach san fhoraois sin, rudaí éigin a bhfuil roinnt éigm intleachta aca, agus atá creathnach fíochmhar. Ní thig liom a chur as mo chionn gur marbhadh gach fear dá dteachaidh i dtír, agus annsm nuair a fuair siad seans oidhche dhorcha, gur shnámh na brúidí seo nó gur iomair siad amach go dtí an long agus gur chuir siad deireadh le n-a rabh ar bórd mar an gcéadna. I dtaca le goidé thug ortha an cócaire mire a fhágáil, ní thig liom a rádh. B'fhéidir gur éirigh leis a dhul i bhfolach ortha. Le sgéal goirid a dhéanamh de, tá mé cinnte go bhfuil an sean-sgéal fíor fá Ghárdaí an Chiste,”

“Anois táimíd ag téacht air, a Bhilí,” arsa Jim.,”Innis dúinn rud éigin fá’n chiste seo,”

“Badh ar shéala an ciste fhagháil, a gléasadh an ‘Paquinetta.' Do réir an sgéil, sa bhliadhain l600, nó
i dtrátha an ama sin, cuireadh fear éigin darbh' amm Don Silva Rodriguez, fear a rabh lucht luachmhar de ór agus de rí-sheóda leis a fuair sé i mBhrazil, cuireadh i dtír é ar oileán an Aon-chrainn agus briseadh a long ina giotaí. D’fhan sé, agus d'fhan sé, shuas gach lá ar bhárr an chnuic ag coimheád na fairrge ag féacháil an bhfeicfeadh sé seól, ach ní fhaca. Chaill sé foighid; chaill sé a stuaim ; chuaidh sé ar mire. Le linn na mire chuaidh sé i gcomhar leis an diabhal. Dá gcuireadh an diabhal long chuige d’fhuígfeadh sé a chuid ionmhais i bhfolach ar an oileán, sa dóigh a dtiocsfdh leis an diabhal a rogha rud a dhéanamh leis. Bhí an diabhal sásta, ach cead a bheith aige a chuid gárdaí féin a chur ar an taisge. Tá tú ag gáiridhe, a Mhr Maitland ; ach muna bhfuil sgéal an tsaidhbhris fíor féin, tá mé fír-chinnte go fóill go bhfuil cineadh éigin i bhfolach san fhoraois nach daoine ná ainmhidhthe iad,”

L 140

“Tá an ceart annsin agat, a chaiftín,” Badh é Robinson a labhair. Bhí sé ma shúidhe sa chúinne agus dearmad déanta air chomhair a bheith. “Tá an ceart ag an chaiftín. Rudaí creathnacha : rudaí creathnacha neamh shaoghalta,”

“Agus ar chuala tusa an sgéal seo fost,” arsa Jim go smaointeach.

---
beanna
leabaidh
ancoire
crogaill
cnoc
seasgann
thuaidh
---



"An misde damh a fhiafruighe cad chuige a bhfuil a leithéid de shuim agat san áit, a Mhr. Maitland ?,” arsa Bhlackett.

“Ní misde, leóga, Thig liom a innse duit i gcúpla focal. Tá léar-sgáil againn annseo agus má thuigimíd i gceart é, taisbeánann sé an áit ar an oileán a bhfuil an ciste i bhfolach,”

L 141

"Goidé an dóigh a bhfuair sibh é,”

"Tugadh do mo dheártháir-se é, a Chaiftín Blackett. Thug seóltóir éigin dó é a dtearn sé maitheas air i Monte Video,” arsa Judy Draycott.,”Agus tá dream annseo i Sasain a mharbh mo dheárthair ó shoin ag iarraidh a fhagháil,”

Leig an seóltóir fead leis an iongantas,

“Dona go leór,” ar sé.,”Is truagh liom sin a chluinstin,”

“Anois, a Bhilí, seo mar atá,” arsa Jim.,”D'imir sinne cleas le n-a bhfuaireamar an léar-sgáil ceart a thug an seóltóir do dheárthair Mhiss Draycott. Agus le n-a chois sin thugamar seo do'n bhunadh eile,”

Chuir sé an leath bhréige leis an leath cheart agus d'amharc Blackett ortha go géar,

“Mar tchí tú féin, a Bhilí tá an ceann sin cearr. Tá an taobh dheas ceart go leór : ach níl an taobh thuaidh,”

“Níl. Tá sin amhlaidh. Tá an crann i n-áit an chnuic agus an cnoc i n-áit an chrainn,”

“Bhal, de gheall ar an tsaoghal leat,” arsa Robinson. “Rádh a’s de nach dtug mise fá dear sin,”

“Tá luthgháir mhór orm-sa nach dtug, a Robinson,” arsa Jim. “Mhillfeadh sé mo chuid beart, dá dtugthá. Ach fan go gcluinidh tú, a Bhilí. Níl oiread agus tuairim ag an mhuinntir eile go bhfuil dadaidh cearr leis an léar- sgáil atá aca féin. Cinnte go leór, féadaidh siad a thaisbeámt do dhuine éigin cosamhail leat féin a bhfuil eólas aige ar an áit; agus má thaisbeánann, gheobhaidh siad amach gur buaileadh bob ortha. Ach muna ndéanaidh siad sin, ní bhfuighidh iad amach a n-earráid go dtí go dtéidh siad 'un an oileáin,”

“Go dtéidh siad 'un an oileáin,” arsa Bhlackett,”Coisreacadh Dé orainn! cinnte níl tú ag smaointeadh go bhfuil siad ag dul go dtí an t-oileán,”

“Is maithan bharamhail go bhfuil,” arsa Jim. “Agus mise fosta,”

L 142

“fear amaideach thú, a mhr. Maitland,” ars' an seóltóir go dubhlaitheach.

“Tá tú féin comh h-olc, a Bhilí,” arsa Jim, ag toiseacht a shiubhal suas agus anuas an seomra. “Nó tá tusa ag dul liom. Tá, agus Percy beag,”

Le sin mhachtnuigh sé bomaite agus é ag coimheád ar an chailín.

“Is mór an truaighe - ach tá eagla orm nach dtaitneóchadh sé mórán leat-sa, a mhiss Draycott. Ní maith liom iomrádh a chluinstin ar an ghalar bhuidhe sin,”

“Nach maith,” ars' an cailín go soineannta.

“Tá an galar buidhe céadna contabhairteach. San am chéadna táimíd uilig measardha righin leis an fhiabhras a throid, agus maidir le Percy thig leisean greim a bhaint as máthair an fhiabhrais sul a bhfaghaidh sí crúb a chur ann. Nach dtig, a Phercy ?,”

“Bhí cineál de thuairim agam-sa, a Mhr. Maitland,” arsa Judy, “gur liom féin léar-sgáil an oileáin,”

D'amharc Jim uirthi.

“Dar Fiadh ! bhi - agus is leat,” ar sé. “Ach, ár ndóigh, tá sé ion-tuigthe nuair a gheobhaimíd-ne an sean-
channa stáin sin a chuir cara Spáinneach Bhilí i bhfolach gur leat-sa iomlán a mbéidh ann. A Bhilí - cé'n uair a thig linn toiseacht ? Íocfaidh mise na táillí agus gach costas, tá fhios agat,”

“An féidir go bfuil tú dáiríribh,” d'fhiafruigh an fear eile.

“Dáríribh? Is mé féin atá, a mhic, nil de iongantas orm ach nár chuala mé an sgéal breágh suimeamhail seo roimhe seo. Muna dtigidh tusa,” ar sé, “caithfidh mé duine éigin eile a fhagháil a dhéanfas an chaiftíneacht damh. Ach ba mhaith liom go mór thú bheith liom,”

Le sin féin leig an seóltóir a shean-gháire.

Maith go leór. Rachaidh mé,”

“Go breágh,” arsa Jim de sgairt.,”Socróchaidh mé

L 143

beag agus mór leat i mbárach, a Bhilí, agus taisbeánfaidh mé an léarsgáil iomlán duit,”

Bhí na súile ag éirghe as a chionn leis an loinneacht,

“Luas: luas -sin é a bhfuil de dhíth orainn anois,” ar sé. “Caithfimídine bheith ann ar tús. Agus ní fheicim féin goidé bhacfas sin dúinn. Níl amhras ar bith ortha, agus níl adhbhar deifre ar bith aca,”

“Bhal, socróchaimíd an t-iomlán i mbárach,” arsa Blackett, ag éirghe ina sheasamh. “Is dóigh liom-sa gur amadán thú, a Mhr. Maitland, agus mé féin fosta, tá fhios agam go maith ; ach ar chaoi ar bith tá mé ag dul a luighe. Oidhche mhaith duit, a Mhiss Draycott,” ar sé annsin, agus leig sé gáire beag. “Nach dtig leat-sa féin ciall a chur ann,”

Le sin d'imthigh sé síos an staighre agus Robmson ina dhiaidh. B’éigean do Jim gáiree a dhéanamh fosta.

“Sgaith fir,” ar sé. “Tá sé comh maith le beirt, i n-áit teangmhála,”

“An measann tú go bhfuil ughdar ár bith leis an sgéal sin fá na rudaí san fhoraois,” ars' an cailín.

“Innseóchaidh mé an fhírinne, ní mheasaim,” arsa Jim, “Mar dubhairt sé féin, dream baoith-chreidmheach seóltóirí, agus is annamh a chailleann a gcuid sgéalta mórán san innse. Ach sgéal aistidheach a bhí ann fá'n Paquinetta,' nárbh' eadh? Déarfainn féin gurab í an baramhail is mó ar glacadh léi an bharamhail cheart. San am chéadna béidh sé de dhíth ort a bheith measardha glic leis an ghunna, a Phercy,”

Ach bhí Percy ina chodladh.


“Goidé an bealach a rachaidh tú?,” d'fhiafruigh an cailín.

“Aii ar Phurple Star nó ar an Union Mail fhad le Rio. Tchífidh mé i mbárach. Annsin fastóchaidh mé gléas éigin le mo thabhairt ó Rio go dtí an t-oileán,”

L 144
“Agus cé'n áit a gcuirfidh tú fút i Rio ?,” d'fhiafruigh sí.

“San ‘Ghloria,' creidim,” arsa Jim. “A Judy- is mairg nach dtig leat Rio a fheiceáil. Tá sé ar cheann de na h-áiteacha is áilne ar an domhan uilig,”

"Is fada mé ag éisiteacht le sin,” ar sise. “Caithfidh tú roinnt pictiúirí de'n áit a thabhairt leat arais chugam,”

D'amharc Jim uirthi go h-amhrasach

“Goidé tá in do chionn, a Judy,” ar sé. B'aisteach leis an dóigh ar labhair sí, agus dubhairt sé sin léithe.

“Tá mé buadhartha,” ar sise. “Bhí mé ag smaointeadh ar rud eile ar fad. Bhí mé ag smaointeadh ar an dóigh a dtig le Caiftín Blackett daoine a léigheadh,”

“Bhilí! Daoine a léigheadh ! Ní dóigh liom go dtug mise fá dear é mórán ariamh, má thig,”

Ach an dóigh a dtug sé amadán ort. Cogar, tabhair damh lasán,”

“Lasán ná cuid de lasán ní bhfuighidh tú go n-innsidh tú damh goidé tá in do cheann,”

“Bhal - amadán a chaithfeas a bheith ionnat. An síleann

tusa, a Jim Maitland, an síleann tú in do chroidhe go bhfuil mise ag dul a shuidhe annseo sa bhaile agus tusa agus an cuachán sin atá ina luighe annsin ag srannfaigh ar shiubhal libh ar thuras aoibhinn aerach mar seo, turas nach gcluinfeadh sibh lá iomráidh air a choidhche munab é mise? Níl, a mhic. Tomhais arís,”

"Ach, a Judy,” ar seisean, “a Judy chroidhe-smaomtigh ar an fhiabhras. Agus an dócamhal,”

Ná buaidhir do cheann fá sin,” ar sise go suaimhneach, “An áit a dtig leis an dobhrán sin, Percy, a dhul - thig liom-sa. Is liom-sa an léar-sgáil, agus munab é go bhfuil mé go maith daoibh-se, ní bhéinn a’ bhur leigint liom. Anois tabhair damh lasán,”

Ach ní rabh seisean sásta go fóill.

“A Judy,” ar sé go forasta, “tá fhios agam gur

L 145

leat-sa an léar-sgáil. Tá fhios agam go bhfuil lán-cheart agat déanamh mar tá tú. Ach - ar mo fhocal nach dóigh liom go dtuigeann tú go h-iomlán a bhfuil tú a ghlacadh ort féin. Ní cur i gcéill ar bith contabhairt an fhiabhrais. Tá an pháirt sin de'n domhan lobhtha leis. Le n-a chois sin, béidh contabhairt mhór orainn fosta ó na fir sin a rabhamar leó anocht. Ní dóigh liom-sa gur ceart duit a dhul,”

“Tá mé ag feitheamh go fóill leis an lasán sin,” ar sise. “Anois, éist thusa le seo, a Jim,” ar sí annsin nuair a bhí a toitín dearg aici, “is cuma goidé deir tú, tá mise ag dul. B'fhéidir gur cuimhin leat an comhrádh sin a bhí againn an céad uair a casadh ar a chéile muid fá'n aos óg ann fá láthair. Bhal, anois ó thárla gur mharbh an drong seo Arthur is é seo mo ghnoithe-se. Agus ní chuirfidh tusa thú féin i gcontabhaint gan mise an rud céadna do dhéanamh.” Ar a rádh seo díthe dubhairt sí go rabh fonn uirthi dul abhaile, “A Phercy - droch-mhúnadh ort, a dhuine, musgail.”

“An rabh duine éigin ag cainnt liom,” arsa Percy go codaltach.

“Musgail, a chuacháin, musgail ! Teastuigheann uaim- se dhul abhaile,”

“Maith go leór, a ghrádh. An dtug tú póigín an dorais do James go fóill,”

Le sin thárla rud ait. Nó d'aindeóin gur cailín iongantach stuamdha a bhí i Judy Draycott i gcomhnuidhe, thoisigh s a dheargadh. Bhí fhios aici sin agus chuir sé fearg uirthi, ach ní thearn sin ach a déanamh níos measa. Bhí gach aon gháire ag Percy leis an áthas.

“Luach chúig sgillinge de earraidhe Woolworth mo bhronntanas féin de ghnáth,” ar sé agus é ag teicheadh go tapaidh go dtí an doras. “Cúig bhomaite, a pháistí - agus ná déanaigidh dearmad an solus sa phasáiste a chur as nuair a bhéidh sibh ag imtheacht,”

L 146

“Amach leat — a ghlagaire gan chéill,” arsa Jim, ag iarraidh na gáirí a choinneáil istigh.

“Tá mé ag imtheacht anois, a James,”

“Caithfidh mé mo leath-sgéal a ghabháil leat ar a shon, a Judy,” arsa Jim, agus Percy ag dul síos an staighre, "Tá sé ag éirghe níos dí-chéillidhe gach lá dá bhfuil ag teacht air.”

Bhí sé ag coinneáil an dorais fosgailte díthe nuair adubhairt sé seo, agus ar feadh bomaite sheas sí ag coimheád air gan dadaidh a rádh. Le sin féin thoisigh sí a gháiridhe.

“An bhfuil an dream s'agaibh-se uilig tugtha do'n aicíd sin,” ar sí go rógánta, agus i mbomaite eile bhí sé leis féin.