An Dolachán Feasa

Oileán an Uafáis

← Siar
Ar aghaidh →

Caibidil 8

Caibidil

L 147

Caibideal VIII.

Ní rabh sé de chroidhe ag Jim Maitland fiacháil le Judy Draycott a chur de theacht. Ní rabh, na mar d’admhuigh sé ionnraic go leór leis séin, ní rabh sé de chumas ann ach oiread. Ach ó bhí sí le bheith ar dhuine den chuideachta, bhéadh sé riachtanach troid a sheachamt dá mb'fhéidir ar bith é. Agus mar chonnaic seisean an chúis ní rabh nídh ba chinnte ná go mbéadh troid ann agus go leór dí an bomaite a shroisfeadh an mhuinntir eile an t-oileán, na tchífeadh siad annsin nach rabh aca ach léar-sgáil bhréige. Már sin de, má bhí siad ag brath déanamh gan obair gunna chaithfeadh siad a bheith ó 'n oileán sul a bhfuigheadh Dresler agus a bhunadh dul an fad sin.

Níor chuir sé suim ar bith sa méid adubhairt Blackett fá uathbháis an oileáin. Bhí se breágh eólach ar sheóltóirí agus ar a gcuid sgéalta le fada. Le n-a chois sin bhí sé ceithre bliadhna agus fiche ó thárla an rud a chuala sé fá’n “Phaquinetta," agus cuirtear ruball fada le sgéal sa cheathramhadh cuid de chéad bhliadhain. Níorbh'é an sgéal sin ach rud eile a bhí ag déanamh imnidhe dó - cá fhad a bhainfeadh sé asta an áit fhagháil a rabh an ciste curtha, do réir na léar-sgáile. Bhí sé furas an áit a mharcáil ar an léar-sgáil féin - bhí sin déanta aige cheana féin agus an comhartha B, curtha air aige. Ach is é an áit a mbéadh an deacracht ionad an chiste a fhagháil ar an talamh. Do réir mar adubhairt Bhlackett, i gceart lár na foraoise a bhí sé. Mar sin, goidé an dóigh a gcoinneóchadh siad iad féin i dtreó? Dá mbéadh gan bheith san áit uilig ach réidhteach, bhéadh sé furas go leór. Ní bhéadh le déanamh ach an líne eadar A agus C a shiubhal go dtí go dtiocfadh siad ar phoinnte a mbéadh an cnoc soir ó thuaidh uaidh. 

L 148

Ach i bhforaois dhlúith bhéadh an obair i bhfad ní ba achrannaighe. Bhí eagla air go bhféadfadh sé seal fada a bhaint asta sul a bhfhuigheadh siad an áit a mharcáil, agus annsin féin nach mbéadh ann ach buille fá thuairim. Dar leis go mbéadh seachtmhain de dhíth ortha ar a laighead le bheith cinnte ciaca bhí dadaidh ann ná nach rabh. Agus an bhféadfadh sé bheith ag dúil le seachtmhain a fhagháil?

Ar feadh a rabh fhios aige d'fhág siad Sasain gan aon duine a dtabhairt fá dear. Ach bhí sé i bhfad ró-eólach ar an tsaoghalle dadaidh a fhágáil ós a choinne sin. B'éigean a dhul chun cainnte leis an chonsail fá phasanna do Phercy agus do'n chailín, agus ní rabh seachrán ar bith air fá'n choimheád a dhéanfadh an dream eile ar a leithéid sin. Ní thiocfadh leis ach a dhóchas a chur san ádh. Ach bhí rud amháin a rabh sé measardha cinnte de. Ní rabh aon duine ar bórd ar ghádh dó eagla a bheith air roimhe.

Bhí a phlean so-dhéanta go leór - ann féin. Do réir mar dubhairt Blackett, bhí fear i mBrazil a fuair bád gluaisteáin leath-chéad tonna déanta ar a órdughadh féin, agus bhíodh an bád aige le mná a thabhairt leis ag deireadh gach seachtmhaine thart fá Rio. Ach, ar an droch-uair, bhí bean de na mná seo agus níor thaitin an gnás le n-a fear féin, agus maidin amháin chaith sé agus mharbh sé an té ar leis an bád. Díoladh an bád le comhlucht san áit a bhíodh ag déanamh long, agus bhíodh siad-san i gcomhnuidhe toilteannach ar a tabhairt ar fastodh do dhaoine. Bhéadh fuigheall fairsinge ar bórd do a rabh ann aca, agus bhéadh sí mór go leór fá choinne an turais.

Ach bhí poinnte amháin a rabh Blackett iongantach dian air.

“Ná h-abair oiread agus focal, a Mhr. Maitland, fá cá bhfuilimíd ag dul. Le cois nach dteastuigheann uainn aon duine a bheith ag cainnt air, ní bhfuighidh tú aon fhear a choidhche le dhul air má faghthar amach cá bhfuil ár dtriall.

L 149

Ní abróchaimíd ach go bhfuilimíd ag dul ar turas thart an cósta."

An chéad rud a chuir moill ortha, an lá shroich siad Rio, bhí an bád dá cóiriughadh. Nuair a d'innis Blackett seo do Jim, bhí ar feadh tamaill ag smaointeadh ar a intinn a athrughadh, agus féacháil le bád eile a fhagháil. Ach nuair a d’amharc sé uirthi, agus chonnaic sé comh breágh fóirstineach a’s bhí sí fá choinne na h-ócáide, rinne sé an t-aon rud amháin is féidir a dhéanamh i n-Americeá Dheas le obair a fhagháil déanta go tapaidh. Dubhairt lucht an bháid nach mbéadh sí fá réir go cionn seachtmhaine. Le sin thairg seisean míle “milreis” i n-aghaidh gach lá dá mbainfi de’n am sin. Chosain sé ceithre mhíle “milreis" dó, ach bhí sé sásta go leór do’n mhargadh.

Ar feadh na dtrí lá a bhí siad ag fanacht sa “Gloria” chuir siad isteach an t-am ar thurais go dtí na h-áiteacha a bhfuil spéis ag gach duine ionnta. Chuadar go Corcavado, an áit a bhfuil dealbh Chríost, dealbh mhór leath-chríochnuighthe ar a bhárr. Chuadar go Sugar Loaf Hill ar an téad-bhealach fríd an aer, agus go Capacabana an áit a bhfuil sruth grinnill a bháitheas an t-uathbhás lucht snámha. Maidir le Judy Draycott, chuaidh an t-am thart i bhfad ró-ghasta, agus munab é an imnidhe a bhí air gan bomaite chailleadh níos mó ná bhéadh riachtanach bhéadh Jim ar an intinn chéadna. Na le cois cean a croidhe a bheith aici-se ar gach rud áluinn, bhí dúil as cuimse aici sa taisteall. Bhíodh sé de dhíth uirthi i gcomhnuidhe a fhagháil amach goidé bhí ar an taoibh eile de'n chnoc.

“Nach agat a bhí an saoghal iongantach, a Jim," ar sí. Smaointigh air - an rí-áilneacht seo — ar shiubhal ó bhailte móra, agus ó na sluaighte daoine. Rádh a's de gur leat féin an t-iomlán - gan agat le n-a roinnt le aon duine: gan aon duine le n-a mhilleadh. Agus annsin imtheacht leat agus a fhagháil arís agus arís." 

L 150

Le sin thoisigh Jim ar dhán:-

“‘Rave you ever stood where the silences brood, and vast the horizons begin, At the dawn of the day to behold far away, The goal you would strive for and win?"

Agus nárbh’ air a bhí an t-áthas annsin nuair a thóg sise suas é:-

“‘Yet ah ! in the night when you gain to the height, with the vast pool of heaven star-spawned, Afar and agleam, like a va1ley of dream, still mocks you a Land of Beyond."

“Agus tá dúil agat-sa fosta ann, an bhfuil?" ar sé. “Is maith liom sin. Is é Robert Service féin an fear á dtig leis a rádh mar ba mhaith leat ráidhte é."

“Má tá fonn oraibh a bheith i n-am ag bhur lón, mholfainn-se díbh tarraingt ar an ghluaisteán."

Badh é an tiománaidhe a labhair leó, agus rinne Jim gáire.

"Órdughadh an bhóthair, a Judy!"

Bhí siad araon iongantach tostach agus iad ag tiomámt arais.

Le linn an tráthnóna an lá deireannach fuair siad amach nár dhóiche daobhtha seachtmhain iomlán a fhagháil leó féin ar an oileán mar bhí siad ag súil leis. Bhí Bhlackett amuigh i rith na maidne ag cur deifre ar an mhuinntir a bhí ag obair ar an bhád, agus tháinig sé isteach nuair a bhí siad ag déanamh a gcodach. “Béimíd ábalta toiseacht i mbárach," ar sé, “agus ní misde dúinn sin.'

“An bhfuil dadaidh cearr, a Bhilí ? " d'fhiafruigh Jim. 

L 151

“Níl dadaidh a bhfuil brígh ann, b'fhéidir. Ar chuala tú iomrádh ariamh ar Bhulaí Mac an tSaoir?"

“Ní thig liom a rádh gur chuala," arsa Jim.

“Bhal, chuala seisean iomrádh ort-sa. Agus tá fhios aige go bhfuil tú annseo. Tá Mac an tSaoir ag obair i rith a shaoghail fá'n chósta seo, agus ní deagh-earradh ar bith é. Tá teastas caiftín aige, agus níl amhras ar bith ná gur rí sheóltóir é. Rí-sheóltóir; ach, mar sin féin, ní’l ann ach muc de dhuine. Níl aithne aige orm-sa, ach taisbeánadh damh uair amháin é, agus fear atá ann nach ndéanfá dearmad air i dtoibinne. Ach bíodh sm mar atá - bhí sé shíos annsin i h-aice leis na céidheanna ar maidin indiu, é féin agus cúpla dágó ag ól. Le sin chuala mé do ainm-sa i mbéal duine aca. Bhog mé suas giota agus d'éist mé comh maith a's thámig liom. Níorbh' fhéidir liom mórán a chluinstin, ach chuala mé go glan an focal Moill.' Níl brígh ar bith ann, b'fhéidir, ach smaointigh mé nar mhisde a innse duit."

“Bhí an ceart agat," arsa Jim go smaointeach. “Cé'n uair a bhéas an chéad bhád eile as Sasain ag teacht isteach?"

“Anóirthear," ars' an fear eile. “Má thig siad ar an cheann sin, ní bhéidh de thús againn ortha ach an lá amháin."

“An bhfuil an fear seo Mac an tSaoir ar an chineál duine a d'fhéadfadh siad a fhagháil le bheith ag déanamh a ngnoithe daobhtha?"

“Tá, an cineál céadna," arsa Blackett. “Níl dadaidh ar an domhan a bhfuil eagla air roimhe, agus tá sár-eólas aige ar an chósta. Cuirfidh mise tuairisg go suaimhneach i rith an tráthnóna, agus gheobhaidh mé amach an bhfuil focal ar bhád ar bith aige."

“Cuir," arsa Jim, “Agus rud eile, fosta. Tabhair focal do na fir atá ag obair ar an bhád go bhféadtar féacháil le h-a cur ó ghléas; agus innis daobhtha gur cuma goidé mar bhéas nach bhfuighidh siad airgead ar bith muna rabh sí réidh le dul 'un na fairrge."

L 152

“Goidé tá tú féin ag dul a dhéanamh an chuid eile de'n lá "

“Tá mé ag dul a thabhairt aire do ghnoithe an bhídh. Tá mé ag órdughadh oiread a's dhéanfas cúis go cionn coicthíse."

“Bhal, ní gádh damh iarraidh ort do shúile 'chomneáil fosgailte," ars' an seóltóir. “Ach béidh intinn níos suaimhnighe agam ach smn a bheith ar shiubhal."

“Ach goidé thiocfadh leó a dhéanamh?" arsa Judy Draycott.

“Ní i Lonndain atá tú anois, a Mhiss Draycott," arsa Blackett. “Is iomdha rud ait a thig a dhéanamh amuigh annseo. Bhal, imtheóchaidh mé agus gheobhaidh mé amach a dtig liom."

D'fhág sé an proinn-seomra agus le sin labhair Jim arís.

“Bhí tuairim agam i gcomhnuidhe go gcaithfeadh duine éigin a bheith ag Dresler annseo," ar sé. "Níl fhios agam goidé mar fuair siad mise amach. Ach is cuma, níl feárr le déanamh ná mo shúile choinneáil fosgailte, mar dubhairt Bilí. Tá feidhm duit-se gan a dhul amach leat féin, a Phercy. Má tá aithne aca orm-sa, tá aithne aca ort-sa, creidim, fosta. Mar sin de, comnigh le taoibh do uncail an tráthnóna seo."

Bhí siad ar a mbealach arais ó'n stór i n-ar cheannuigh siad a gcuid earraidhe, nuair a thárla an rud a chula i dtuigse do Jim go rabh intleacht ag an bhunadh a bhí ina éadan, Ní chuirfeadh sé iongantas ar bith air dá dtugthaí iarraidh air le sgein, nó rud éigin de'n tseórt sin. Ach an cleas ar féachadh leis bhí sé comh rí-chliste sin gur fhobair gur beireadh air-sean dhá ghaisteacht é.

Bhí Percy ar an taoibh amuigh de’n taobh-chasán - agus Judy i lár báire. Bhí siad go díreach ag coradh isteach ar an phríomh-shráid nuair a sgiord cailín óg tharsta. Nuair a tháinig sí fhad leó bhí cuma uirthi gur buaileadh i 

L 153

h-éadan Phercy í, agus ar an bhomaite, leig sí sgread chaointe, agus thuit sí síos i lár an lábáin. D'iompuigh seisean thart le tárrtháil a thabhairt uirthi, agus an dara bomaite mhothuigh sé é féin dhá bhrúghadh go deifreach isteach i ngluaisteán sráide ag Jim.

“Damnughadh, a dhuine," ar sé nuair a bhí an carr faoi shiubhal, “tá an ghirseach bhocht i ndiaidh í féin a ghortughadh."

“Tá mé buadhartha, a Judy," arsa Jim nuair a chonnaic sé í ’á stánughadh agus an dubh-iongantas uirthi. “Fhobair daobhtha breith goirid orm an t-am sin. Rinneadh an rud uilig de aon ghnoithe, tá fhios agat. Ní rabh an cailín gortuighthe ar chor ar bith."

“Muna rabh féin," arsa Percy, “ní fheicim cad chuige nach gcuideóchainn leis an dúil bhocht éirghe as an lábán. Cailín beag deas a bhí innti."

“Dá gcuidightheá, leigfeadh sí uirthi féin go rabh sí loitthe. Mhionnóchadh sí gur bhuail tú suas ina h-éadan agus gur leag tú í. Taobh istigh de dhá bhomaite bhéadh othar-charr ag an áit. Agus dá mbítheá thusa léithe annsin bhéadh gach cineál ceisteanna dá gcur ort. Ná leag méar a choidhche ar aon duine a mbainfidh taisme de annseo. Fág é, agus fan go dtigidh an t-othar-charr fá n-a choinne."

“Measann tú gur cleas a bhí san iomlán de ?" arsa Judy.

“Measaim," arsa Jiin. “Cleas le moill a chur orainn. D'fhéadfaidhe bheith ag cur ceisteann ar Phercy go cionn fada go leór dhá thairbhe."

Bhí Blackett ag feitheamh leó ag an teach ósta, agus bhí dreach fosasta ar a aghaidh.

“Fuair mé amach cuid mhór," ar sé go dubhlaitheach.

“Agus caithfimíd sinn féin a chorrughadh. Tá fhios agat an t-artharach geal sin a thugamar fá dear agus sinn ag teacht isteach, an ceann a bhí ar ancoire giota beag ar shiubhal ó’n tsean-long cogaidh? Le bodach darb’ ainm 

L 154

Miguel atá ina chomhnuidhe annseo í, agus tá an Bulaí 'á gléasadh le dhul 'un na fairrge anóirthear."

“Is ionann sin agus go bhfuil siad ag teacht ar an chéad bhád eile," arsa Jim. “Is mór an truaighe sin. Shíl mé go mbéadh seal a b'fhaide ná sin againn ortha. Goidé mar tá an obair ag déanamh?"

“Tá siad chomhair a bheith réidh. D'fhéadfaimís imtheacht go moch ar maidin i mbárach dá mbéadh socruighthe agat fá'n bhiadh."

“Tá sin socruighthe. Cé h-é an fear seo Miguel, a Bhilí?"

“Fear a bhfuil na múrthaí airgid aige, agus do réir chosamhlachta ní fhuil fhios aige goidé mar fuair sé é. Cinnte go leór, b'fhéidir nach mbaineann an obair seo linne, ar chor ar bith, ach ní thaitneann sé liom ar chor ar bith."

“Ní thaitneann ná liom-sa," arsa Jim go dubhlaitheach agus é ag stánughadh ar chárda a bhí doirseóir i ndiaidh a shíneadh dó.

“Seo an fear uasal é féin."

DON SILVESTRE MIGUEL.

Tháinig diúnlach mór dubh-ghnúiseach isteách ins na sála ag an ghasúr. D'umhluigh sé go béasach do Judy, agus annsin thug sé a aghaidh ar Jim agus ar sé: “Mr. Maitland?"

“Maitland mo ainm," arsa Jim go fuar,

“Onóir mhór dúinn é, a Mhr. Maitland, tú bheith arais i n-ár dtír arís," ar seisean. “Ar mhisde damh iarraidh ort mo chur i n-aithne do do cháirde?"

Chuir Jim i n-aithne é. Annsin, ar sé:-

"Agus ar mhisde damh-sa a fhiafruighe cad chuige arbh' fhiú leat theacht a dh'amharc orm, a Don Miguel?"

L 155

“Theastuigh uaim comhrádh beag príobhárdeach a bheith agam leat, a Mhr. Mhaitland. B’fhéidir go ..."

Thug sé suil go h-ealadhanta ar an mhuinntir eile, agus le sin thug Jim a aghaidh ar an chailín.

“Ní bhéidh mé i bhfad, a Judy. An misde leat fanacht annseo le Percy? Ná fágaidh an teach ósta. Tar mar
seo, a Don Miguel."

Thug sé leis é go dtí an áit a rabh dhá chathaoir i gcúinne de'n tseomra suidheacháin.

“Ní bhéadh ann ach ag cur am amugha," arsa fear Bhrazil, “mé a bheith cur i gcéill nach bhfuil fhios agam goidé tá faoi an chuairt seo agat. Agus is ar an ghnoithe sm a ba mhaith liom cúpla focal comhráidh a bheith agam leat."

“An mbéadh dochar damh a fhiafruighe goidé mar fuair tú amach an rud a mheasann tú atá faoi mo chuairt agam?"

“Ní bhéadh ar chor ar bith. Tá rún agam mo chuid cárdaí uilig a chur ar an tábla. Cupla mí ó shoin fuair mé sgéala ó urra mhaith, dar liom, narbh' éadóiche, ar chor ar bith, go rabh an sgéal fíor fá chiste a bheith i bhfolach ar Oileán an Aon-Chrainn. Ní gádh damh, creidim, níos mó a rádh ó tá fhios agat féin an sgéal. Chuir mé spéis go leór sa ghnoithe le tuilleadh eólais a chur, agus dheimhnigh a bhfuair mé amach an tuairim a bhí agam. Bhí léar-sgáil ar fagháil, léar-sgáil a bhí ag seóltóir a bhí ag tabhairt a bháis féin go gasta le h-ólachán, agus chuir mé fá mo choinne féin an léar-sgáil seo a fhagháil. Thárla rud annsin nach rabh coinne agam leis; ach le sgéal goirid a dhéanamh de, d’imthigh an seóltóir. Bhí sé i mBahia. Annsin chuaidh sé as amharc go tobann.

“Thoisigh mé a chur tuairisge, agus i ndiaidh an iomad saothair chuir mé a lorg go Buenos Aires. Ach chaill mé marc ain ar feadh tamaill arís annsin, d’aindeóin gur fear a bhí ann arbh' furas eólas a fhagháil fá dtaobh de. Féadaim innse duit gur fear uasal a bhí ann, fear uasal a chuir an t-ólachán 'un drabhlais, agus mar sin de bhíodh 

L 156

sé cineál feiceálach sa chuideachta a mbíodh sé ann. Fuair mé a thuairisg arís sa deireadh. Bhí sé i Monte Video. Bhí agus é ag fagháil bháis. Le n-a chois sin fuair mé amach dóigh - is cuma goidé an dóigh — fuair mé amach go rabh sé ag innse na fírinne nuair adubhairt sé go dtug sé an léar-sgáil uaidh, agus nach rabh fhios aige ainm an fhir a dtug sé dó í."

Tharraing Don Miguel ciarsúir mhór amach as a phóca agus chuimil sé éadan.

Bhí sin goilleamhnach a Mhr. Maitland. An fear a fhagháil sa deireadh agus a fhagháil amach annsin nach rabh dadaidh de bhárr mho shaothair agam. Ach thig liom eólas a fhagháil i n-áit ar bith is mian liom. Agus roinnt seachtmhain i ndiaidh an fear bás fhagháil fuair mé sgéala go rabh buachaill óg as Sasain ag déanamh a dhinneára i mBuenos Aires tráthnóna amháin, agus gur ól sé braon de bharraidheacht. D’ól, agus labhair sé rud beag de bharraidheacht fosta. Le sgéal goirid a dhéanamh de arís ba léir gurbh' é an Sasanach óg seo an fear a dtug an seóltóir an léar-sgáil dó. D'imthigh mise go dtí an Argentine, ach ní rabh ar a shon agam ach bheith ró-mhall arís. Bhí an fear óg i ndiaidh imtheacht go Sasan seachtmhain roimhe sin. Tá súil agam nach bhfuil mé do do thuirsiughadh: b'fhéidir go bhfuil fhios agat seo uilig, mar tá."

“Níl fhios: níl fhios agam," arsa Jim. “Thug tú cunntas maith ar nidh nó dhó nach rabh fhios agam.”

“Mar dubhairt mé cheana, tá mé ag cur mo chuid cárdai uilig ar an tábla," arsa fear Bhrazil. “Ach leanfaidh mé do mo sgéal. Chuir mé sgéala chuig cáirde damh i Sasain, agus d'innis mé ainm an bhuachalla daobhtha agus an bád ar a rabh sé ag taisteal."

“Go rabh maith agat," arsa Jim go goirid. “Tá fhios agam féin an chuid eile. Mharbh siad é.

Thóg fear Bhrazil a lámh.

“Ba mhór an truaighe, a Mhr. Maitland, ba mhór an
L 157

truaighe, fuair me sreang-sgéal ag innse damh fá dtaobh de, agus - fá - fá chúpla rud eile fosta."

“Tá seo iongantach suimeamhail," arsa Jim. “Goidé rabh na cúpla rud eile seo ag baint leis?"

Dhearg Don Miguel toitín agus tharraing sé smailc sul ar labhair sé.

“Ní maith liom barraidheacht molta a dhéanamh ort in do láthair, a Mhr. Maitland," ar sé, “ach fear atá ionnat a bhfuil eólas maith ar a ainm. Agus nuair a chuala mise ó mo cháirde i Sasain go rabh lámh sa chluiche agat bhain sé cineál de léime asam. Cinnte, bhí cuma ortha go rabh siad de’n tuairim nach rabh ann ach taisme, agus b'éigean damh a fhágáil ag sin. Ach nuair a fuair mé amach go rabh tú annseo, agus le n-a chois sm go rabh tú le deirbhiúr an fhir óig ar bhain an taisme dó thuig mé ar an bhomaite nach taisme ar bith a bhí ann."

“Tá intleacht ghéar agat," arsa Jim,

“Agus anois, a Mhr. Maitland, goidé táimíd ag dul a dhéanamh fá dtaobh de? "

“Fá dtaobh de goidé?"

“An mbéimíd i gcomhar sa chluiche seo nó i n-éadan a chéile?"

Le sin dhearg Jim toitín.

“An mbéadh dochar damh fiafruighe goidé do cheart-sa a bheith sa chluiche ar chor ar bith?" ar sé. Ba le Draycott óg an léar-sgáil, agus goideadh uaidh í. Le n-a chois sin marbhadh é."

“A Mhr. Maitland, a chara,” ars' an fear eile go droch-mheasamhail, “an sagairt sinn a bhéadh ag cainnt fá cheart? Agus maidir le sin, goideadh an léar-sgáil ó'n tseóltóir é féin ó thús."

“Níl faic na fríghde de bhaint agam-sa leis an chuid sin de," arsa Jim. “Tugadh an léar-sgáil do Arthur Draycott, agus níl rún ar bith agam a dhul níos fuide siar ná sin."

L 158

“An ionann sin agus go bhfuil tú ag diúltughadh do mo thairgsint?"

“Ní rabh fhios agam gur chuir tú tairgsint ar bith romhaim."

“Tá mé ag moladh duit an turas a bhfuil tú ag smaointeadh ar a dhul air ar an bhád gluaisteáin a chur as do cheann, agus a theacht i n-aoinfheacht linne. Béidh mo cháirde annseo anóirthear. Imitheóchaimíd trathnóna, Goidé do bharamhail?"

“Goidé tá ar chúl an mhór-maithis seo, a Don Miguel?" arsa Jim go suaimhneach.

Chraith an fear eile a chuid guailneacha.

“Má's fíor ar chuala mise, béidh sáith an iomláin againn ann," ar sé. “Agus ó tá mé réidh le n-a admháil go bhfuil ceart ag Miss Draycott ar a sgiar féin goidé bhéadh orainn gan a dhul i gcomhar?"

Stánuigh Jim air ar feadh tamaill mar bhéadh sé ag smaomteadh ciaca ba chóir dó nó nar chóir an tairgsint a ghlacadh. Ní h-é go rabh rún ar bith aige dadaidh de'n tseórt a dhéanamh - ná ní thaobhfadh sé le Don Silvestre Miguel fad a choise - ach chaithfeadh sé a shocrughadh goidé dhéanfadh sé leis. Bhí an fear saidhbhir agus neamh-sgrubhallach, dhá thréith láidre i n-áit ar bith.

“Cuir i gcás go nglacfainn-sé le do thairgsint," ar sé sa deireadh, “goidé án barántas atá agam, a Don Miguel, go mbéadh do cháirde sásta?"

Chrom an fear eile 'un tosaigh.

“Chuireamar aer-sgéalta chuig a chéile, a Mhr.Maitland,” ar sé, “agus thig liom a rádh go bhfuil siad-san comh leagtha air liom féin. Seo, seo anois! Goidé an mhaith duit-se a bheith ag cur dócamhail ort féin, nuair a thig liom-sa áit mhaith shócamhlach a thabhairt duit ar an bhád s'againne Casfar ar a chéile ar an oileán sinn, agus cad chuige nach rachaimís ann le chéile?"

“Níl dadaidh i n-aghaidh do thairgsinte agam," arsa

L 159

Jim, “ach ní thig liom labhairt ar son Mhiss Draycott. Tá fhios aice-se gurab iad do cháirde ba chionnta le n-a deárthair a mharbhadh; agus, nídh nach iongnadh, níor mhaith léithe bheith ma gcuideachta gach lá."

“Má's mar sin atá, fág annseo í, a Mhr. Maitland. Thig leat-sa a cuid-se de'n ghnoithe a dhéanamh."

“Níl fhios agat-sa goidé an cineál cailín í, tá eagla orm," arsa Jim ag gáiridhe. “Tá nádúir iongantach righin aici. Cogar, a Don Miguel” - bhí cuma air gur chinn sé ar ghníomh éigin go tobann - “béidh comhrádh agam léithe fá’n cheist. Eadrainn féin, bhí mé ag féacháil le leith-sgéal éigin a fhagháil le n-a coinneáill ó dhul. Ná ó'n méid a chluinim, tá an áit iongantach mí-fholláin - agus neamh-fhóirstineach do mhnaoi. Thig liom a rádh go dteachaidh rud éigin cearr leis an bhád, agus a innse díthe goidé mhol tusa."

D’amharc fear Bhrazil air go géar, ach ní i n-asgaidh a d'imir Jim Maitland "pócar" chomhair a bheith i ngach ceárn de'n domhan.

“An ndéanfaidh tú sin ar an bhomaite?" d'fhiafruigh
sé.

“Anois, a dhuine chroidhe, goidé, faoi an Rí, an dóigh a dtig liom éirghe i ndiaidh a bheith ag comhrádh leat-sa, agus innse díthe go bhfuil ár mbád ó ghléas?"

D'amharc Jim air go soineannta, agus chlaon seisean a cheann.

“Tá sin fíor," ar sé, “tá sin fíor."

“Caithfear a dhéanamh tráthnóna indiu,” arsa Jim “I ndiaidh am dinneára, b’fhéidir."

“Agus cé’n uair a gheobhaidh mise freagra uait?"

“Comh luath a's gheobhaidh mé féin freagra cinnte ó Mhiss Draycott," arsa Jim, agus le sin d'éirigh Don Miguel.

“Maith go leór, a Mhr. Maitland. Fuígfimíd ag sin.”

L 160

Thóg sé an cárda a d’fhág Jim síos ar an tábla, agus thoisigh sé a sgríobhadh air.

“Uimhir mo ghutháin," ar sé, “Béidh mé ag súil le sgéala a fhagháil uait comh luath agus is féidir."

Choimheáid Jim é ag dul trasna an tseomra, agus ag fágáil an tighe ósta: d'umhluigh sé go béasach do Judy ar a bhealach amach. Tharraing Jim ar a chol ceathar agus ar an chailín.

“Cá bhfuil Bhilí?" d'fhiafruigh sé.

“Tá sé ar shiubhal síos go dtí an bád arís," arsa Percy. “Goidé bhí de dhíth ar an tsladaidhe sin?"

D'innis sé sin daobhtha i gcúpla focal.

“Ach cinnte níl tú ag smaointeadh ar a dhul leis, a Jim?" ars' an cailín.

“Nil, leóga," arsa Jim. “Ach b'éigean damh fagháil réidhtighthe leis ar dhóigh éigin. Dá ndiúltuighinn glan é, níorbh' fhéidir linn imtheacht i mbárach. Ní bhéidh ár ndóigh féin againn mar tá, d'aindeóin go measaim gur chuir mé dalladh mullóg air ceart go leór.”

“An bhfuil eagla ort go mbainfidh sé leis an bhád?" arsa Percy.

“A mhic mo chroidhe, fear ar bith a bhfuil sparán aige comh mór agus tá aige-sean, thig leis rud ar bith a dhéanamh sa tír seo. Mo chreach nach dtig linn imtheacht anocht, Seo Bhilí ag teacht anois agus aghaidh ain mar bhéadh bróg ann."

“Tá siad ag fagháil ár mbuaidhe, a Mhr. Maitland," ars' an seóltóir nuair a shuidh sé síos. “Tá an sean- rógaire sin Antonio, fear de na fir ar leó an bád, tá sé go díreach i ndiaidh a innse damh. Chuir duine éigin an t-iomrádh amach go bhfuilimíd ag dul go dtí Oileán an Aon-chrainn, agus níl aon fhear amháin a rachas linn. Deir siad go mb’fheárr leó a gcuid oibre do chailleadh ná dhul go dtí a leithéid de áit."


L 161

fad air, a Bhilí. Goidé an diabhal atáimíd ag dul a dhéanamh? Nach dtig leat aon duine 'fhagháil atá toil- teanach?"

Chraith an seóltóir a chuid guailneacha.

“Tá fhios agat féin goidé an cineál duine an dágó," ar sé. “Thig liom páighe dhúbailte a thairgsint daobhtha, ach tá eagla orm nach ndéanfaidh sin féin mórán maithe."

“Cad chuige a bhfuil sibh de fhear ar bith aca?" arsa Percy.

“Leis an inneall a oibriughadh, a bhómáin," arsa Jim.

“Go réidh leis na leas-ainmneacha, a James," arsa Percy. “Bhí mé go díreach ar tí a rádh, má fhaghaim-se dornán de na rúibíní breághtha mar sgiar de'n chiste, go nglacfaidh mé orm féin an chuid sm de’n obair a dhéanamh."

“Ach, a Phercy, an dtig leat?" ars' an cailín.

“An dtig liom an t-inneall sin a oibriughadh?" arsa Percy. “ Coisreacadh ar mo anam, a bhean udaidh, goidé an seórt duine a mheasann tú atá ionnam? Thiocfadh liom a oibriughadh agus mé in mo chodladh."

“Dar fiadh! a mhic," arsa Jim go suaimhneach, “rinne mé dearmad gur eólaidhe ar ghnaithe gluaisteán thú. Socruigheann sm an méid sin, a Bhilí. Tá siad ag obair leó ar an bhád go fóill, creidim?"

Chlaon an seóltóir a cheann.

"Tá. D'iarr mé ortha a críochnughadh,"

“Is í an cheist anois goidé mar gheobhaimíd imtheacht? Bí cinnte go bhfuil an bád faoi choiiheád ag an chneamhaire sm, Miguel."

“Caithfimíd seans a ghlacadh ar sin,” arsa Bhlackett.

"Seo an rud a mholfainn-se. I n-áit fanacht le solus an lae i mbárach, imtheóchaimíd comh luath i ndiaidh an
mheadhon oidhche a’s thig linn. An coimheádaidhe oidhche atá ar áit na mbád, tá mise mór leis, agus ní bhéidh moill orainn dul isteach. Leigfidh mé do Antonio a shílstean bhfuilimíd ag tabhairt suas an turais nuair nach dtig

L 162

linn innealtóir a fhagháil, agus caithfimíd ár ndóchas a chur san ádh."

Chraith Jim a cheann.

“Ní dhéanfaidh sin maith, a Bhilí. Bheirim isteach duit fá imtheacht sa dorchadas, ach caithfimíd cor fá chasán a chur ortha le n-a chois sin. Muna gcuiridh, béidh na sgiana amuigh. Caithfidh tusa agus Percy beag an bád a fhagháil réidh, fhad a's bhéidh mise agus Miss Draycott ghá dtarraingt-sean ar shiubhal. Téighimís uilig síos annsin anois, agus cuirimís tús ar an déagh-obair. Tchí sibh, creidim, fear d'ár gcáirde-an cneamhaire droch-dhaithteach sin sa chúmne. Tá sé ’ár gcoimheád mar bhéadh onchú ann."

Sgairt sé i nguth árd leis an dóirseóir carr sráide a fhagháil dó. Níor iarr sé dadaidh a cheilt ach órdughadh a thabhairt do'n tiománaidhe a dtábhairt síos go dtí áit na mbád.

“Anois," ar sé agus é ag dul isteach sa charr, “ní bhéidh sé de fhiachaibh ar ár gcaraid sinn a leanstan go ró-ghéar. D'aindeóin go gcreidim nach eisean an t-aon duine."

Nuair a shroich sé áit na mbád chuir sé fios ar Antonio, Labhair sé leis i dteangaidh Bhrazil, teangaidh a bhí aige go flúirseach, agus d’innis sé dó, gan cor ná fiacail a chur ann, goidé shíl sé de’n chomhlucht, de féin, agus dá chuid fear. Le linn an chomhráidh tharraing cúpla fear de na fir ní ba chomhgaraighe agus ní ba chomhgaraighe daobhtha.

“Ach, is cuma," ar sé fá dheireadh, “ó thárla nach leigeann an chlaoidhteacht do do chuid fear dhul linn, níl níos mó le rádh. Ní bhéidh feidhm agam ar do bhád. Fuair mé gléas eile le mo thabhairt go dtí an áit atá de dhíth orm-artharach Don Miguel. A Bhilí," d’órduigh sé, “Téigh ar bórd. Téigh thusa leis, a Phercy. Agus fanaigidh annsin," ar sé annsin faoi n-a anáil.

“Rádh a's de go bhfuil ár gcuid bhagáiste agus earraidhe le pacáil arís againn," ar sé, ag toiseacht i dteangaidh

L 163

Bhrazil arís, “agus sin siocair nach bhfuil aon fhear san áit a bhfuil croidhe ciaróige aige."

“Glacfaidh mé seans am i dtrátha an h-aon déag a chlog, a Bhilí," ar sé go h-íseal. Bhí réidh fá n-ár gcoinne. Thig leat an bád fhágáil tamall má mheasann tú iad a bheith ag éirghe amhrasach, ach bíodh gach rud réidh agat faoi sm. Tá mise ag dul arais 'un tighe ósta le cur leis an déagh-obair."

Bhí sé ar buile go fóill, má b'fhíor dó, agus é ag cuidiughadh isteach sa charr le Judy.

“Is é do chuid-se de'n chur i gcéill, a Judy," ar sé, agus iad ag tiomámt ar aghaidh, is é do chuid-se de'n chur i gcéill diúltughadh glan a dhul ar bhád Don Miguela Tá tú ag dul a fhanacht annseo i Rio go dtigimídine arais. Ná déan dearmad bomaite ar do pháirt. Níl fhios againn cé tá ag coimheád orainn. Ach má bhíonn ádh beag ar bith orainn féadaimíd a mealladh."

“Do bharamhail an rabh rún aige go fíor ár dtabhairt leis ar an bhád s' aca-san? " ars' an cailín.

“Ní rabh ar chor ar bith," arsa Jim ag gáiridhe. “D’fhuígfidhe i n-ár suidhe annseo sinn. Thig leat a beith cinnte nár chuir siad a leithéid seo de bhuaidhreadh ortha féin le dadaidh dá bhféadann a bheith ann a roinnt le duine a dtig leó déanamh gan é."

“Nach é bhéas iongantach, má fhaghaimíd dadaidh."

“Ná fág mórán ós a choinne, a Judy," ar seisean. “D’aindeóin go bhfuil mé féin fíor-dhóchasach. Ní dóigh liom gur daoine Miguel ná Dresler a chuireas am ná airgead amugha. Seo an teach ósta. Imir do chluiche anois comh maith a’s thig leat."

Agus rinne sise sin — go h-áirithe nuair a nocht an diúnlach droch-dhaithteach arís. Ní thabhairfeadh a bhfaca sí ariamh uirthi a dhul le Don Miguel, agus muna dtiocfadh le Jim aon duine a fhagháil leis an bhád a sheóladh, d'fhanóchadh sí i Rio. Sa deireadh chraith seisean a chuid guailneacha 

L 164

agus d'imthigh sé leis go dtí an táibhirne, 'á fhágáil i bhfiadhnaise Dé comh mí-réasúnta a's tá na mná. Thug sé órdughadh do'n doirseóir annsin goirm gutháin a chur ar Don Miguel. Rinne sé comhrádh fada leis an Don. Ní rabh fhios aige faoi an Rí cé leis a dtiocfadh innse cá rabh siad ag dul: ní rabh fhios ná ag Don Miguel. Ar chaoi ar bith, shocruigh sin an t-iomlán, agus rachadh sé le Don Miguel, rud a chuir áthas mór ar an fhear sin. D’fhág sé an bosca sa deireadh breágh sásta. Dar leis, nach díoghbháil bréag a mhillfeadh an cluiche air.

Rinne siad a ndinneár annsin, agus i ndiaidh am Dinneára ní rabh dadaidh le déanamh ach suidhe ag feitheamh.

Bhí an fear droch-dhaithteach ar shiubhal, ach bhí fir go leór eile sa tseomra, agus thiocfadh le fear ar bith aca a bheith ag déanamh a áite. Bhí a mbeart socruighthe aca, agus b’fhada leó go bhfaghadh siad dhul i n-a cionn. Ar an deich a chlog d’fág Judy a cathaoir.

“A Jim,” ar sí go h-aingidhe, “tá an teas seo creathnach. Nach dtig linn carr a fhagháil agus a dhul amach i n-áit éigin roimh am luighe?"

Tháinig méanfadhach air-sean.

“Tá sé cineál mall, a Judy, nach bhfuil?"

“Níl neart agam air. Ní bhfuighidh mé néall chodlata. Tiomámimís amach go dtí an áit sin a mbíonn siad ag snámh."

"Capacabana!" Bhí cuma air gur chuma leis. "Maith go leór."

Sgairt sé ar thimithire.

“Abair leis an doirseóir sráide fhagháil damh. Ba mhaith liom ruaig a thabhairt amach go Capacabana."

Gan mhoill ina dhiaidh tháinig an teachtaire arais a rádh go rabh an carr réidh.

Bhí siad leath bealaigh 'un na h-áite nuair a labhair Jim leis an chailín.

“Bhíomar rud beag ró-ghlic, a Judy," ar sé go h-íseal,

L 165

“sin ná ní rabhamar glic go leór. Ar chaoi ar bith, dhéanfaidh sé ár gcás níos deacra. Fear aca féin an tiománaidhe seo."

“Goidé an dóigh a bhfuil fhios agat?"

“Fá thuairim ceathramhadh go dtí an deich a chlog d'amharc mé ar an líne carr a bhí ós coinne an tighe ósta. Bhí an ceann seo ar tús. H-órduigheadh dhá charr eadar sin agus an deich. Cad chuige gur leig sé do bheirt eile dul roimhe"

“Goidé tá tú ag dul a dhéanamh? "

“Tchífidh tú ar an bhomaite," ar seisean. “Is mór an gar go bhfuil na carranna sráide annseo uilig fosgailte."

Thug sé órdughadh do’n tiománaidhe.

“Tá mé i ndiaidh iarraidh air tiomáint amach go bárr ar an taoibh eile de’n teach ósta," d'innis sé do'n chailín. “Agus nuair a rachaimíd an fad sin taisbeánfaidh mé duit cleas beag atá agam."

D'éirigh na soluis ní ba ghainne agus ní ba fhuide ó chéile, go dtí gur imthigh siad ar fad sa deireadh le sin d'iarr Jim ar an fhear stad. Bhí smaichtín beag goirid aige ma láimh. Choimheáid sise é agus an dubh-iongantas uirthi. D’éirigh sé ina sheasamh agus thug sé buille do'n tiománaidhe i gcúl an mhuineáil. Le sin thuit an tiománaidhe i n-a chnap ar urlár an charra.

“Ní do gach duine fhóireas acara mar seo, ar sé go suaimhneach, agus é ag cuartughadh giota de théad faoi an tsuidheachán. “D’fhéadfá duine do mharbhadh leis, muna mbeitheá cúramach. Anois codlóchaidh sé seo go sámh go cionn cheithre h-uaire, b’fhéidir; ach, ar eagla go ndúiseóchadh sé níos luaithe ná sin, tá sé comh maith againn a cheangal."

Tharraing sé amach píosa de théad, téad fá choinne bagáiste, do réir chosamhlachta, agus cheangail sé an tioinánaidhe. D’fhág sé ina luighe sa chlaidhe go deas é annsin, agus chuir sé nóta chéad “milreis" ma phóca.

L 166

Le sin léim sé féin isteach ina áit ar thosach an charra.

“Ní rabh neart air, a Judy," ar sé. “Ní bhfuighimís ar shiubhal go deó agus an fear sin i gcionn an rotha. Féadaimíd a dhéanamh anois, má bhíonn ádh orainn."

D'iompuigh siad arais bealach Rio, agus Jim crom ós cionn an rotha le n-a mhéid a cheilt. B'éigean daobhtha dhul fríd an phríomh shráid le dul go dtí an chéidh, agus badh é sin an áit a rabh an chontabhairt, nó daoine iad na píléirí san Avenida Rio Branco a bhfuil fios a ngnoithe aca. Ach bhí an t-ádh ortha. Níor stop aon duine an carr, agus cúpla bomaite roimh an h-aon déag stop sé ag áit Antonio.

Bhí cuma dhorcha uaigneach ar an áit, ach d'amharc sé thart go faithchilleach ar tús sul ar leig sé do Judy an carr a fhágáil. Bhí molltaí adhmaid annsin agus go leór barraillí a choinneóchadh sgáth maith ar aon duine a d’fhéadfadh a bheith dá gcoimheád. Ach bhí sé sásta sa deireadh, agus le sin bheir sé greim sgiatháin uirthi agus rith sé trasna léithe go dtí an geafta.

Bhí Blackett comh maith le n-a fhocal. Bhí an geafta fosgailte. Thug sé leis isteach Judy ar ghreim sgiatháin. Bhí an bád feistighthe, suas le sgór slat ar aghaidh agus bhí sé go díreach ag tarraingt uirthi nuair a thug sé fá dear bogadach éigin i n-aice le moll téadaí ar thaoibh na láimhe deise. Chuir sé Judy ar a chúl ar an bhomaite, agus sgairt sé rud éigin go h-íseal i dteangaidh Bhrazil.

Ní rabh de sheans aige ach é, agus ghlac cé é. Dá mba é Bhilí ná Percy a bhí ann, ní bhéadh dochar ann. Dá mba gur duine de'n námhaid a bhí ann, b'fhéidir go sílfeadh sé sa dorchadas gur duine de n-a bhunadh féin Jim. B'fhéidir, agus shíl. D'éirigh duine agus tháinig sé chuige.

“An é sin thusa, a Phedro?" ars' an duine.

Ceathramhadh bomaite ró-mhall fuair sé amach nárbh' é, D'fhosgail sé a bhéal le sgairt a leigint, ach ni tháinig fuaim ar bith as. Bhí ghreim cruaidh ag Jim ar a sgeadamán 

L 167

agus mhothuigh sé é fém dá thógáil mar bhéadh leanbh ann.

“Rith, a Judy, rith go dtí an bád," arsa Jim. “Tá tuilleadh aca."

Tharraing sé féin leis an fear agus thóg sé suas ar bórd é ag glugarnaigh agus ag plobarnaghail.leis. Thug sé fá dear as faoi n-a shúil solus i bhfogas do, agus chuala sé glór cainnte. Bhí an chuid eile de'n sgaifte ag imirt chárdaí. Le sm chuala sé roimhe sgread bheag ag an chailín. Bhí sí sa phromn seomra, an áit nach rabh ach coinneal amháin ar lasadh. Agus cé bhí annsin ceangailte suas i dhá chathaoir ach Percy agus Bhlachett!

“Ná fosgail do bhéal," arsa Jim. “Níl de sheans againn ach é. Faigh sgian amach as an chóisrín agus sgaoil iad. Sgaoil Bilí ar tús."

Níor leig an eagla dó a fhear féin a leigint as a ghreim bomaite ar eagla go sgairtfeadh sé, agus ba mhí-fhoighdeach a choimheáid sé an cailín ag gearradh na gceangaltán go dtí go rabh Bhilí saor.

“Sgaoil amach an bád, a Bhilí" ar sé. Má chaillimíd na téadaí féin, is cuma. Agus oibir amach ó thaoibh na céidhe í annsin."

“Tá fhios agam," ars’ an seóltóir, ag tabhairt rúide suas ar uachtar.

"A Phercy - seas thusa ag an inneall. Ach ’gheall ar an tsaoghal, ná toisigh go n-iarraidh mé ort.”

Chlaon a chol ceathar a cheann, agus le sin d’iompuigh sé thart.

“Go tapaidh, a Judy - caithfidh mise imtheacht agus cuidiughadh le Bilí. Bain mo chiarsúir as mo phóca agus sáith isteach i mbéal an chneamhaire sin é le cois na sgeine. Seachain do mhéara, nó cognóchaidh sé iad. Go maith! Anois píosa de'n téad sin. An dtig leat snaídhm reatha do chur? Maith an cailín thu! Cuir thart fá n-a uillinn é. Sin é an dóigh: dhéanfaidh mé cúir anois."

Theann sé an téad agus cheangail sé dhá sgiathán an

L 168

fhir ar chúl a chinn. Cheangail sé na glúine annsin. Nuair a bhí sé réidh chas sé an t-éadach tábla thart fá n-a cheann, agus chaith sé isteach i gcionn de na seomraí ar thaoibh na fairrge de’n bhád é.

"Fan thusa annseo, a Judy. Ná smaointigh ar a dhul suas ar uachtar."

D'imthigh sé go suaimhneach, agus chomhair a bheith gur bhuail sé féin agus Blackett i n-éadan a chéile.

“Tá sí sgaoilte," ars' an seóltóir, “agus má thig leat-sa clíc amháin bháid a thabhairt go deireadh, rachaidh mise 'un tosaigh leis an cheann eile,"

“Teastuigheann uainn dul fada go leór amach le gan iad a bheith ábalta léim a thabhairt," ar seisean, agus d'aontuigh an fear eile.

Do réir chosamhlachta, bhí an cluiche cárdaí ar siubhal go fóill nuair a chuaidh siad suas ar uachtar, agus bhí conspóid eadar na h-imearthóirí. Ach ba ró-mhaith a thuig Jim go rabh a sáith os a gcoinne. Fuair siad amach suas le sé throigh í, i riocht go rabh bealach glan roimpi amach ar an uisge dhomhain. Rinne Jim comhartha do Bhilí.

“Abair Percy a cur a dh'obair," ar sé, “agus gan fanacht le focal ar bith. Stiúrfaidh mise."

Sheas sé ag an rotha ag feitheamh go téirimeach. Le sin tháinig blosg as an inneall, agus thoisigh sé a cheól. Ní luaithe a thoisigh ná tháinig sgaifte fear ina rith amach go dtí taobh na céidhe agus gach aon rois dearg aca. Deich slata: fiche slat, agus le sin ghreamuigh sgian san urlár ag n-a chosa. Triocha slat: dhá fhichead - bhí leó, agus rinne sé gáire sásta.

“Goidé an dóigh a dtáinig siad ort, a Bhilí? " sgairt sé amach le Blackett, a bhí ag deisiughadh na solus.

“Tháinig suas le duisín aca ar bórd, agus tháinig siad orainn gan mhothughadh,” ars' an seóltóir.

An bomaite céadna sin a chui Percy a chloigeann aníos, "Cogar, a mhic ó," ar sé, “creidim go bhfuil fhios

L 169

agat gur isteach m mo sheomra-sa a chaith tú fear na súl meadhrach."

“Dar Fiadh!" arsa Jim. “Rinne mé dearmad glan air-sean. Sgaoil an rógaire, agus cuir aníos annseo é."

“Anois, a chneamhaire," ar sé nuair a tháinig an fear agus é ar crioth leis an eagla. “An bhfuil snámh agat?"

Dubhairt seisean nach rabh. Bhí fuath aige ar an uisge ó bhí sé ina leanbh.

“Goidé an donas atáimíd ag dul a dhéanamh leis, a Bhilí?" arsa Jim.

“Nigheadh sé na soithigh," ars’ an seóltóir. “Tá poll beag thiar i ndeireadh a dtig leis a nead a dhéanamh
ann.'’

“A thabhairt linn. ’Seadh : creidim go gcaithfimíd sin."

Le sin d'iompuigh sé thart agus labhair sé leis an fhear i dteangaibh Bhrazile

“Tá tu ag teacht linn; an dtuigeann tú? Agus caithfidh tú do dhíthcheall a dhéanamh agus a bheith garach. Nó má bhíonn faic na fríghde de thrioblóid agam-sa leat, ceanglóchaidh mé le téad thú ar dheireadh an bháid in do bhaidhte ag an iasg."